Sraith nua ceithre pháirt atá i 'Vótáil', ina chaitear súil siar ar chuid de na toghcháin is suimiúla agus is drámatúla i stair na hÉireann.
Ar lean anocht le Clár 3 - Olltoghcháin 1997
Bliain idirnáisiúnta an toghcháin a bhí ann i 2024, agus an dúch fós ag triomú ar pháipéir bhallóide ar fud na hÉireann, caitheann an tsraith seo súil siar ar chuid de na holltoghcháin is suntasaí in Éirinn le caoga bliain anuas.
Féach siar ar Chlár 2 anseo.
Fiú an toghcháin atá díreach thart, bhí dráma ag baint leis, mar a mhíníonn láithreoir an chláir, Cormac Ó hEadhra, láithreoir Drivetime Radio 1 do RTÉ.ie/Gaeilge.
"Plus ça change ar bhealach! Ach bhain scéal le vóta Gerard Hutch. Bhain scéal le ísliú vóta an Chomhaontais Ghlais aineoinn uafás aeráide chomh maith."
"Freisin tá sé suntasach go mbeidh FF & FG ar ais i gcumhacht cé go bhfuil géarchéim tithíochta mílteanach ann - an é nach bhfaca vótóirí freagraí ar an taobh eile?"
Cad é an buntáiste nó mí-bhuntáiste a bhaineann leis an gcóras aonvóta atá againn féin i gcás na hiomaíochta idir iarthóirí?
"Sílim i gcomhthéacs na polaitíochta faoi láthair ar fud an domhain gur maith an rud an córas vótála atá againn."

"Níl freagraí simplí dubh agus bán ar cheisteanna casta polaitiúla agus fágann an córas ionadaíochta chionmhar agus aonvóta inaistrithe (pr/stv) spás do pháirtithe beaga agus glórtha eile…brúitear isteach 'nuance'."
Is féidir bheith ag súil le go leor den chineál céanna ábhair sa sraith spéisiúil seo.
Clár 1 - Olltoghcháin 1977
Cuirtear tús lenár scéal i 1977, nuair a bhí bús sceitimíní ag baint le vótáil! Bhí an domhan mór ag streachailt le boilsciú thar na bearta, dífhostaíocht agus ganntanas ola. Ré 'Hall's Pictorial Weekly' agus 'An tAire Cruatain’ a bhí ann in Éirinn.

Dar le Fianna Fáil bhí an comhrialtas Fhine Gael/An Lucht Oibre freagrach as go leor den fhulaingt, an n-éireoidh leo an rialtas sin a chuir as cumhacht? Nuair a bhí an domhan i gceartlár géarchéim eacnamaíochta an mbeadh vótálaithe meallta ag a leithéid gealltanais fáil réidh le cáin bóthair?

It's 1977 and, with promises like scrapping car tax, auction politics reached new heights in Ireland. The country was struggling under the Fine Gael/Labour coalition so maybe Fianna Fáil could persuade the country to "Bring Back Jack".
Clár 2 - Olltoghcháin éagsúla 1981-1982
Trí olltoghcháin a bhí i gceist laistigh de bhliain go leith! Bhí dianiomaíocht idir an bheirt a bhí ag iarraidh a bheith tofa mar Thaoiseach, Charlie Haughey agus Garret FitzGerald.
An bhféadfadh le Fianna Fáil tromlach a bhaint amach? Nó an gcruthódh comhrialtas idir Fine Gael agus an Lucht Oibre an rialtas seasmhach a bhí, de réir dealraimh, ag teastáil go géar ón tír?
You wait 4 years for a general election and 3 come along, one after another! Starting in 1981, two of Ireland political heavyweights, Garret FitzGerald and Charles J. Haughey, go head to head over three gruelling contests. Who would come out on top?

Dar le Paul Rouse, Ollamh in Scoil na Staire Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, go raibh buaic ar leith ag baint le h-olltoghcháin 1981/82.
"Idir Meitheamh 1981 agus Samhain 1982 bhí trí Olltoghchán in Éirinn. Is díol suntais scéal na dtoghchán seo agus bhí sé thar a bheith suimiúil dul ar ais trídtuairiscí na bhfeachtas agus na ndíospóireachtaí."
"Chríochnaigh na toghcháin sna coimhlintí idir ceannaire Fhianna Fåil, Charles Haughey, agus ceannaire Fhine Gael, Garret Fitzgerald. Ach tá i bhfad níos mó ná sin ann: is cúlra é sin de thír a bhí ag éirí as airgead, ina raibh an eisimirce go forleathan agus ina raibh an foréigean i dTuaisceart Éireann brúidiúil."

Canathaobh ar roghnaigh Éireann an córas vótála atá againn?
"Baineann Éireann úsáid as ionadaíocht chionmhar - PR, nó Proportional Representation - chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin. Bíonn aon vóta inaistrithe, Single Transferable Vote, ag gach vótálaí."
"Tugadh isteach an modh vótála seo – seachas 'First Past the Post' a bhí ann nuair a bhí Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe – do na chéad toghcháin do Shaorstát Éireann i 1922 agus ansin cumhdaíodh é i mBunreacht na hÉireann i 1937."
"Theip air dhá reifreann le hathrú ar an gcóras vótála. Is é an bunspreagadh ná ionadaíocht mionlaigh a cheadú."

Clár 3 - Olltoghcháin 1997
Díríonn Clár a 3 ar thoghchán 1997 agus deis annamh i bpolaitíocht na hÉireann… deis a bheith i gceannas ar gheilleagar rathúil!
Ar thaobh amháin bhí an rialtas, an Comhrialtas Bogha Ceatha, faoi cheannas John Bruton ó Fhine Gael, agus in iomaíocht leo siúd bhí ceannaire Fhianna Fáil, fear le scór bliana de thaithí stocaireachta aige, Bertie Ahern.

In 1997 Ireland was a country on the up. The economy was booming, unemployment was tumbling and the Rainbow Coalition was a popular government. Perfect time, surely, for a summer election or would that play into the hands of seasoned campaigner, Bertie Ahern?
Clár 4 - Olltoghcháin 2011
San eipeasóid dheireanach tá an "toghchán crith talún" 2011. Nuair a thit an tóin as cúrsaí eacnamaíochta bhí an tír i bponc bhí fonn díoltais ar na vótálaithe. Ní raibh amhras ar bith go mbeadh Fianna Fáil thíos ach ceist an mharthanais a bhí inti chomh maith.
Bhí an páirtí a bhí ar an bhfórsa ceannasach i bpolaitíocht na hÉireann ó 1932 ar aghaidh anois i bhfíor-chontúirt. An bhféadfadh an ceannaire nua, Micheál Martin aon rud a dhéanamh chun iad a choinneáil ar an bfhód?
By 2011 The Celtic Tiger was a distant memory. After the bank guarantee and the bailout the public were angry. Fianna Fáil would surely get punished in the general election but could the dominant force in Irish politics since 1932 survive or did they now face political oblivion?

Tá cainteoirí bríomhara mar chroílár na sraithe, iriseoirí agus tráchtairí iad ar fad a bhfuil spéis agus paisean acu do pholaitíocht na hÉireann.
Curtha i láthair ag Cormac Ó hEadhra, Drivetime, RTÉ Radio 1, beidh ardteannas agus spleodar na polaitíochta ag am an toghcháin le brath sa tsraith nua seo.
Vótáil - anocht 20ú Eanair, 8pm ar RTÉ One agus RTÉ Player