Fillfidh an tsraith mhór CLG ar TG4 don triú séasúr is fiche. Ocht gclár úrnua a bheidh sa tsraith CLG is údarásaí ar an scáileán seo.
Ochtar Laochra Gael nua a bhfuil gaisce déanta ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta féin agus saol ar leith caite acu ar fad is ábhar don tsraith.
Is fíor-laochra iad seo go léir agus tá a gcáil rompu. Sa tsraith seo, tabharfar léargas iomlán pearsanta orthu agus ar an gceangal atá acu lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu.
A ngairm sa spórt a bheidh ina cúlra ag an scéal, ach pléifear i bhfad níos mó ná sin sa tsraith, ina measc saol na Laochra taobh amuigh den pháirc a bheidh ina ábhar spéise tarraingteach ag an lucht féachana chomh maith.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an Léiritheoir Sraithe Sarah McCoy de chuid Nemeton.
Seo an triú séasúr is fichead de Laochra Gael - caithfidh go bhfuil an tobar tirim de Laochra faoi seo?
"Tá's agam go bhfuil an ualach cláracha déanta, beidh Pádraic Maher mar clár uimhir 202, ach táispéanann sé sin cé comh rathúil agus suntasach is átá an sraith go bhfuil sé fós ar an bhfód trí séasúr is fichead níos deanaí."

"Tá an méid sin imreoirí dochreidte ag éirí as blian i ndiadh bliana, so ní bhíonn ganntanas ann do scéalta láidre riamh, go dtí seo anyway."
Agus sibh ag cuartú aoínna don sraith, cad a bhíonn á lorg agaibh seachas an bua aclaíochta acu?
"D'athraíomar an sraith ó leath uair a chloig go dtí uair a chloig siar i 2017 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin."
"De bharr an athrú seo, taobh amuigh den gairm spóirt, bímid ag lorg na Laochra a bheith oscailte agus mácanta agus léargas pearsanta a thabhairt don lucht féachana faoina saolta taobh amuigh den pháirc."
"Bíonn an phearsantacht seo mar ábhar spéise tarraingteach don lucht féachana chomh maith leis an scéal spóirt."

Cad iad na tréithe atá ag na daoine seo a dheineann éagsúil ón ngnáth duine iad?
"In iomlán is gnáth daoine iad na laochra uilig, agus is dócha go dtugann an sraith seo léargas don lucht féachana go bhfuil gnáth saolta acu taobh amuigh den spórt, ach na tréithe átá ag na Laochra, ná an láidreacht, an tiomántas áta acu agus is daoine díograiseacha iad uilig."
Bhfuil sibh tosnaithe ag obair ar shéasúr 24?
"Táimid díreach ag an brainstorm stage anois faoi láthair, tógann sé go leor ama teacht ar na daoine chearta, agus réimse réanna imeartha agus réimse contaetha a bheith san áireamh."

"Caithfear féachaint ar na contaetha agus féachaint ar na saghasanna daoine a bhí páirteach le roinnt blianta anuas agus iarracht a dhéanamh teacht suas le smaointe nua."
Ar na Laochra Gael a bheidh ag insint a scéalta sa sraith seo beidh Marc Ó Sé Chiarraí, Ursula Jacob Loch Garman, Rónán Clarke Ard Mhacha, Michael Bond Uíbh Fháille, Bríd Stack Chorcaigh, Ben agus Jerry O'Connor Chorcaigh agus Eamon McGee Ghaoth Dobhair agus Tír Chonaill, mar chríoch ar an 13 Márta.
Tosnaíonn an sraith nua le Pádraic Maher oíche amárach Déardaoin 23 Eanáir ag 9.30i.n. ar TG4.