Tá séasúr Sheachtain na Gaeilge linn, uair go gcuirtear iallach ar daoine - cathú orm - fáilte roimh daoine an cúpla focal a úsáid gan imní judgíochta ná síor-cheartúcháin na bhFíor-Ghael ach go meallfar iad isteach fé blaincéad compórdach na Gaeilge.
Chuige sin tá saothar na laoch déanta ag Conradh na Gaeilge arís mar is dual agus an chipín a lasadh fé thine Seachtain na Gaeilge 2025 le Energia ag ócáid i lár an Ardchathair ag a raibh Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i láthair.

Siad baill an léinn ghrinn Julie Jay, Shane Daniel Byrne agus Michael Fry - Ambasadóirí 2025. Chuaigh RTÉ.ie/Gaeilge chun cainte leo féachaint cad iad na dualgaisí atá anois ortha. D'iarr muid ar dtús ar Shane Daniel Byrne raibh sé dírithe ar 'making Gaeilge fun again'?
"I think it's getting cool more than fun. We're supposed to be thinking of our funny focail agus a bheith greannmhar but I think it's getting cooler, it's trendy and I'm willing to be part of anything that's trendy."
"And now that I have this Ambassaóir role, now I have to. be one of those people that in my normal life or in my podcast I'll throw in some things as I do sometimes or on stage, even if its just to stop during the gig to say 'Conas tá sibh, bhfuil muid alright?'"
Cad é an funny focal agat féin?
"Dúirt mé fear grinn, because I thought it was a funny little direct word as in my job it is like being a fear grinn, a funny man. Without the make-up but sometimes I feel like a clown and sometimes people will call you a clown on your Instagram comments."

"Ba mhaith liom aon seans a bheith agam mo Ghaeilge a choimeád suas," a dúirt Michael Fry, atá ag filleadh mar Ambassadóir don tarna huair. "Learning language is like a muscle, if you don't use it you kinda lose it."
"Is féidir liom í a léamh ach ní féidir liom caint," arsa sé i nGaeilge líofa. "So I'm taking every opportunity I can to just get involved a bheith im fhuirseoir le Gaeilge."
Agus cad é an dúshlán a tugadh duit, nath nó focal ar leith a úsáid?
"Roghnaigh mé an focal 'Francach' mar gur 'Rat' agus 'Frenchman' atá ann as Béarla. I really like that whoever it was who had a grudge against the French was able to imbed that grudge permanently into the Irish language."
Tá Julie Jay ag cur fúithí fé láthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, rud a thaitníonn go mór léi, cé go gcruthaíonn sé deacrachtaí dá ngairm mar fhuirseoir nuair a bhíonn gá le taisteal ar fud na tíre. Ach is trádáil tairbheach atá ann ó thaobh bheith ina cónaí i measc pobal chruthaitheach Gaeltachta breac le healaíontóirí de gach saghas.
Sé n'fheadar an funny focal a roghnaigh sí féin.
An Múinteoir Julie Jay
"An rud is maith liom fé 'n'fheadar' ná gur féidir é a úsáid an t-am ar fad. Tugann sé am duit má chuirtear ceist ort nach bhfuil freagra agat uirthi, teacht suas le rud éigin. Agus chomh maith leis sin tá roinnt focal sa Ghaolainn agus ní féidir leat aistriúcháin díreach a dhéanamh air."
Ar nós 'feicfimid linn' muintir Chonamara, 'manyana' na Spáinnigh.
"Díreach é, thá rud éigin saghas ar leith ag baint leis."
A bh'fheadaraís ach go bhfuil an cheart aici.
Lean Julie Jay anseo, Shane Daniel Byrne anseo agus Michael Fry anseo.