Amhránaithe óga na hÉireann á lorg le h-ionadaíocht a dhéanamh ar an stáitse domhanda san iomaíocht don amhrán is deise i gcomórtas cheoil an Junior Eurovision 2025.
Tá Junior Eurovision Éire AR AIS agus táimid ag ceiliúradh 10 mbliana ar an ardán mór i mbliana. Tá an Junior Eurovision Song Contest ag tabhairt ardáin le deich mbliana anois d'amhránaithe óga Éireannacha chun gur féidir leo an bua iontach atá acu a roinnt leis na milliúin daoine sa gcomórtas ceoil is mó ar domhan do dhaoine óga.
Beimid ar ais ar an mbóthar i mbliana do na héisteachtaí náisiúnta agus tá súil againn go n-éireoidh linn amhránaí na bliana seo a aimsiú.
An tusa a bheidh ann?
Más rud é go mbeidh tú idir 9-14 bliana d'aois faoi Fhómhar na bliana 2025, seo do sheans!
Is féidir iarratas a dhéanamh ANOIS!

Leanfaimidne, thar thréimhse 6 seachtaine ar TG4, aistear an deichniúir amhránaithe is fearr de réir mar a bheidh ár moltóirí mór le rá, daoine a bhfuil cáil orthu i measc lucht Eoraifíse, ag cur iomaitheoirí abhaile go dtí nach mbeidh fanta ach iomaitheoir amháin - is é sin, an té a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn i gcomórtas amhránaíochta Junior Eurovision!
Téigh chuig Junior Eurovision ANOIS chun d'iarratas a chur isteach!
Dé Luain an 17 Feabhra an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais