Ó Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga go h-ainmniúcháin do Ghradam Academy of Motion Pictures Arts and Sciences na bponcánach tá aistear éachtach siúlta ag Kneecap. Tá an scannán ar ais sa phictiúrlann arís Dé hAoine.
Beidh KNEECAP ar ais i bpictiúrlanna na hÉireann Dé hAoine seo, 24 Eanáir, bliain ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Sundance. Tagann an t-atheisiúint sna sála ar an rath iontach a bhí ar an scannán, le 17 IFTA agus sé ainmniúchán BAFTA an tseachtain seo caite. Tá KNEECAP ina chnámh spairne freisin do dhá ainmniúchán do Ghradam® an Acadaimh, agus tá an gearrliosta le nochtadh níos deireanaí an tseachtain seo.
An chéad scannán Gaeilge a bhí ar an sceideal ag Féile Scannán Sundance riamh - bhí Róisín Ní Mhaoláin i láthair do première 'Kneecap' i mBaile Átha Cliath sa Lighthouse Cinema i Mí Lúnasa.
Rinne mise mo dhícheall gan aon rud a léamh faoin scannán ‘Kneecap’ sular shuí mé i mo shuíochán sa phictiúrlann, atá lonnaithe i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath, ach is léir nach raibh mé réidh don eispéireas a bheadh i gceist leis an scannán ‘Kneecap’.
Chuir mé aithne ar an mbanna ceoil Kneecap don chéad uair agus iad ar stáitse ag Féile na Gealaí nuair a bunaíodh an fhéile i gcroílár Ráth Chairn Ghlas na Mí. Agus is maith is cuimhin liom Rónán Mac Aodha Bhuí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag seinm a gcuid amhrán nuair nach raibh aon rud ar nós C.E.A.R.T.A. cloiste ag aon duine roimhe sin.

Bhain an triúir clú agus cáil amach ag cruthú conspóide agus iad i mbun poiblíochta don chéad cheirnín leo, 3CAG in 2018. D’eisigh siad an t-albam Fine Art in 2024 agus anois tá siad i mbéal an phobail go láidir ag féilte ar nós Sundance agus Fleadh Scannán na Gaillimhe.
Faoi stiúir Rich Peppiatt, chruthaigh Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap), Liam Óg Ó Hannaidh (Mo Chara) agus JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) scéal atá barúil, spraíúil, brónach, ceolmhar agus polaitiúil ar bhealach nach mbeifeá ag súil leis.
Sa scannán, insítear trí scéal éagsúil le triúr daoine, le beagán den draíocht sin a bhíonn le feiceáil in aon scannán a léirítear in Hollywood.
Cuirtear tús leis an scannán le seanchairde, Naoise agus Liam Óg ag díol drugaí. Ghabh na póilíní Liam Óg ach diúltaíonn sé Béarla a labhairt agus, dá bhrí sin, cuirtear fios ar ateangaire. Is ag an bpointe seo a chuireann muid aithne ar JJ, ar múinteoir scoile é le post buan atá ina chónaí lena chailín Caitlín (Fionnuala Flaherty).
Nuair a thagann JJ isteach chuig an stáisiún mar ateangaire, is ansin a chuirtear tús le scéal Kneecap. Cónaíonn Naoise lena mháthair (Simone Kirby), bean atá ag streachailt le himní agus leis na himpleachtaí a bhain le hathair Naoise á dtréigean. Maidir le ‘Arlo’ (Michael Fassbender), athair Naoise, bhailigh sé leis agus chuaigh sé i bhfolach ar na póilíní le blianta fada chun téarma príosúnachta a sheachaint. Mar chuid den ghlúin a thugtar na ‘Ceasefire Babies’ orthu, tá deacrachtaí ar leith ag Liam Óg agus Naoise agus cé go bhfuil dúshláin ag chuile charachtar sa scéal seo, téann siad uile i ngleic leo ar bhealaí éagsúla. Is é seo an chéad scannán fada ag Rich Peppiatt.

Le neart cainte faoi na Gradaim Oscars cheana féin, is léir gur scannán cumhachtach an scannán seo, ní hamháin sa bhaile ach ar fud fad na cruinne. Easaontaíonn an scannán seo, amhail an scannán ‘An Cailín Ciúin’, leis an nóisean sin gur ionann gach scéal Gaeilge agus go bhfuil insint déanta ar gach scéal Gaeilge cheana féin. Is ábhar dóchais dúinn ar fad go bhfuil éagsúlacht san earnáil scannánaíochta sa tír seo. Cá bhfios céard atá in ann don scannán seo agus na scannáin a bheidh ag tógáil ar an móiminteam atá cruthaithe dá bharr. Más Gael thú, agus fiú mura bhfuil agat ach cúpla focal, caithfidh tú an scannán seo a fheiceáil ar an scáileán mór - is eispéireas ar leith an scannán seo agus beidh tú leagtha ag gáire agus lán le bród. Dorn san aer!
Tá an scannán Kneecap ar thaispeáint go náisiúnta in onóir na héachta agus ar son airgid breise.