Tá ríméad ar TG4 an chéad chlár den tsraith 'Síorstíl' a fhógairt. Comórtas ceannródaíoch faisin é seo ina gcuirfear dúshlán ar sheisear dearthóirí cumasacha sárshaothair ardfhaiseanta a dhéanamh d'ábhar dara láimhe agus athchúrsáilte.
Léirithe ag Fíbín Media, is í Sinéad Ní Uallacháin a chuirfidh an tsraith i láthair agus is iad Moya Doogan agus Rónán Ó Dálaigh a bheidh ina moltóirí.
Tá níos mó is gceist le Síorstíl seachas comórtas, is gluaiseacht atá ann ina gcuirfear iallach orainn smaoineamh arís ar an gcur chuige atá againn i leith cúrsaí faisin i ndomhan nua-aimseartha.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Darach Ó Tuairisg, léiritheoir agus bunaitheoir an chomhlachta Fíbín Media faoin smaoineamh.
Is léir go bhfuil méar ar an zeitgeist ag Fíbín Media ach raibh oraibh tamall a chaitheamh ag plé an cineál format do Síorstíl?
"Is Fíbín an Zeitgeist!! Ní raibh sé chomh deacair sin an formaid a chuir le chéile don sraith seo ar bhealaí, de bharr an cur chuige agus an teachtaireacht simplí a theastaigh uain a cuir chun cinn, sé sin go raibh "Fast Fashion" go dona don timpeallacht agus go raibh beallaí cruthaíocha ann chun athnuachan a dhéanamh ar sean éadach de gach cineáil."

Cá ndeachaigh sibh ag cuardach iomaitheoirí?
"Chuaigh muid ag na hollscoileanna agus na coláistí a bhí ag plé le dearadh nó faisean go sonrach. Bhí ríméid orainn go raibh an oiread sin suim sa ábhar agus fuair muid an t-uafás iarratais dá réir, thug sé léargas dúinn sa suim a bhí sa ábhar seo."
"Thug TG4 an-tacaíocht dúinn leis an poiblíocht a bhrú chomh maith. Ba deacaire na duine a bhí ar an gclár a rangú ó an méid iarratas a fuair muid."

Cén saghas slata tomhais atá á thabhairt agaibh do mholtóirí seachas am agus a dtaithí féin - bhfuil sé iomlán ag brath ar a bpearsantacht/thuairim féin?
"Bhí na moltóirí rí-thábhachtach don sraith seo agus theastaigh uain moltóirí a fháil a raibh tuiscint acu ar an earnáil chomh maith le gnó agus is iadsan a shocraigh an slat tomhais leis an méid eolais a bhí acu fhéin."
"Theastaigh uain buaiteoir a roghnú, ní amháin go raibh cumasach ag dearadh, ach tuiscint gnó acu freisin."
Tabhair blaiseadh dúinn ar na pleananna atá ar na bacáin leis an sprioc leanúnach, Fíbín Media World Domination....
"Sin í an cheist mhór... Tá muid faoi láthair fíor sásta leis na clárach atá ag dul amach ar Cúla4 ar nós "Mo Pheata" agus "Anfa" ach ár nódoigh tá muid an-sásta chomh maith leis an méid atá bainte amach ag "Crá" atá ag dul amach ar BBC 4 i Sasana, an chéad clár drámaíocht Gaeilge a chuig ar BBC One NI agus anois an chéad dráma Gaeilge a chuaigh ar BBC4. Dúirt muid riamh é, "Got Gaeilge will travel"!

Tabharfaidh na hiomaitheoirí aghaidh ar dhúshláin éagsúla dearaidh i ngach clár a thástálfaidh na scileanna atá acu i gcúrsaí inbhuanaitheachta, nuálaíochta agus stíle.
Bronnfar an duais mhór ar an dearthóir is mó atá ábalta an chumhacht bhunathraitheach a bhaineann le cuspóir nua a thabhairt d'earraí ach an bua cruthaitheach atá ag teastáil chun éadaí ardfhaiseanta a chruthú a léiriú ag an am céanna.

Beidh aoi-mholtóir a bhfuil ceangal acu leis an dúshlán i dteannta an ghnáthphainéil moltóirí ar gach clár. Áirítear orthu sin daoine mór le rá amhail Ciara Ní É, Bláthnaid O’Donoghue, Sexy Tadhg, Jade Pepper, Don O’Neill, agus Fionnuala Jay.
Anuas ar ardán a thabhairt do dhearthaí ceannródaíocha, cuirfidh Síorstíl duais ar fáil a fheabhsóidh gairm an bhuaiteora, duais atá urraithe ag trí dhream flaithiúla: eBay, Thriftify, agus an Oifig Fiontair Áitiúil. Cuirfidh eBay, le cúnamh ó Vision Ireland, feistis ar fáil do na láithreoirí Sinéad, Moya, agus Rónán freisin.
Síorstíl, Dé Céadaoin an 15 Eanáir 2025 ag 8.30pm ar TG4