Is cúis ríméid do TG4 a fhógairt go mbeidh an líon is mó cluichí riamh i Sraitheanna Peile agus Iománaíochta Allianz á dtaispeáint i mbliana. Ón 25 Eanáir go dtí an 6 Aibreán, beidh níos mó ná 40 cluiche ar fáil beo ag an lucht féachana.
Beidh cluichí á dtaispeáint as gach roinn den tsraith peile agus ó na ranna is airde san iománaíocht. Beidh an imirt ó Roinn 1 go dtí Roinn 4 ina ábhar suilt ag lucht féachana na peile agus taitneamh ag lucht leanúna na hiománaíochta as cluichí i Roinn 1A, Roinn 1B agus Roinn 2.
Beidh na cluichí ceannais i ngach Roinn acu sin thuas á gcraoladh beo ag TG4 chomh maith rud a chiallaíonn nach gcailleann an lucht leanúna oiread is nóiméad de na cluichí cinniúnacha ceann séasúir.

[pic: Ray McManus Sportsfile]
Domhnach na Cinniúna!
Ar cheann de bhuaicphointí chraoladh na gcluichí ar TG4, beidh Domhnach na Cinniúna, a thaitníonn go mór le daoine, don bhabhta deiridh de Shraith Náisiúnta Allianz sa Pheil ar an 23 Márta.
Craoladh speisialta a bheidh anseo le tuairisceoireacht ilscáileáin ó na cluichí ar fad sa bhabhta deireanach i Sraith 1 agus Sraith 2, ionas go mbíonn cur i láthair cuimsitheach tumthach ar GAA Beo.

Na Cluichí Tosaigh
Cuirtear tús le craoladh na gcluichí Dé Sathairn, an 25 Eanáir nuair a thugann na seanchéilí comhraic, Áth Cliath agus Maigh Eo, faoina chéile i Sraith 1 sa pheil i bPáirc an Chrócaigh. Beidh iomaíocht chomh géar agus chomh spéisiúil céanna Dé Domhnaigh, an 26 Eanáir, idir Ciarraí agus Dún na nGall.
Cuirtear tús leis an iománaíocht Dé Domhnaigh, an 26 Eanáir, le dhá chluiche i Roinn 1A, Gaillimh le Tiobraid Árann agus Contae an Chláir le Cill Chainnigh, dhá fhoireann a raibh cluiche iontach eatarthu i gcluiche leathcheannais Chraobh na hÉireann anuraidh.
Ná Caill Nóiméad den Aicsean
Cinntíonn sceideal cuimsitheach cluichí TG4 gur féidir leis an lucht leanúna ar fud na hÉireann gníomhartha éachtúla Shraitheanna Náisiúnta Allianz a fheiceáil ó thús go deireadh. Le craoladh beo, anailís saineolaithe agus tuairiscí ilscáileáin, is é TG4 príomhstáisiún Shraitheanna Náisiúnta Allianz sna Cluichí Gaelacha.
Liosta Iomlán na gCluichí - Féach anseo liosta iomlán na gcluichí ionas nach gá duit aon chuid d'aicsean Shraitheanna Náisiúnta Allianz a chailleadh.