skip to main content

Súil siar agus chun tosaigh i 'Teacht Aniar' Ní Chinnéide

Roghnaithe mar Leabhar na Míosa ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, is cnuasach atá in Teacht Aniar atá ag cur thar moill le saothar Dairena Ní Chinnéide ón mbliain 2004 go seo, mar aon le 30 dán nua, a léiríonn nach bhfuil aon maolú ar a faobhar.

Sna dánta seo - 'Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua' - faigheann muid blaiseadh den draíocht bhaineann, imir de scamaill an dorchadais, insint ar thóraíocht na sláinte intinne agus go leor eile, ó fhile atá ag saothrú fé ghuth na mban agus na máthar, agus a spíonann an saol mar a shamhlaítear di é.

Labhair sí le RTÉ.ie/Gaeilge fén gcnuasach agus na foinsí as a fháisctear na dánta.

Is dócha gur clocha bóithre id shaol iad cuid mhaith acu seo atá roghnaithe agat?

"Bhuel, is dócha go bhfuil cuid mhaith scríte agam le fiche bliain agus ag féachaint siar is dócha gur fhásas mar dhuine is mar bhean."

"Tá an leanúnachas san ón luathmháithreachais go dtí an mheánaois agus an t-athrú saoil ann, mar sin is dócha gur cloch-mhílte go pointe áirithe is ea iad. Dánta pearsanta atá sa chuid is mó atá scríte agam, formhór acu uilíoch chomh maith. Is dócha go bhfuil sé difriúil anois fiche bliain níos déanaí, cinnte."

Tá an dúlra agus an láthair ana-thábhachtach duit mar théamaí, idir cheantracha ar fud na hÉireann ach go háirithe in Iarthar Duibhneach?

"Tá, mar is ann atáim lonnaithe. Ní féidir liom gan iospráid ón dúthaigh atá timpeall orm, an dúthaigh inar tógadh mé agus a bheith ag machnamh is ag féachaint ar an nádúr. Tá sé sin coitianta trén gcnuasach chomh maith mar téann sé sin i bhfeidhm go mór orm."

Thairis sin tá an phearsantacht a luann tú le rian sna dánta des na rudaí atá gar don croí ionat – cúrsaí seirce, meoine, agus an streachailt le ceisteanna 'mhóra' an tsaoil?

"Is dócha, sin an saghas duine mé, ach chaithfinn a rá go láidir gur uilíochas an sprioc a bhí agam im chuid scríbhneoireachta, cé go mbfhéidir go mbeadh snas pearsanta curtha ar chuid acu."

"Is dánta machnamhach, oscailte uilíoch iad gur féidir le mórán daoine ceangal isteach in san meoin agus go leor daoine a bheadh, abair, ag leanúint an scéal sin mar gheall ar an meoin pearsanta, an ísle bhrí, an ardú croí, mar gur sin cuid díomsa."

"Tá súil agam go ndealraíonn sé isteach go dtí saol i bhfad níos mó ná mé féin."

Gan amhras gurb shin an sprioc agus gurb shin an botún a dhéanann mo leithéidse ag iarraidh a fháil amach ‘Is this about you?’! Maidir leis na dánta nua atá cumtha agat agus atá foilsithe anseo, bhfuil difríocht ionta thar na cinn a scríg tú ag dul siar?

"Is dócha go bhfuil an stíl scríbhneoireachta forbartha ó na luath dánta chomh maith. Tá tríocha dán nua ann agus tá sé sin tábhachtach domsa go bhfuil meascra dánta i gceist, gur rogha pearsanta dánta ón aon-chnuasach déag a chuaigh roimis."

"Tá fás ansan agus tá scáil sna dánta nua ins an fás atá inmheánach agus seachtrach. Cuid acu is dánta ómós is ea iad do dhaoine atá ana-mheas agam ortha cosúil leis an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, daoine ar nós Steve Cooney, Sinéad O’Connor agus a leithéid. Ach an chéad dán ins an chuid den leabhar atá nua ná ‘Mairim Beo’ agus sin an ráiteas is láidre ar mhaith liom a theilgean. Táim fós anseo."

Beidh na scoláirí Máirin Nic Eoin agus Peter Weakliam i mbun 'Teacht Aniar' a phlé ar an Déardaoin 30 Eanáir ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock.

Seolfar Teacht Aniar ar an 31 Eanáir ag a 6i.n. in Amharclann an Druid sa Ghaillimh, ar an 17 Feabhra ag a 6i.n. in ionad James Joyce ar Shráid Seoirse Thuaidh, Bleá Cliath agus ar an 20 Feabhra ag Scoil Cheoil an Earraigh ag a 4i.n. i dTigh Bhric ar an mBuailtín.

Tá 'Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua', foilsithe ag Éabhlóid, ar díol anois.