Múinteoir Gaeilge, múinteoir Béarla agus múinteoir rince atá in Mollie atá i mbun an suíomh foghlama Gaeilge Irish with Mollie. Macasamhail go leor daoine eile, tá sí ag freastal ar éileamh ard daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Míníonn sí anseo do RTÉ.ie/Gaeilge mar a ghlac sí an bóthar áirithe seo.
"Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla sna hacadaimh ar fud an domhain, International House, mar shampla, agus ar Peace Boat – eagraíocht UN atá ann – agus thaitin sé sin go mór liom ach tar éis tamaill mhothaigh mé Éire uaim agus bhíos ag cuimhneamh gur mhaith liom mo Ghaeilge féin a fheabhsú agus mo theanga féin a mhúineadh."
"Thosaigh mé ar italki, ardán teangacha é ar líne, agus thug mé faoi deara go raibh an-éileamh ar mhúinteoirí Gaeilge. Mar sin dhírigh mé mo scileanna ar an treo sin mar nach raibh na hacmhainní go léir ar fáil ar líne, níl se róshoiléir ar líne agus go raibh mise ag iarraidh acmhainní nua a chruthú agus gach rud a d'fhoghlaim mé i mo chéim mhúinteoireachta a chur chun múineadh na Gaeilge."

An éileamh sin a luann tú, is léir nach aon aois grúpa nó aicme amháin atá i gceist, ar fud an domhain?
"Sin é, chuirfeadh sé iontas ar dhaoine. Is as thart ar 70 tír mo dhaltaí, de gach aois – déagóirí, páistí, daoine sna 90daí, tá sé ar fheabhas ar fad. Agus bíonn suim agus paisean acu."
Agus 70 milliúin den Diaspóra ann, níl tú gann ar dhaltaí! Cén saghas seirbhísí a chuireann tú ar fáil do dhaoine le Irish with Mollie?
"Tá trí chúrsa agam faoi láthair agus mé ag cruthú cúrsa nua Ardleibhéal; cúrsa tosaitheoirí, meán-leibhéal agus comhráití laethúla. Foghlaim féin-luais atá i gceist, mar sin bíonn daoine in ann foghlaim ar a luas féin – gach lá más maith leo, nó sos a ghlacadh agus tosnú arís ón nua."
"Bíonn 180 ceacht i gceist le scrúdaithe, tráth na gceist i gceist tar éis gach uile ceacht. Tá gníomhaíochtaí le déanamh, tá ciorcal comhrá i seomra Zoom ar oscailt 24/7 agus pobal mór cabhrach príobháideach ar fáil freisin. Tá tacaíocht laethúil ann uaimse agus rochtain go deo acu."
"Ceapaim go bhfuil daoine den tuairim gur 'tír idirnáisiúnta, sofaisticiúil í Éireann anois', bíonn daoine ag bogadh go hÉireann, bíonn daoine ag dul ar choinneadh le daoine ó thíortha eile anois a deir ‘Wow, tá teanga eile agaibh! Sin rud iontach spéisiúil agus speisialta!’
"Mar sin is praghas aonuaire nó is féidir íoc i dtráthchodanna, níl aon srian ama ann, ná teorainn ar bith mar sin ann. Tá siad in ann na físeáin a mhoilliú nó dul siar orthu, nó dul chun tosaigh más mian leo. Bíonn triall chluastuisceana ann, pleananna staidéar, agus grúpa Telegram ar fáil chomh maith mar sin tá gach rud clúdaithe!"
"Tá siad éasca a leanúint, sin an rud is tábhachtaí. Ceapann daoine go bhfuil na mínithe agus na h-achoimrí simplí ach soiléir."

Seo an jab anois agat, ní gá duit bheith ag obair mar mhúinteoir a thuilleadh ach bhfuil srian leis an méid gur féidir leatsa a sholáthar don líon lucht leanúna duine, os cionn 250,000 go seo?
"Bhuel, bím faoi bhrú ó am go ham agus gach rud atá le déanamh! Buíochas le Dia is aoibhinn liom mo phost agus is aoibhinn liom an pobal. Anois bíonn daoine ag foghlaim go tapaigh agus tá siad siúd in ann cuidiú leis na tosaitheoirí. Tá mé ag obair le roinnt saineolaithe atá in ann bheith ina heagarthóirí agus cabhair a thabhairt dom."
"Ar Instagram, mar shampla, ba mhaith liom a bheith in ann freagairt ar mo dhaltaí agus bheith ag caint leo – ní maith liom an smaoineamh go mbeadh siad ag fáil 'Hi is mise Mollie!' ach nach Mollie iad. Tagann daoine chugam anois agus iad ag rá go bhfuil scileanna gramadaí acu agus gur mhaith leo bheith mar eagarthóir agam nó gur féidir leo an podchraoladh a chur in eagar agus rudaí mar sin."
"Ceapaim, mar sin, go bhfuil domhain na nGaeilgeoirí ag oscailt agus go bhfuil daoine ag iarraidh obair sa sféar seo. Tá sé sin iontach ar fad mar bíonn cabhair uaim."
Tá cottage industry á chothú agat!
"Sin é!"
Ó thaobh pleananna forbartha amach anseo, cad iad na hardáin ar a bhfuil tú agus bhfuil tú ag súil le cur leis na bealaí gur féidir le daoine teacht ar Irish with Mollie?
"Tá. Mar a dúirt mé, beidh an cúrsa Ardleibhéal á chur agam leis, beidh sé sin ag teacht amach i Mí Márta. Tá leabhar á scríobh agam freisin faoin teanga, ár stair, ár ndúchas agus slite cabhraitheacha teangacha a fhoghlaim, ach go háirithe ár dteanga féin, an Ghaeilge."
"Ba mhaith liom na cúrsaí a athdhéanamh, le go mbeadh fotheideal orthu agus rochtain níos fearr orthu. Bíonn daoine dalla, daoine bodhar nó daoine le riachtanais speisialta a deireann go bhfuil na cúrsaí an-chabhrach dóibh ach gur mhaith liom go mbeadh siad níos fearr, i gcónaí níos fearr."
Mar duine atá lonnaithe i lár saothrú leis an teanga, cén léamh atá agat ar an mborradh ach go háirithe faoi láthair, daoine gan mórán Gaeilge ach go háirithe, de bharr ceoil, scannán agus eile – cén fáth anois, cén fáth an bomaite seo?
"Bhuel, ar ndóigh tá Kneecap agus An Cailín Ciúin ann, ach ceapaim go bhfuil éifeacht mhór ag TikTok air. Bíonn daoine níos sine ná mise ag filleadh, ag teacht ar ais, agus ceapaim go raibh easpa bróid i gceist."
"Nuair a rugadh mé sna nóchaidí, cheapamar go raibh cultúr na hÉireann ró-thraidisiúnta nó ní raibh sé rólách ach anois bíonn daoine ó na nglúnta óga ag mealladh daoine ar TikTok iad féin a réiteach le dul amach, nó le ‘Lá i Mo Shaol’ a chaitheamh leo agus tá níos mó féinmhuiníne i gceist leis."
"Ceapaim go bhfuil daoine den tuairim gur ‘tír idirnáisiúnta, sofaisticiúil í Éire anois’, bíonn daoine ag bogadh go hÉirinn, bíonn daoine ag dul ar choinne le daoine ó thíortha eile anois a deir ‘Wow, tá teanga eile agaibh! Sin rud iontach spéisiúil agus speisialta!’
Lean Mollie nó bí ag foghlaim léí ag Irish with Mollie.