Beidh an ghrúpa siúlóide Na Cnocadóirí i mbun Oíche Chártaí an Déardaoin beag seo, 16 Eanáir, i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell, dá mba spéis leat cluiche a imirt, Gaeilge a labhairt agus aithne a chur ar chairde nua.
D'éinne go mbeadh spéis acu bualadh isteach tá an ghrúpa chun triail a bhaint as ionad nua - Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Parnell, BÁC 1, D01 T6V6 - os comhair Ospidéal an Rotunda.
Beidh siad i seomra an bheáir ar an gcead urlár ó 7:30 ar aghaidh, seomra iontach deas compórdach ina bhfuil tae, café, beor agus go leor eile ar fáil.

Mar is gnách, cluiche 25 a bheidh á imirt agus mura mbíonn an cluiche ar eolas agat míneofar na rialacha duit.
Go raibh tú ann agus go mbaine tú taitneamh as an gcomhluadar.
Agus tá Siúlóid Éasca beartaithe anois don Domhnach beag seo, 19 Eanáir agus na sonraí seo curtha ar fáil dóibh siúd gur mhaith leo bheith amuigh fén spéir!
Siúlóid Éasca: Cosán an Aifrinn ó shéipéal Naomh Pádraig i gCill Chomhaid (Kilquade) trí Chill Chomhghaill (Kilcoole) go dtí an fharraige agus ar ais.
Bhí an cosán sin in úsáid go dtí 1986 nuair a tógadh an séipéal i gCill Chomhghaill
Fad: 9.5km, 2 uair go leith an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í seo, ach tá seans go mbeidh an cosán fliuch ná lábach in áiteanna.

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89).
Imeoimid ag 10:00 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: 11:00 r.n. ag an Arboretum (Ionad Garraíodóireachta) i gCill Chomhaid (Kilquade). Eircode A63 PR80
Tagairt eangaí : O 280 085 nó N53.1123 W6.0888
Tá ionad páirceála ar thaobh an bhóthair trasna ón Arboretum. Agus beidh roinnt spásanna i gcarrchlós an Arboretum féin.
Lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 221 7800
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, nó má bhíonn síob uait nó síob le tabhairt agat téigh i dteagmháil linn nó le Seán.
Tar éis na siúlóide beidh bia/lón le fáil i gcaifé an Arboretum.
Más spéis leat teagmháil a dhéanamh leis Na Cnocadóirí faoi na siúlóidí amach anseo tig libh tuilleadh eolais d'fháil ag www.cnocadoiri.com agus dul i dteagmháil leo trén ríomhphost ag cnocadoiri@yahoo.com