skip to main content

Learning Irish with Píosa Me

Bhunaigh Stephanie Ní Chonchúir an grúpa shóisialta Gaeilge Píosa Me ag tús na bliana seo caite chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile tré Ghaeilge. Tá an bhéim aici imeachtaí a chur ar fáil atá sláintiúil agus nach gá gur sa phub ag ól atá.

Stephanie Ní Chonchúir - fiontraí óg na Gaeilge.

Tá os cionn 2,000 leantóir ag Stephanie anois ar Instagram agus 850 duine ar ghreásán What'sApp - ach tá foth-ghrúpaí laistigh de sin ag brath ar cén leibhéil Gaeilge atá agat.

Tá grúpa eile ann dóibh siúd atá fé 18 - a bhformhór i mbun Ardteiste - agus os cionn 300 duine sa ghrúpa áirithe sin cheana féin.

Agus anois tá Stephanie ag tabhairt cuireadh do dhaoine dul ar thuras thar oíche go Feirm Asail i gCondae an Dúin, áit, mar a tharlaíonn sé, go bhfuil an úinéir féin ag iarraidh cur lena chuid Gaeilge.

Feirm asail teirpeapúil atá i gceist le Kinedale Donkey Farm a bhunaigh Robert Wallace, áit a bhfuil 26 asail ar fad aige fé láthair.

Más spéis leat Donkey Treks, Goat Meditation agus Cuddle Sessions leis na hainmhithe agus cur le do chuid Gaeilge, seans maith gur duitse an turas seo!

Tá Píosa Me ag dul go Condae an Dúin ar an 1 lá Márta, tuilleadh eolais faoin turas anseo.