Tá an fhoilsitheoir Gaeilge Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na fírinne. Beidh cuimhne air toisc a dhílseacht don Ghaeilge, mar ghníomhaí teangan, mar scríbhneoir agus gan amhras mar fhoilsitheoir leabhar Coiscéim.
Bhí sé pósta leis an t-ealaíontóir, Clíodna Cussen, nach maireann, agus seisear mac acu — Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus.
Seo Pádraig ag léamh dán leis, 'Grafton Street', mar chuid den sraith Poetry Readings @ UCD.
Is é an manna a bhí aige ar suíomh Coiscéim na 'A Ghaedheala, cabhruighidh le Gaedhal!' Is mór an chabhair a thug Pádraig Ó Snodaigh do Ghaedhal a gcuid saothar a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge le breis agus daichead bliain.
Go mbeidh suaimhneas síoraí aige.
Tuilleadh eolais fé na leabhar a d'fhoilsigh Coiscéim go seo ag Coiscéim.