Sa bhliain 1947, sa tréimhse iarchogaidh, éalaíonn Lázló Tóth (Adrien Brody) – Giúdach agus ailtire aitheanta ón Ungáir – ón anfhorlann san Eoraip chun saol nua a thosú sna Stáit Aontaithe.
Feicimid an meascán casta idir an gliondar agus an t-uaigneas a mhothaíonn sé agus é ag tosú amach, é saor ó bhaol an chogaidh anois ach é ina aonar, gan a bhean chéile, Erzsébet (Felicity Jones) agus a neacht, Zsófia (Raffey Cassidy), tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile in aghaidh a dtola nuair a cuireadh i gcampa géibhinn in Buchenwald iad.
Tar éis do Lázló tamall a chaitheamh ag obair go crua mar oibrí láimhe i Meiriceá, cuirtear in aithne é d'fhear gnó agus milliúnaí darb ainm Harrison Lee Van Buren (Guy Pearse) a iarrann air struchtúr ollmhór – ionad pobail – a thógáil in ómós dá mháthair a fuair bás le gairid.
Is deis iontach í agus glacann Lázló go fonnmhar leis an tairscint; ach cé go ndúisíonn an tionscadal splanc inspioráide agus cruthaitheachta ann, cruthaíonn sé dorchadas agus fulaingt ina shaol chomh maith.

Is carachtar an-chasta é Harrison a bhfuil caidreamh fíorchasta aige le Lázló. Ar thaobh amháin, tá meas mór aige ar a thallann mar ailtire agus ar a chuid oibre agus is eisean a chuireann tús leis an bpróiseas chun a theaghlach a thabhairt le chéile arís; ach ar an taobh eile, is duine é a chaitheann drochmheas air go rialta mar gheall ar chúlra Lázló mar dhídeanaí.
Is duine é Harrison atá an-tógtha le cumhacht agus déanfaidh sé pé rud atá ag teastáil chun Lázló a choinneáil faoi chois. Is duine teasaí é a thugann bata agus bóthar do Lázló níos mó ná uair amháin tríd an scannán, ach meallann an tionscadal ar ais chuig a chéile iad arís is arís eile, ag cruthú fadhbanna idir Lázló agus Erzsébet, bean láidir agus oilte nach bhfuil muinín aici in Harrison.
Scrúdaítear an caidreamh idir Lázló agus Harrison tríd an scannán, ach caitear solas ar an gcaidreamh casta idir Lázló agus Erzsébet freisin. Tá an bheirt acu tar éis uafáis an chogaidh a fheiceáil agus an-chuid cruatain a fhulaingt, agus tar éis dóibh blianta fada a chaitheamh scartha óna chéile, ní mór dóibh iarracht ollmhór a dhéanamh splanc an ghrá a lasadh arís eatarthu. Athraíonn cogadh daoine, agus caithfidh siad aithne a chur ar a chéile arís.

Déanann Adrien Brody sárjab ina ról mar Lázló. Is carachtar iomlán inchreidte é agus cé nach bhfuil sé foirfe agus go bhfuil lochtanna éagsúla ag baint leis (andúil i ndrugaí, mar shampla), fanann an lucht féachana go hiomlán taobh thiar de ó thús go deireadh an scannáin.
Tríd an gcarachtar seo a chruthú, éiríonn le scríbhneoirí an scannáin, Mona Fastvold agus Brady Corbet (atá ina stiúrthóir freisin) an nasc idir an fhulaingt agus an ealaín a léiriú sa chaoi go bhfaigheann Lázló inspioráid ón tréimhse a chaith sé sa champa géibhinn chun foirgneamh a tharraingíonn clú agus cáil air a chruthú, ar deireadh.
Is sárscannán é seo a bhfuil duaiseanna éagsúla bronnta air cheana féin agus tuillte go maith aige, a fhágfaidh a rian ar an lucht féachana. Ar an taobh teicniúil de, ní mór an chineamatagrafaíocht a mholadh. Is scannán é atá le feiceáil in 70mm seachas an gnáth 35mm, teicníocht a bhí go mór chun tosaigh sna caogaidí agus atá in úsáid anseo chun spiorad na tréimhse atá á léiriú sa scannán a chur in iúl, maille le ceiliúradh a dhéanamh ar na híomhánna ailtireachta.

Is scannán é a chruthaíonn teannas ón gcéad radharc, a osclaíonn le scáileán dubh agus ceol láidir agus drámatúil a chuireann bonnán aer-ruathair i gcuimhne dúinn agus a sheasann don saol a bhfuil Lázló ag éalú uaidh.
Fágtar roinnt ceisteanna gan freagraí ag an deireadh, a spreagann muid chun ár gcuid freagraí féin a lorg.
Ní thuigimid i gcónaí cad atá i ndán do na carachtair agus cuireann sé sin míshuaimhneas orainn. Is teicníocht fhíor-éifeachtach í chun ár n-aird a choinneáil. Fiú nuair a bhíonn cúrsaí ag dul go maith i saol Lázló, bíonn an guth beag i gcúl ár n-intinn ag meabhrú dúinn go bhféadfadh gach rud atá cruthaithe aige – go fisiciúil agus go meafarach – titim as a chéile go tobann.
Meallann an scannán isteach muid i saol Lázló agus coinníonn sé greim daingean orainn go dtí an nóiméad deireanach. Cé gur scannán fada é (215 nóiméad le sos 15 nóiméad i lár an scannáin), tá substaint i ngach uile radharc agus gach uile comhrá a choinníonn aird an lucht féachana go dtí an deireadh.

Tá scéal á insint sa scannán seo, scéal atá cumhachtach agus tábhachtach, scéal a bhfuil ceachtanna le foghlaim uaidh faoi chúrsaí féiniúlachta, creidimh agus ciníochais. Cloisimid go minic faoin 'aisling Mheiriceánach’ agus seo an idé-eolaíocht a mheallann Lázló chuig na Stáit Aontaithe ar an gcéad lá.
Fiú má éiríonn go maith leis ina shaol gairmiúil ar deireadh, áfach, beidh costas mór pearsanta i gceist. An fiú é? Níl a fhios agam. Rud amháin atá ar eolas agam, áfach, ná go bhfuil ardmholadh ag dul don scannán dochreidte seo. Is fiú go mór é a fheiceáil.
Osclaíonn The Brutalist sna pictiúrlann amárach.