Bí deas, bí staonach, bí aclaí, bí uaillmhianach, bí níos dílse don boss, bí foirfe. Bí ciallmhar? Bí dearfach. Bí cineálta duit féin thar rud ar bith eile.
Buaileann clog inmheánach inteacht atá greannta ag domhan an chaipitleachais i ngo leor againn ag tús na Bliana Úire.
Ní i gcónaí a chluineann muid an tormán seo ar an chéad lá den bhliain ach de ghnáth, agus daoine ag filleadh ar obair agus ar a gcuid dualgas ag an am seo, buaileann an trup sin go hard.
Clog na hoibre seans, ag impí ort bliain níos rachmasaí a bheith agat agus do dhian dícheall a dhéanamh do d'fhostóir. Clog géar a bhíonn ag achainí ort méachán a chailleadh, éirí ó do thóin agus tabhairt faoi shé cinn de ranganna aclaíochta sa tseachtain agus aiste dian bidh.

Bíonn clog an uaignis agus ísle brí ag bualadh i ndaoine go leor ag tús na bliana, póit leanúnach ón Nollaig caite le clann agus cairde ach anois fillte ar a ghnáth shaol, mothaíonn siad íseal iontu féin, mar go síleann siad go bhfuil siad leo féin.
Ar feadh blianta, cha dtug mé faoi deara an oiread d’fhógraíocht a bhí siopaí, gnónna agus na meáin ag brú orainn ó thús Eanáir, fógraíocht a phioc gearbhóg leochaileacht féinmheasa a bhaineann linn uilig, ar bhealaí agus léibhéil difriúla.

I mbliana, d’aithin mé fiú sula raibh Lá na Bliana Úire buailte linn, go raibh rabharta mór fógraí, físeáin agus clabaireacht ar líne a bhí ag iarraidh aird a tharraingt ar rudaí a chuireann le lagmhisneacht nó a loiteann féinmhuinín.
Go minic bhrú mé an cnaipe agus rinne mé scrolláil ar aghaidh chuig físeán eile, nuair a chuala mé na ráitis - 'Seo an bhliain le do chorp a chur ina cheart!', 'Ní theastaíonn uait 2025 a chríochnú gan a bheith foirfe!', 'Aimsigh do ghrá geal i mbliana!' nó 'Seo fiche cleas le dhá uair breise oibre a dhéanamh sula mbaineann tú d’oifig amach!'
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Seachain an dearfacht dhiúltach - foláireamh ó Shinéad, Áine agus Siún ar Beo Ar Éigin.
Tá mé tinn de bheith ag amharc ar rianta de chultúr gránna na n-aistí bidh ó na 90í agus tá mé olc go leor ag ceannacht rudaí ar líne mar atá, gan síntiús a fháil do phlean saoil úr anois.
Triallaim na scéalta seo a scaoileadh tharam gan breithiúnas diúltach a dhéanamh fúm féin. Má tá rúin saoil uait sa bhliain 2025, déan iad cinnte, ach ná déan iad le cur le droch mhothúcháin atá agat fút féin nó do shaol, mar níl mé cinnte gur sin gríosadh dearfach.
Níl slat tomhais ag an duine cosúil le córas NCT do charranna achan chúpla bliain le rá - sin é, bhain tú an léibhéal seo foirfeachta amach, is duine fiúntach thú.
Níl an sochaí ag bronnadh duaiseanna orainn as an teach a ghlanadh nó as lá casta oibre a chur isteach, nó as aire a thabhairt do do theaghlach. Ní thig le achan bhliain a bheith mar bhliain den scoith againn, caithfear géilleadh do chúrsaí an tsaoil go minic, beag beann ar rúin agus pleananna 75 lá aclaíochta a chríochnú.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tuairisc ó Síofra Mulqueen ar The Business ar Radio 1 fé chumhacht na dearfachta.
Bíonn muid mar dhaoine ag déanamh comparáide lena chéile - bhfuil an rud seo acu ach níl agam agus cá tuighe? Bhfuil go leor feiceálthacht agam sa domhan ar líne, muna bhfuil, an sin teip?
Cá tuighe bhfuil an saol ina suí ar a thóin ag duine amháin (de réir a scéalta Instagram) ach nach bhfuil bun nó barr le mo shaol féin, sin a bhéas go leor againn ag smaoitiú ag tús 2025.
Tá an lá ag éirí fada, giota ar ghiota, ach tá muid i ndúlaíocht an gheimhridh go fóill, tuirseach i ndiaidh na Nollag, bíodh sin ina shaoire sona nó dúshlánach. Níl an nádúr ach ag smaoitiú ar bhogadh a dhéanamh, ag brath ar an aimsir, agus tarlóidh sin go mall.
Ní gá fiche rún a leagan amach duit féin don bhliain seo, muna bhfuil fonn mór ort sin a dhéanamh. Tá seachtainí agus míonna romhainn, lán de choranna nach eol dúinn ag an phointe seo. Tá an domhan mórthimpeall ar ár dtír bheag i gciar thuathail agus corruair, is leor éirí ar maidin agus tabhairt faoin lá gan spriocanna móra a chomhlíonadh.
Beidh 2025 ann beag beann ar nósanna cúram áilleachta lena bhfuil 8 gcéim ag baint leo, nó le rún do charr a ghlanadh gach seachtain. Tabhair am duit féin téamh suas, cosúil leis an chréafóg, agus fan socair tamall eile.
Mar a dúirt Johnny Logan 'What’s another year’ ach fáil go dtí’n deireadh slán sábháilte, in éineacht le na daoine atá gar do do chroí.