An dá loch is mó in Éirinn – Loch Coirib agus Loch nEathach – atá faoi chaibidil sa tsraith nua speisialta Ghaeilge seo. Bliain iomlán a caitheadh i mbun scannánaíochta agus fiosraítear sa tsraith stair, cultúr, timpeallacht agus tionscal na lochanna.
Féach ar an chéad chlár anseo.
Filmed across an entire year, Scéalta na Lochanna begins by delving into the legends and lore surrounding these iconic waters, from the mythical tales of Fionn Mac Cumhaill to pivotal moments in Irish history, including the Nine Years' War.

Pléitear seantraidisiúin a mhaireann fós, mar bheannachtaí iascairí, agus na tionscail sheanbhunaithe atá ag brath ar na lochanna – flaidireacht, iascaireacht eascann agus feirmeoireacht thraidisiúnta cois locha san áireamh.
Communities have long been drawn together by these awe-inspiring landscapes, with identities forged through sailing, swimming, and environmental protection, forming deep bonds with the loughs that sustain them.

Breathnaítear freisin ar thionscail agus fostaíocht chomhaimseartha a bhaineann leis na lochanna, ón turasóireacht ag scothóstán Caisleán Cheapach Corcóige go dtí dreideáil gainimh ar Loch nEathach, ag amharc ar an dóigh ar fhás na tionscail seo thar na blianta agus mar a chuireann siad fostaíocht ar fáil do mhuintir na háite.
Beyond their economic significance, the mercurial waters of Lough Neagh and Lough Corrib have inspired countless artists, musicians, and poets, serving as a source of creativity.
Ón phéinteoireacht go ceol agus filíochta, tá uiscí taghdacha Loch nEathach agus Loch Coirib mar fhoinse inspioráide do ghlúnta ealaíontóir ó chian agus ó chóngar.
Loughs Neagh and Corrib are among Ireland's most remarkable landscapes, but what is their future as these waters and the life they support face the twin challenges of human activity and a climate in crisis.
I gclár deiridh Scéalta na Lochanna, caitear súil ghéar ar na héiceachórais a chothaíonn na lochanna, chomh maith lena dtírdhreacha áille agus réimse fiadhúlra, agus déantar plé ar na dúshláin a bhaineann le gníomhaíocht dhaonna agus leis an ghéarchéim aeráide. Fiosraítear sa tsraith seo oidhreacht nádúrtha na hÉireann agus tugtar léargas níos iomláine don lucht féachana ar an dáimh atá ag daoine leis na lochanna ar a bhfuil siad ag brath.
Strident Media a léirigh Scéalta na Lochanna do RTÉ, le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
Craolfar an chéad chlár de Scéalta na Lochanna ar RTÉ One, Dé Luain, an 13 Eanáir 2025.