skip to main content

Na Féilte Tine: Imbolc - oidhreacht na spioradáltacht caillte againn?

Bhíodh nós againn mar threibh Ceilteach nó Atlantean dul ar oilithreachta ag tréimhsí difriúla bliana agus ag tréimhsí difriúla saoil, ag brath ar an nglaoch laistigh dínn. Ach bhfuil an oidhreacht sin caillte againn toisc brú comhaimseartha an lae inniu?

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Bébhinn Ramsey a bhfuil taithí aici ar dhul ar oilithreacht agus sásamh anama a fháil, agus tú ag siúl, ar an éileamh spioradálta a aimsítear ann.

An é an t-aistear nó an sprioc an bunús leis na hoilithreachtaí a dhéanaimid ar Caminos agus Bealaí an domhain, ar nós cinn Santiago, Bríghid nó Caoimhghín?

"Ní rud amháin ná rud eile ach an dá rud. Tá an t-aistear is an sprioc ana-thábhachtach. Is rud ana-phearsanta é oilithreacht. Uaireanta is é an t-aistear an rud is tábhachtaí – an tír dreach, na daoine lena bhuailimid, an deacracht."

"Bhí bean sa Mheiriceá agus 'Oilithrigh na Síochána' nó 'Peace Pilgrim' an t-ainm a thug sí di féin. Chaith sí 28 bliain ó 1953 ag siúl ó thaobh amháin go taobh eile Mheiriceá ag labhairt faoi síocháin."

Camino de Santiago i dtuaisceart na Spáinne agus na Portaingéile.

"Ní raibh sprioc soiléir aici ach gan dabht, bhí sí ar oilithreacht fada agus domhain agus bhí go leor taithí spioradálta aici. Uaireanta is í an sprioc an rud is tábhachtaí. Cuireann áiteanna mar Compostela, Cill Dara, Gleann dá Loch béim ar spioradáltacht mar chúis an aistir, tugann sé treoir agus eagrú don aistir agus cuireann an áit fáilte le chroí agus le chosa an oilithrigh ag an deireadh."

"Bhí an sprioc an-tábhachtach dom féin i 2008 nuair a rinne mé cuid den Camino de Santiago le mo bheirt mhac óg. Rinne mé an Camino uilig in 1999 nuair a bhí mé 23 bliain d'aois agus is i ndiaidh sin a bhuail mé le mo fhear chéile, Alastair."

"Bheartaigh muid an oilithreacht a dhéanamh le chéile am éigin ach fuair sé bás go tobann, sula raibh muid in ann. Nuair a bhfuair sé bás, ní raibh a fhios agam cad le dhéanamh. Bhí mé go hiomlán caillte."

"Tháinig an smaoineamh chugam filleadh ar an Camino agus a luaithrigh a thabhairt go dtí an sprioc, go Santiago de Compostela. Chuaigh an triúir againn, Tom a bhí 3 bliain d'aois, Liam a bhí bliain d'aois agus mé féin ar chuid den Camino Ingles."

"Nuair a tháinig muid go Santiago, bhí thábhacht mór ann cuid de luaithrigh Alastair a scaipeadh i lár páirc na réaltaí. B'í an sprioc an rud is tábhachtaí an uair sin."

"An rud is tábhachtaí ná an dearcadh nó meon lena dhéantar an oilithreacht; meon oscailte do na daoine, don tírdhreach, do na ceachta gur féidir linn foghlaim ag breathnú laistigh d'ár smaointe, d'ár mothúcháin, agus d'ár n-anam féin agus lasmuigh ar gach rud agus duine mórthimpeall orainn le linn an aistear agus ag an sprioc."

Báisín - siombal íocónach an Camino de Santiago.

Shiúil tusa Camino de Santiago ina iomláine, raibh tionchar aige sin ort nach raibh tú ag súil leis?

"Tháinig mé ar bháisín (blaosc mhuirín) nuair a bhí mé ag taisteal i bPeru. Bhí mé ag obair ag an am le cailín ó Phamplona. D’inis sí liom faoin Camino. Thosaigh mé an Camino i m’aonair, gan mapa, gan plean ar bith agus ní raibh a fhios agam cad a bhí ós mo chomhair. Bhí mé go hiomlán oscailte."

"D'fhoghlaim mé go tapaigh go bhfuil draíocht ag baint le siúl. Fiú oilithreacht do lá amháin cosúil le Slí Chaoimhín go Gleann Dá Loch, ag dul thar an tírdhreach do-chreidthe de sléibhte Chill Mhantáin, tá seans ag ár spiorad canadh go hard."

"Ach le h-oilithreacht níos faide, is mó an tseans againn dul níos doimhne fós. Mar shampla in Éirinn, tá Slí Dhéagláin ann - siúlóid 5 lá - agus Slí Bhríde - siúloid 9 lá."

"Shiúil mé Camino de Santiago agus mé 23 bliain d'aois. Ní raibh mé ag súil le rud ar bith. Ag an am sin, ní raibh an Camino chomh cáiliúil is a bhfuil sé anois."

Cúpla ag siúl i gcúige Lugo, Galicia na Spáinne, Spain.

"Ar an Camino, chaith mé mí iomlán ag siúl. An chéad tseachtain, smaoinigh mé ar mo shaol. Sa dara sheachtain ar an todhchaí, ag tús an tríú seachtain bhí eipeasóideacha de Friends ag casadh i mo cheann!"

"Ach i ndiaidh sin, tharlaigh rud éigin speisialta. Mhothaigh mé ionas go raibh mo chosa ag eitilt agus bhí mo chroí lán d'iontais. Bhí mé sásta gan chúis agus bhí teagmháil an-álainn, domhain agus lán de gháire agam leis na daoine agus leis an tírdhreach. Mhothaigh mé go mbeadh mé in ann siúl i gcónaí. Bhí blas beag dúiseachta spioradáltachta agam."

Cén drogall atá orainn gan an spioradáltacht a phlé, ainneoin go bhfuil sé daingnithe ionainn ón oidhreacht i bhfad siar?

"Is beag a labhraítear faoin spioradáltacht in Éirinn, i mo thaithí féin. Rugadh mé i 1976 agus ní labhraíomar mórán faoin spioradáltacht agus mé ag fás suas."

"Is Caitliceach a bhí ionat nó Protastúnach agus sin é. Is ábhar coimhlinte a bhí ann. Laistigh den eaglais caitliceach, bhí béim ar chreidiúint ach gan an reiligiún a cheistiú nó an spioradáltacht a phlé. Ceapaim nár fhoghlaíomar conas labhairt faoi agus leis an ábharachais a bhfuil tagaithe chun cinn in Éirinn, agus na scannal san eaglais, ní raibh spioradáltacht curtha chun cinn."

"Áit a mbíodh íomhá Croí Ró Naofa i dteach ár dtuisti, anois tá grianghraf proifisiúnta don chlann i t-léinte bána."

"Bíonn daoine in Éirinn nach bhfuil spioradáltacht beo acu ag cuir a pháistí chun a gcéad comaoineach agus a gconeartaithe a dhéanamh, gan smaoineamh go domhain ar an spioradáltacht atá i gceist. Do go leor daoine, is rud bainteach leis an gcultúr in áit don spioradáltacht atá ann. Sin mo thuairimse ar aon chur."

"Caithfimid aire a thabhairt nach dtarlaíonn an rud céanna leis na feilte tinte, go bhfuil siad mar ceiliúrtha cultúrtha amháin gan spás don spioradáltacht. Is cuimhin liom agus mé óg go ndearfadh mé paidir as Gaeilge gach oíche leis na focail – 'cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar nós Íosa agus gan peaca a dhéanamh arís - Amen.'"

"Nuair a d’fhás mé, thuig mé go raibh an sprioc soiléir agam ach níor thug an t-eaglais caitliceach na huirlisí dom chun Íosa a spreagadh i mo chroí. Ach mothaím go bhfuil rudaí ag athrú. Tá daoine ag mothú go bhfuil rud éigin in easnamh."

"Tá spioradáltacht de shaghsanna éagsúla ag teacht isteach sa tír, rud eile maith a thagann leis na heachtrannaigh sa tír. Mar shampla, tá áiteanna Búdacha mar Dzogchen Beara i gCo Ciarraí agus Sunyata i gCo an Chláir. Tá ‘Mindfulness’, le tionchair Búdachais, i ngach ait."

"Tá scoileanna Steiner i gCo Chill Dara agus i gCo an Chláir, ait a bhfuil spioradáltacht beo san oideachas. Tá daoine ó Mheiriceá Dheas ag spreagadh a spioradáltacht dúchasach anseo in Éirinn."

"Tá daoine ag filleadh ar an págántacht in áiteanna mar Páirc Dún Doire i gCo an Mhi, Slí an Chroí agus go leor áiteanna eile. Is breá liom go bhfuil daoine ag filleadh ar na hoilithrigh agus na tobair chomh maith. Sin páirt ana-speisialta dár n-oidhreacht."

"Tá an spioradáltacht ar Shlí Bhríde mar shampla ana-thábhachtach. Tá mór ghrá agam do John Moriarty agus a iarrachtaí athbhreith don traidisiún Críostaíochta a fhuascailt sa tír agus is breá liom go bhfuil ócáid bliantúil ag tarlúint anois chun a smaointe a scaipeadh."

"Is breá liom an podcast a bhfuil ag Tommy Tiernan chomh maith – ag cur an comhrá faoi spioradáltacht ár dtraidisiún féin chun cinn. Tá spioradáltacht beo daingnithe ionainn ón oidhreacht i bhfad siar agus tá an spioradáltacht dúchasach sin ag éirí arís."

Tá leabhair le Bébhinn faoi oilithreacht a dhein sí i Meiriceá Theas ar fáil anseo.

Bíonn obair ar siúl aici freisin le Wild Eala chun nasc spioradalta a chur chun cinn i gCill Mhantáin.

Beidh Na Féilte Tine: Imbolc ar siúl ar an Luan 3 Feabhra ag 6.30i.n. ar RTÉ One.