Craolfar sraith nua cheoil sé chlár as Corca Dhuibhne ar TG4 go luath – deineadh an tsraith a thaifead le linn Scoil Cheoil an Earraigh 2024 agus í ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód.
Bhí cáil riamh ar Chorca Dhuibhne as an gceol agus na hamhráin atá bainteach leis an gceantar, agus tá an traidisiún sin á cheiliúradh agus á chothú ag an bhféile cheoil Scoil Cheoil an Earraigh ó cuireadh tús léi in 2005.
Beidh rogha iontach ceoltóirí agus amhránaithe as gach cearn den tír, agus níos faide i gcéin, páirteach sa tsraith a bheidh curtha i láthair ag an gcraoltóir agus ceoltóir Pádraig Ó Sé as Dún Chaoin.
Beidh buacphointí ó cheolchoirmeacha na scoile ceoil mar chuid den tsraith chomh maith le taifeadtaí speisialta a deineadh in áiteanna éagsúla in Iarthar Dhuibhneach.
Beidh ceoltóirí agus amhránaithe Iarthar Dhuibhneach go mór chun cinn sa tsraith, mar a bhíonn in imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh na haon bhliain.

Is é an láithreoir féin, Pádraig Ó Sé, a bheidh i lár stáitse sa chéad chlár, agus a chlann ceolmhar ina chuideachta agus beidh Kyle Macaulay leo ar an ngiotár.
Beidh Niamh Varian-Barry agus Peter Staunton páirteach sa chlár céanna, baill den bhanna Super Céilí atá ag cur fúthu i gCorca Dhuibhne le roinnt blianta, ar an bhfidil agus an mbosca, agus cloisfimid an guth binn atá ag Ciarán Ó Gealbháin, iar-amhránaí Danú, lena chomhghleacaí Caoimhín Ó Fearghail.
Seinnfidh na ceoltóirí Aoife agus Deirdre Granville Port an Dreoilín ar na fífeanna chomh maith le ceol eile ón gceantar ar an bhfeadóg mhór agus ar an gcruit.

Tiocfaidh triúr ógánach as ceantair Ghaeltachta éagsúla ar fud na tíre le chéile go speisialta don chlár freisin, is iad sin Pádraig Mac Suibhne as Dún na nGall, Déithín Ní Fhátharta as Conamara agus Siún Ní Eartáin as Corca Dhuibhne.
Leanfaidh an tsraith ar aghaidh le scoth an cheoil ó cheoltóirí agus amhránaithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Casfar Muireann Nic Amhlaoibh orainn sa dara clár agus ina teannta beidh Dónal O'Connor agus Gerry O’Beirne chomh maith le Owen Spafford agus Will Allen as Sasana.

Páirteach freisin sa chlár beidh an déantóir píb uilinn Cillian Ó Briain agus Bríd Donnelly chomh maith leis na ceoltóirí cumasacha ón nGráig Nicole Ní Dhubhshláine lena col ceathrar, Robert Creed.
Beidh an píobaire Mick O’Brien linn don tríú clár agus é i gcuideachta an veidhleadóra aitheanta Caoimhín Ó Raghallaigh. Cloisfimid na hamhránaithe Sláine Ní Chathalláin agus Conchubhar Ó Luasa sa chlár seo, chomh maith leis na píobairí as Albain agus seanchara de chuid na Scoile, Ailean Dòmhnallach agus den chéad uair, Brìghde Chaimbeul.
Beidh an t-amhránaí óg as Béal Feirste, Doireann O’Connor, ar an scáileán teilifíse den chéad uair riamh freisin – bígí ag faire amach di.
Scoil Cheoil an Earraigh, 20 bliain ar an bhfód, TG4 ag 9.30pm Dé Domhnaigh an 19 Eanáir.