skip to main content

Ní in óige atáimid ag dul - seachas mise

Digital native, mise. Tá an ris agam.
Digital native, mise. Tá an ris agam.

An deabhal Eolaíocht. Dar leis an Eolaíocht, imrímid bob orainn féin tar éis aois áirithe, go bhfuilimid níos óige ná mar atáimid, ainneoin ár ndáta breithe bheith ar eolas go maith againn, mar a rianann Ciara Ní É.

Éist leis an t-alt seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bhí comhrá ar bun agam le déanaí le beirt ar m'aithne, nuair a luaigh bean amháin acu cúrsa máistreachta a rinneamar le chéile tráth. 'B’shin deich mbliana ó shin anois!’ a dúirt mé, ‘An gcreidfeá?’

Deich mbliana ó shin bhí mise ag dul faoi lámh an easpaig!’ a dúirt an tríú bean le gáire beag.

Bhain sé sin siar asam. Ní hé gur bhraith mé ar chomhaois léi siúd, ach b'ait liom go raibh an bhearna chomh mór sin eadrainn.

Níor ghléas mise mar sin ag an aois sin! Ait go leor, táim ag gléasadh mar sin anois.

Ba rud an-ghlas, an-óg é le rá, rud a léirigh a thuilleadh an bhearna eadrainn. Dar ndóigh, ní hábhar suntais é a bheith níos óige ná duine, níl ann ach gur rugadh tú nuair a rugadh tú.

An bhfuaimním searbh? Níl ann ach gur bhuail náire mé go mbínn mar an gcéanna tráth… béim á chur agam ar m’aois óg féin.

Is cosúil go mbraitheann tromlach na ndaoine fásta go bhfuil siad níos óige ná an aois atá orthu.

Tá sé seo cruthaithe ag an eolaíocht - mura raibh sé tugtha faoi deara agat i do shaol féin ó ráitis fearacht, "Is cuimhin liom do chlúidín a athrú ar nós gur inné a bhí ann, nach tapa a imíonn an t-am!"

Is deacair do pháiste naoi mbliana d’aois a thuiscint conas a d’imeodh fad a shaolré go pras ach anois is mé sna tríochaidí tuigim gur fíor don amhrán clúiteach ó Shrek, ‘the years start comin' and they don't stop comin.’

Táimid ar fad ag dul anonn sna blianta ag an ráta ceannann céanna. Dar leis an eolaíocht mothaíonn daoine níos sine ná an aois atá orthu suas go haois 25 agus ansin tosaímid ag mothú níos óige ná atáimid.

Fásann an bhearna idir an aois a mhothaímid agus ár bhfíor-aois le himeacht na mblianta, go dtí dhá scór bliain d’aois, agus i ndiaidh sin braitheann daoine 20% níos óige ná atá siad.

Nfheadar bhfuil ann do Thír na nÓg?

Bhí mo sheanmháthair féin 97 nuair a d’éag sí anuraidh agus d’inis sí dúinn i gcónaí nár bhraith sí lá thar 75. De réir an mata, bhraithfeadh an duine atá 75 go bhfuil siadsan 60, agus ar aghaidh agus ar aghaidh…

Leis an eolas seo is féidir linn tuiscint níos fearr do dhaoine. Má bhím ag caint le bean atá 40, shamhlódh sise go bhfuil sí ar chomhaois liom, ach bheadh tuairim agamsa nach bhfuil, go háirithe dá mbeadh sí ag caitheamh skinny jeans.

Ach bheinnse ag braithstint go bhfuil mé díreach tar éis na fichidí a fhágáil agus i súile an aosa óig is seanfhondúir ceart tú má rugadh roimh chasadh na mílaoise tú agus dá bhféadfá aiste a scríobh gan chabhair ó ChatGPT!

Ok Google, rianaigh dom radharc 20ú aoiseach, abair, duine ag 'scríobh' le peann agus páipéar.

Tá teoiric ag na saineolaithe go bhfuilimid dár gcosaint féin leis an nós seo, toisc go bhfuil stiogma inár sochaí timpeall ar a bheith sean.

Ach déarfainn go bhfuil sé níos casta ná sin.

Bímid de shíor ag faire timpeall agus má bhíonn daoine eile ar chomhaois leat ag tabhairt amach faoi phian droma, nó a gcuid gruaige a chailliúint, agus níl na fadhbanna sin tar éis tú a bhualadh (go fóill, gur i bhfad uainn an anachain), luíonn sé le ciall go mbraithfeá níos óige ná d’aois.

Braitheann sé ar chultúr na linne freisin. Ag aois tríocha bhí teach breá agus cúpla páiste ag glúin mo thuistí… agus ar an aois chéanna tá céatadán suntasach dá bpáistí fós ag maireachtaint sa tigh leo!

An mbraithimid níos óige dá bharr?

A bhuí le saol na Gaeilge tá cairde de gach aois agam. Tá an-luach agam air sin agus go leana sé mar sin.

An chéad uair eile go mbeidh mé ag caint le duine níos faide amach sna blianta tuigfidh mé nach i bhfad ó shin go raibh siad ar chomhaois liomsa agus nach fada go mbeidh mé féin mar an duine níos sine sa chomhrá arís.