Bhí aithne mhaith ag an gcraoltóir Mártan Ó Ciardha ar Meaití Jó Shéamuis a shaol ar fad. Seo an t-aitheasc a thug Mártan dá chara ag a shocraid.
Is minic a chuala sibh ráite faoi dhuine, go ndearna sé nó sí "mar a rinne a n-athair rompu". Níorbh amhlaidh domsa. Rinne mise 'mar a rinne Meaití Jo Shéamuis' romham.
Thosaigh sé nuair a bhí mé féin agus a dheartháir Pádraic sna Naíonáin Bheaga i Seanscoil Shailearna, siar an bóthar uain – trasna ón áit ar thóg sé teach blianta dar gcionn. Lean muid é suas trí na ranganna.

Lean muid é siar Bóthar an Rí chomh fada le Stór na dTrátaí ar an Teach Mór agus gleann i ndroim an Asail Dhuibh a bhí ag Joe Shéamuis a raibh ‘Nokely' mar ainm air.
Dhá chiseán ar dhroim Nokley a bhí lódáilte le trátaí dearga agus a mheáfadh uncail Mhattie Máirtín Shéamuis agus a chomharsa Cóil Mhicí Ó Coisdealbha sula dtugadh muid aghaidh ar an mbaile arís.
Thóg muid malairt bóthair ó thaobh Meánscolaíochta. Ach bhí muid le hais a chéile arís ag dul isteach geataí na hOllscoile i nGaillimh i 1967 – bliain déanta ag Meaití ann agus mise ag tosaí.

"Cé na hábhair a rinne tusa anseo anuraidh?" a d’fhiafraigh mé. "Gaeilge, Fraincís, Stair agus Eacnamaíocht" a deir sé. Déanfaidh sin mise freisin, a deirimse le mo chomhairleoir gairmthreorach agus rinne.
Deich mbliana dar gcionn, lean mé isteach geataí Raidió na Gaeltachta é, áit a raibh seisean ina Chlár Reachtaire ó chuaigh an stáisiún ar an aer. Ansiúd a d’fhan an bheirt againn – sa seomra céanna den chuid ba mhó den am - gur éirigh muid as - ar an lá céanna.
Chomh mór lena chéile le dhá chloigeann capaill. 100 bliain agus an lá inniu beidh caint ar an oidhreacht a d’fhág Mattie Jo Shéamuis ina dhiaidh i gCartlann Raidió na Gaeltachta.
Ní haon saineolaí ar cheol mise, ach ag éisteacht leo siúd a bhfuil an cháilíocht sin acu, creidim go mairfidh a chuid oibre ar an gcéim chéanna agus a mhair an méid a rinne Edward Bunting, Breandán Breathnach, Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna.
A ndála siúd, bhí Mattie fáiscthe as an gcultúr, as an traidisiún a bhain lena mhuintir siar. Os rud é go mba fonnadóir agus ceoltóir é fhéin thug sin céachta eile dó le dhul i mbun treabhadh agus fuirse, rud a rinne sé go fonnmhar.
Ní mise amháin a bheadh den tuairim go bhfuil na heagráin de Lán a Mhála agus na cláracha ceoil eile a chuir sé ina chéile ar an gcuid is tábhachtaí den chraoladh atá déanta ag Raidió na Gaeltachta le os cionn 50 bliain anuas.
San achar sin tá borradh as-cuimse tagtha ar an gceol agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta. Tá a chuid féin den bhuíochas tuillte ag an stáisiún ar oibrigh sé dó ach a fhormhór sin ag dul don fhear é féin. Níl coirnéal den tír seo nár threabh sé agus tá sin le feiceáil sna teachtaireachtaí ómóis atá curtha chun cinn, ó bhásaigh sé, acu siúd a chas dó le linn a thaistil.

Bhí tíortha i gcéin mar chuid den taisteal sin freisin. Déarfainn go bhfuil sé dhá scór bliain ó chuala mé caint i dtosach aige ar Fhéile Lorient na Briotáine.
Thaisteal sé na Stáit Aontaithe agus Ceanada ag taifeadadh, ag seimn cheoil, ag gabháil fhoinn agus ag déanamh cairdis. Ar chloisteáil dó faoi bhás Mhattie, chuir an boscadóir iomráiteach James Keane atá ina chónaí i Nua Eabhrac le fada agus nach bhfuil ar fónamh é féin, pictiúr den bheirt acu ar Facebook.
"Rest in peace , Méaití Jó Shéamuis, whistle, flute and uilleann pipe player, singer, storyteller and broadcaster. You will be forever missed."
Orthu siúd a chuir ‘aiméan’ leis sin bhí cuid de na ceoltóirí is iomraití sna Státaí – Joanie Madden, Billy McComisky agus go leor eile.

Chomh maith lena dtaifeadadh, ba nós le Mattie cúnamh agus comhairle fhlaithiúil a thabhairt do fhonnadóirí agus do cheoltóirí óga. Ní móide go raibh an boscadóir Máirtín Ó Connor mórán le 16 bliain nuair a thóg Mattie faoina choimirce é. Ba amhlaidh cás le Johnny Óg Connolly agus le fonnadóirí ar nós Phóil Uí Cheannabháin agus ar ndóigh Neansaí Ní Choisdealbha, a bhfuil sé de ádh orainn ar fad gur thug sise an cumas léithe leanacht ar aghaidh leis an obair mhór ar chuir Mattie Joe tús leis.
Tá sé trí scóir bliain a chomrádaí ó bhí mise agus tusa chomh gar den altóir seo in éineacht. Mise ar thaobh amháin tusa ar an taobh eile ag freastal Aifrinn don Athair Eric Mac Fhinn agus don Athair Pádraic Ó Ruadháin. A dhath féin níor athraigh tú le linn an ama sin, agus ar a son siúd ar fad a chuir aithne ort idir an dá linn – cosán, réidh ceolmhar go raibh agat i dtreo na síoraíochta.
Máirtín Meaití Jó Ó Fátharta 1947-2025.