skip to main content

Scéim Forbartha Turasóireachta 2025 á Seoladh ag Údarás na Gaeltachta

Blacksod lighthouse part of the Ionad Derabhill visitor experience on the beautiful Erris peninsula, Mayo.
Blacksod lighthouse part of the Ionad Derabhill visitor experience on the beautiful Erris peninsula, Mayo.

Tá Scéim Forbartha Turasóireachta 2025 fógartha ag Údarás na Gaeltachta, ag tógáil ar rath na scéime píolótaí idir 2018-2024. Cuirfear maoiniú suas le €40,000 in aghaidh na bliana ar fáil do thionscadail turasóireachta Gaeltachta.

Díríonn an scéim ar thrí phríomhréimse: áiseanna turasóireachta atá ag feidhmiú cheana féin, tionscadail nua atá á bhforbairt, agus tograí pobail. Tá tacaíocht ar fáil ar feadh tréimhse suas le trí bliana, ag brath ar chatagóir an togra.

Tír Chonaill: Tigh Solais Fhanada sceirdiúil, álainn.

Mar chuid den scéim, beidh deis ag gach oifigeach turasóireachta páirt a ghlacadh i gclár foghlama cuimsitheach, lena n-áirítear cruinnithe míosúla, meantóireacht agus oiliúint leanúnach.

Reáchtálfar seisiúin eolais ar líne ar an 16ú agus 22ú Eanáir 2025. Tá sé éigeantach freastal ar ceann de na seisiúin seo. Chun clárú is gá ríomhphost a sheoladh chuig meadbh.seoighe@udaras.ie le 'scéim turasóireacht' sa líne ábhair.

Radharc ar an gCuan Theas, Oileáin Chléire, Corcaigh.

Dúirt Meadbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireacht Údarás na Gaeltachta:

"Léiríonn an scéim seo ár dtiomantas d'fhorbairt inbhuanaithe na turasóireachta sa Ghaeltacht. Le linn na scéime píolótaí, ghlac 18 gnó páirt agus tá muid ag súil le tógáil ar an rath sin."

Is é an spriocdháta maidir le hiarrtas a dhéanamh ná 04/02/2025.

Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo.