Tá roinnt fós ag fáil ugach ó na rúin deá-shláinte a thosaigh siad coicís ó shin. Is iomaí duine eile atá sciorrtha de bhóthar na leasa cheana féin, mar de réir taighde, ní mórán a choinníonn rúin faoin am a bhíonn an dara Aoine den bhliain caite.
Mar dhuine a 'theip' go minic, tuigim dóibh. Seans maith go raibh na rúin ró-mhór le bualadh futhu i gceart.
De réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus tá an rud céanna amhlaidh le caisleán an tsláinte.
Tá sé i bhfad níos éasca nós a phiocadh suas, seachas iarracht a dhéanamh nós a bhriseadh. Táimid ar fad ag iarraidh cur lenár sláinte.
Rún na rún ná iad a choinneáil beag.
Ceann de na bealaí is éifeachtaí sin a dhéanamh (seachas ithe go maith agus aclaíocht) ná scagthástáil sláinte.
Tá cúpla scéim sa tír saor in aisce, agus d’fhéadfaidís do bheatha a shábháil.
Scagthástáil brollaigh: Mamagram saor in aisce gach dara bliain do mhná idir 50 – 69 bliain.
Scagthástáil putóige: Tástáil do fhir agus mná idir 60 – 69 bliain.
Scagthástáil ceirbheacsach: Tástáil dóibh siúd atá idir 25-65 bliain.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
An Dr Darach Ó Ciardha ag caint le Fionnuala Uí Neachtain ar Nuacht a 1 ar Raidió na Gaeltachta.
Má tá cliste ar do rún cheana féin, déan athbheochan air arís le meoin nua. Seiceáil an bhfuil tú i dteideal aon scagthástáil nó vaicsín saor in aisce agus má tá, faigh amach cá bhfaighfidh tú iad.
Má tá aon ní as corr i do cholainn, cosúil le a bheith ag cur fola, fonn múisc ort, tú in ísle brí, téigh ag an dochtúir agus labhair leo.
Má aimsíonn tú meal i do bhrollach, nó spota nua ar do chraiceann ná déan neamhaird air.
Briseann sé mo chroí nuair a chasaim le h-othair a d’fhág rudaí ró-mhall ar chúinsí éagsúla sula ndeachaigh siad ag iarriaidh cúnamh.
Nó nach ndeachaigh ag scagtástáil do rud a d’fhéadfaí a bheith aimsithe níos luaithe. Nó nár ghlac le vaicsín mar gheall ar mhí-fháisnéis a phioc siad suas in áit éigin agus atá anois ag fulaingt dá bharr.
Is féidir an t-eolas seo ar fad a aimsiú agus tú ag luí ar an tolg ag féachaint ar an bpeil nó Coronation Street.
Níl aon strus mór ag baint leis agus is iomaí duine a deir go raibh sé níos measa ag cuimhniú air seachas an tástáil a dhéanamh.
Éist leis an Dr Niall Moyna ag caint le Brendan O'Connor ar Radio 1 fén aclaíocht.
Mura bhfuil tú i dteideal na scagthástálacha thuasluaite, tá mion-thástalacha atá tú in ann a dhéanamh le ugach a thabhairt duit féin.
Mar shampla déanann Foras Croí na hÉireann tástáil brú fola ar thart ar 10,000 sa tír chuile bhliain. Is maith an rud go ndéanann mar meastar go bhfuil brú fola ard ag 60% do dhaoine ós cionn 50 bliain d’aois.
Ardaíonn sé baol galar croí, taom croí agus stróc, ach is éasca dul i ngleic leis má aimsítear in am é. Corr uair, is maith an rud é na rudaí seo a sheiceáil sula dtugann tú faoi aclaíocht nach bhfuil déanta le fada an lá agat. Rún an tsláinte agus don bhliain nua ná fanacht chun cinn ar na rudaí a d’fheadfadh tú a chuir as alt.
Tuilleadh eolais ón bhFeidhmeannas Sláinte Náisiúnta ar na scagthástáileacha éagsúla anseo.