skip to main content

Rosc Catha na Mumhan - The song behind the Wolfe Tones' Tans ballad

Torann na dtonn!
Torann na dtonn!

Le liricí scríofa ag deartháir Breandán Ó Beacháin, Dominic, ar fhonn cumtha ag Piaras Mac Gearailt san 18ú hAois a sheineann Seacabíteach agus Dílseoirí King Billy araon, tá an scéal iomlán ag Aistear an Amhráin ag 7.30i.n. ar RTÉ 2 anocht.

With lyrics penned by Brendan's brother Dominic Behan on a tune composed by Piaras Mac Gearailt in the 18th Century used by both republican Jacobites and Orangemen Aistear an Amhráin, presented by Sinéad Ní Churnáin, tells the story.

Dominic Behan rehearsing in London for an Edinburgh Festival folk show, 1963.

Written by a Dub in the working class inner city of the 1960's on a tune composed more than 100 years previously in East Cork, played in English as 'Come Out ye Black and Tans' by the Wolfe Tones and as 'The Boyne Water' by Loyalists celebrating the routing of King James II in 1690.

As Kneecap have shown - the two communities in the North have more in common than separates them.

Could Rosc Catha na Mumhan replace Amhrán na bhFiann as the National Anthem of the Ireland should a border poll deliver a United Island? Think of those big lambegs pounding it out!

Leagan Gaeilge na Wolfe Tones.

Can leat!

D'aithníos féin gan bhréag ar fhuacht
'S ar anfa Thétis taobh le cuan
Ar chanadh na n-éan go séiseach suairc
Go gcasadh mo Shéasar glé gan ghruaim

Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
'S dá maireann go dubhach de chrú na mbua
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann ar cuairt


Tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin
Ní taise don ré, ní théann fé neoil
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil
Nach fada bheidh Gaeil i ngéibheann bróin

Measaim gur súbhach don Mhumhain an ceol
'S dá maireann go dubhach de chrú na dtreon
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann fé sheol


Tá Aoibheall ar mire agus Áine óg
agus Clíona an bhruinneal is áilne snó;
táid mílte agus tuilleadh den dtáin seo fós
dá sníomh le buile gur tháinig an leon.

Measaim gur subhach don Mhumhain an ceol
is dá maireann go dubhach de chrú na dtreon
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann 'nár gceann fé sheol.


Is annamh dom maidin ar amharc an lae
Ná bainim chum reatha go farraige síos
Mo dhearca dá leathadh ag faire de shíor
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slí

Measaim gur súbhach don Mhumhain 's gur binn
'S dá maireann go dubhach de chrú na rí
Torann na long ag scoilteadh na dtonn
Ag tarraingt go teann 'n-ár gceann gan mhoill


Cruinníodh gach duine d'fhuil Mhíle thréin
go ritheann 'na chuisle den bhfíor-fhuil braon,
do milleadh le dlíthe is do crádh le claon,
go mbuailfidh sé buille le báire an tséin.

Measaim gur subhach don Mhumhain i gcéin
is dá maireann go dubhach de chrú na dtréan
torann na dtonn le sleasaibh na long
ag tarraingt go teann 'nár gceann le faobhar.

Boyne Water na ndílseachtaigh á sheinnt ag Robin Petrie agus Shelley Phillips

Athchraoladh den chéad sraith ag Aistear an Amhráin, ag tosnú Dé Máirt, 7.30i.n., RTÉ 2.