Seo mar a labhair Peig Sayers ar an Nollaig ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir sa bhliain 1947 ar Raidió Éireann agus í ag caint le Séamus Ennis agus Seán Mac Réamoinn agus Joe de Lacy.
Sa taifead seo, cloiseann muid an scéalaí iomráiteach ag caint ar an áthas a bhíodh ar na daoine óga ar an oileán agus iad ag súil leis an Nollaig. Deir sí go mbíodh 'féiríní' ag teacht chucu ó thall agus abhus. Labhair sí mar gheall ar an obair a bhíodh ar siúl ag na cailíní 'fásta suas' agus iad ag ullmhú don Nollaig.
Mhínigh sí go mbíodh daoine ag dul ó thigh go tigh ar cuairt ag a gcomharsan agus iad ag rince, ag seinnt ceoil agus ag céiliúradh na Nollag. Luann Peig an ról speisialta a bhíodh ag an dreoilín freisin, traidisiún atá fós le feiceáil i gCorca Dhuibhne. Luann sí freisin an coinneal speisialta a bhíodh ar lasadh Oíche Nollag i dtithe an Oileáin. 'Chaithidís an Nollaig go compordach', a deir sí faoi mhuintir an Oileáin.
Ag caint faoi bheannachtaí na Nollag agus na hAthbhliana, luaigh Sayers an bheannacht speisialta 'an sonas isteach an donas amach' le tús a chur leis an mbliain nua.