skip to main content

Yoruba, Gaeilge agus Béarla san fhilíocht ag Ola

Ola Majekodunmi. Filíocht léi mar fhreagra ar chíréibeanna BÁC.
Ola Majekodunmi. Filíocht léi mar fhreagra ar chíréibeanna BÁC.

Bheadh aithne ag go leor de phobal na Gaeilge ar Ola Majekodunmi fén dtráth seo agus í ag saothrú léi ar go leor bealaí i saol na meáin Ghaeilge agus na meáin i gcoitinne. Anseo, tá gnéith eile dá saol á rianadh, agus roinnt dá cuid filíochta á rá aici.

Labhair sí le RTÉ.ie/Gaeilge faoina saothar agus roinneann sí cuid dá dánta anseo linn.

Bhfuil tú i mbun filíochta le fada?

"Tá mé i mbun filíochta le beagnach seacht bliana anois. An chéad uair a thosaigh mé ag scríobh ná nuair a bhíos i mbun tráchtas don ollscoil agus theastaigh faoiseamh uaim uaidh."

Is léir gur fiú leat an trí theanga mar cuid den fhéiniúlacht?

"Cinnte, tá sé go hálainn bheith ag ceiliúradh gach rud a mbaineann leat mar dhuine. Tá rud éigin soghonta faoi. Súil agam go dtugaim inspioráid do dhaoine eile freisin."

Mbeidh tú ag cur led shaothar amach anseo?

"Ba bhreá liom! B'fhéidir leabhar filíochta a scríobh amach anseo...feicimid!"

Coinnigh súil amach do tuilleadh cruthaitheachta ó Ola, is léir go bhfuil an bua aici. Lean í ar X anseo, LinkedIn anseo agus ar Bluesky anseo.