Agus ceiliúradh Imbolg agus Bandia an Naoimh Bhríde ag druidim linn tá an tarna chlár sa tsraith Na Féilte Tine, sé sin Imbolg, le craoladh ar an Luan Lá Saoire Bainc. Díríonn an chlár ar mar a cheiliúrtar an ócáid i measc pobail éagsúla na tíre.
Ar cheann de na pobail sin tá muintir Chluain Dolcáin, baile uirbeadh in iarthar Chondae Átha Cliath, áit a bhfuil breac-Ghaeltacht lonnaithe le fada an lá.
Mhínigh Bríd áitiúil, Breeda Boner, atá lárnach sna himeachtaí a eagraítear le linn na Féile Bhríde, do RTÉ.ie/Gaeilge na bealaí éagsúla a mbíonn an pobal ann ag ceiliúradh gach bliain.

Cathain a thosaigh sibh ar an gCeiliúradh?
"Thosaigh ár gCathaoirleach Caitríona Leavy Breslin a oilithreach bliaintiúil i 2016. Bhuail sí le Dr Karen Ward ar líne agus tá ár Féile ag fás is ag dul i méid ó shin."
"Tá Tobar Bhríde i gCluain Dolcáin ar feadh na céadta bliana agus bhí dílseacht agus deabhóid do Naomh Bríd anseo i gcónaí. Tá Coláiste Bríde againn, Bóthar Naomh Bríde, Bridgets Cottages, agus Brideswell Commons againn anseo."

"Bhí Cluain Dolcáin i gcónaí ar an bpríomhbhothair ó thuaidh go Cill Dara gus is maith linn machnamh a dhéanamh ar Bhríde ag tógáil sosa anseo chun ár dtobar a bhunú."
"Bhí cúpla féile móra againn roimh na pandéime agus níor chuir an phandéim sin stop linn. Leanamar orainn, gan aon dlí a bhriseadh."
"Tá an Féile ag dul i méid, bliain tar éis bliain."

Cad iad na téamaí a bhíonn chun cinn?
"Maidir le Bríde de is Naomh agus Bandia í, tá sí ann do gach duine. Baineann an Fhéile leis An tEarrach, leis an Athbheochan agus an cheiliúradh an tsean-aimsir, Imbolg."
"Bíonn Oilithreach ar siúl againn ó lár na Cathrach a thosnaíonn ag Sráid Stanhope le beannacht ó Sister Stan."
"Siúlaimid cois abhann agus uisce agus trí glaise nuair is féidir linn, abhaile go Chluain Dolcáin."

"Buaileann daoine linn ar an tslí agus bíonn slua mór chun fáilte a chur romhainn nuair a shroicimid limistéar Chluain Dolcáin. Teimid go dtí an tobar agus bíonn na deasghnátha a bhaineann le Bríd againn ansin."
"Téann daoine tríd an ciorcail tuí chun beannachtaí a fháil don bhliain nua agus chun an seanbhliain a fhágail inár ndiaidh."
"Dóitear na sean Bridgets crosses agus beannaítear daoine le uisce ón dtobar agus deirtear go bhfuil cumhacht i leith ann maidir le tinneas súl. Bíonn na sluaite móra ann agus bíonn ceol agus paidreacha agus craic againn."

"I ndiaidh an tobar tá fáilte roimh cách i CLG na Cloigthí. Tá béile le fáil agus ceardlanna is léachtanna. I mbliana tá ceardlanna chun Croiseanna Bhríde a dhëanamh agus ansin seisiún le Candlelit tales.
Ag oscailt na Féile beidh mórshúil Oíche againn. Tá grúpa nua-bhunaithe againn, Cleamairí Chluain Dolcáin, le ceolteoirí ó Áras Chrónáin. Táim ar bís le seo agus ag tnúth go mór leis."
"Agus bíonn na Biddy Boys agus na Mummers linn chomh maith."
Bíonn píb-bhannaí libh ar an mórshiúil, cad as dóibh?
"Tá mórshúil lae ar an Satharn, lenár banna píobairí. Bunaíodh an Banna Píobairí Naomh Seosamh I 1937. Tá Craobh na hÉireann agus an Chraobh Domhanda buaite acu. Táimid an-bhródúil astu."

"Beidh Tornaido, Ealaíonteoir Tine, ag léiriú scéal Bhríde in aice lenár gcloigtheach ársa. Bhí sé go hiontach anuraidh."

Cathain a mbeidh imeachtaí 2025 ar siúl, cad iad?
"Beidh My Brat Bríde le Rita O' Loughlin ar siúl agus beidh ceardlanna ar fáil sna scoileanna, sna pubanna, sa chlub agus sa leabharlann ag dhéanamh crois Bhríde le Gay Allen agus Mervyn Ennis."

"Faighimid tacaíocht iontach i gCluain Dolcáin. Buíochas mór le Áras Chrónáin, CLG na Cloigthí, Na Bailte Sleachtmhara, tábhairne An Laurels atá mar base do na Cleamairí, agus gach siopa, pub, is gnó a chabhraigh linn."
Beidh Na Féilte Tine: Imbolg ar siúl ar 3 Feabhra ag a 6.30i.n. ar RTÉ One.