Scríobhann Niamh Ní Bhaoill, léiritheoir an chláir, Séamus Begley, The Bold Kerryman faoin aithne a bhí aici ar an bhfathach mór ceoil agus comhluadar.
Ó am go h-am bíonn duine ann a théann i bhfeidhm go mór ar shaol an cheantair ina maireann siad, duine a thugann níos mó ná mar a thógann, duine a roinneann a bhfuinneamh, duine a spreagann. Bhí na tréithe sin ar fad ag Séamus Ó Beaglaoich, ach níorbh shin é a leath.
Fathach fir ab ea é, a d'árdaigh croíthe le spleodar fhuinnúil a chuid ceoil, a chuir muid faoi dhraíocht lena ghuth binn milis, a chuir ag rince agus ag amhrán sinn, agus a d’fhág muid lag ag gáirí lena rógaireacht síoraí. Aon seomra dá siúlfadh sé isteach ann, d’árdaigh an spraoi ar an bpointe - má bhí Séamus ann bhí a fhios agat go raibh oíche mhaith romhat.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí sé chomh flaithiúil lena chuid ceoil, a chuid amhráin agus a chuid ama. Chuirfeadh sé fáilte roimh gach aon cheoltóir sa seisiún rialta i dTigh Uí Néallagáin sa Daingean agus dhéanfadh sé cinnte go bhfuair gach éinne seans tiúin a thosnú, cuma an sár-cheoltóir ab ea iad, nó duine a bhí ag tosnú amach ar bhóthar an cheoil. Ní dhearúdfidh mé go deo na seisiúntaí ag Scoil Cheoil an Earraigh le Séamus agus a threabh, mar bhíodh treabh leis i gconaí pé áit dá rachadh sé, bí ag caint ar chraic!
Éist anseo le Séamus ag ceol Coinne an Linbh Íosa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2017.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí saibhreas Chorca Dhuibhne go smior in Séamus, an ceol, na hamhráin, an teanga, an talamh, chaith sé a shaol leis na rudaí sin agus is boichte iad agus é imithe.
Thug sé mórán, dá chlann, dá chairde, do na daoine a chuala é ag ceol anso in Éirinn agus thar lear. Agus muid ag obair ar an gclár seo faoi Shéamus léiriodh go soiléir dúinn an cion a bhí ag daoine air. Aon duine a ndeachaigh muid chun cainte leo ag lorg eolais, nó agallamh, nó pictiúr, nó aon saghas cabhair, n’fhéadfaidís dóthain a dhéanamh dúinn, mar gan dabht, ní dúinne a bhí siad á dhéanamh, ach do Shéamus.
Tá iarracht déanta againn sa chlár seo cuid dá scéal a insint, fear Gaeltachta ach fear idirnáisiúnta, fear dáiríre agus fear seoigh, fear a bhí chomh compórdach céanna amuigh sa ghort ar an tractor is a bhí ar stáitsí mór an domhain. Tá oidhreacht iontach fágtha ina dhiaidh ag Séamus sna daoine a spreag sé, sa cheol ealaíonta a chruthaigh agus a mhúnlaigh sé, agus ina chlann ceolmhar ina bhfuil a spiorad beo beathaíoch ina bhfeitheacha ceolmhara. Gura fada buan iad.
Féach siar ar Séamus Begley: The Bold Kerryman ar RTÉ Player anseo.