Tá Traolach Ó Murchú, bunaitheoir an chomhlachta léiriúcháin agus meáin, Trup Trup, in iarthar Chorcaí, i mbun saothar a sholáthar do na hearnála telefíse agus scannáin le roinnt blianta. Le déanaí, tá sé ag tapú deiseanna an Intleachta Shaorga.
An chéad uair gur labhair an té seo le Traolach Ó Murchú bhí sé i gcathair Whitehorse i gcríocha Yukon, Cheanada sa bhliain 2014, ag obair san earnáil telefíse agus scannáin. Ó shin tháinig sé abhaile - leis an chú mór dúchasach, Kusawa (ainm chuí!) - agus chuaigh sé i mbun oibre i gCorcaigh. Labhair sé RTÉ.ie/Gaeilge fén obair a bhíonn ar siúl aige anois agus fén dúil aige san AI mar mhodh léiriúcháin.
Cén saghas saothar a bhíonn idir lámha agaibh?
"Is comhlacht léiriúcháin meáin agus intleacht shaorga Trup Trup, lonnaithe in Iarthar Chorcaí agus oifig againn i mBóthar na gCloch i mBleá Cliath chomh maith."
"Táimid ag obair go dhátheangach mar go gcreidimid go bhfuil ana-chuid deiseanna le haghaidh scéalaíocht úrnua agus scéalaíocht cruthaitheach iniata i dteanga na Gaeilge agus táimid ana-dhírithe ar san."
"Cuirimid, dá réir, seirbhísí ar fáil tré Ghaolainn agus tré Bhéarla do chomhlachtaí léiriúcháin meáin eile, go dtí scannáin agus cláracha teilifíse. Sa leath eile déanfaimid forbairt ar ár smaointí scannáin féin. Fé láthair tá smaoineamh againn os comhair Fís Éireann agus sinn ag lorg maoinithe agus tacaíocht forbartha."
"Ach tá sé suimiúil i gcomhthéacs an chomhrá seo, mar chuid den smaoineamh sin os comhair Fís Éireann, tá intleacht shaorga mar ábhar sa scannán, ach nach féidir linn an scannán a dhéanamh gan intleacht shaorga a úsáid mar nach mbeadh an t-airgead againn."
Blaiseadh den intleacht shaorga, cruthaithe ag Trup Trup don agallamh seo, mar eiseamláir.
Ceart. Mar sin tá tusa ana-thógtha leis na buntáistí ar fad atá ar fáil, tá tú ag foghlaim le bogearraí intleacht shaorga cheana féin. Cad déarfá leotha siúd, cosúil liomsa, a bheadh imníoch fé mí-úsáid intleacht shaorga nó imníoch go ginearálta fén cumhacht a bheadh ag, cineál, drochdhaoine agus iad ag baint tairbhe dóibh féin as intleacht shaorga?
"Ar an gcéad dul síos déarfainn nach bhfuil ann ach uirlis ar nós aon uirlis teicneolaíochta. Bíonn am i gceist i gcónaí go mbeadh daoine ag dul i ngleic leis. Tharla sé leis an traein, tharla sé leis an teileafóin, tharla sé leis an idirlín agus tá sé ag tarlúint anois le intleacht shaorga."
"Tuigim go hiomlán dóibh siúd go mbeadh imní ortha faoi, mar tá an méid san cumhachta ann agus cheana féin tá rud éigin feicthe nó léite againn go léir atá scríte nó cruthaithe ag intleacht shaorga."
"Ach ceapaim go bhfuil daoine i bhfad níos airdeallach anois ó thaobh an ábhair atá siad ag léamh nó ag sú isteach ar líne nó in aon áit eile. Sin an chéad rud a déarfainn."
"Tá daoine cliste go ginearálta agus beidh siad ag cur ceisteanna maidir leis an ábhar atá os a gcomhair amach; an bhfuil sé seo fíor? An duine fíor é san? An ndúirt an bhean san na rudaí san? Agus cé tá taobh thiar den bhfís seo? Cé dhein é? Cén fáth gur dheineadar é?"
"An bhfuil aon difríocht i ndáiríre idir na ceisteanna san maidir le intleacht shaorga agus ceisteanna fé alt i bpáipéar nuachta?"
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le painéal ag plé an intleacht shaorga ar Pé Scéal É... ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
An feed a fhaigheann siad gach lá?
"An feed a fhaigheann tú gach uile lá ar do mheáin sóisialta nó do tháibléid. Dar liom féin ba cheart dúinn bheith i gcónaí ag ceistniú an t-ábhar atá os ár gcomhair amach."
"Má tá mise nó éinne ag léamh páipéar nuachta caithfidh tú ceisteanna a chur fé cé tá ag tabhairt maoiniú don bpáipéar nuachta san? Cad iad na smaointí domhanda atá ag na daoine san? Cad é an tuileann atá ag an iriseoir? Cad tá san áireamh sa scéal agus cad tá fágtha in easnamh?"
"Ar an mbonn san, mar sin, níl difríocht ollmhór ó thaobh eolas agus mí-eolas agus mí-úsáid, idir páipéar nuachta traidisiúnta agus ábhar intleacht shaorga, dar liom féin. Agus an t-am ag dul thart, beidh daoine níos airdeallaí ná mar a bhíodar ó thaobh an difríocht idir fíor-ábhar agus ábhar b'fhéidir nach bhfuil cruinn."
Cuid den saothar atá cruthaithe ag Trup Trup Media in Éirinn agus thar lear.
Cé tá taobh thiar de is dócha an bun rud agus is é an dá mar-a-chéile é alt nuachtáin nó rud cruthaithe ag AI. Cad é mar sin -
"Déarfainn rud amháin eile fén uirlis san, is féidir é a mhí-úsáid ach tá sé ar fáil do gach duine. Mar sin má tá daoine amuigh ansin agus tá siad ag iarraidh ábhar olltoghcháin a chur amach nach bhfuil b'fhéidir cruinn nó b'fhéidir ag iarraidh eagla a chur ar daoine, bhuel is féidir le daoine ar an dtaobh eile an rud ceannann céanna a dhéanamh – is páirc imeartha leibhéalta atá ann. Tá an chumhacht ag gach duine."
Ar an ábhar san, an chumhacht sin atá ag gach duine nó an daonlathas a bhaineann leis an AI, tá fís agat is dócha go gcruthóidh sé seo tuilleadh scéalta nó go gcloisfimid tuilleadh scéalta toisc anois go mbeidh, le himeacht ama agus daoine ábalta an bhogearra a cheannach, go mbeidh daoine ábalta an intleacht shaorga a úsáid agus gur chun tairbhe an chine daonna é go mbeidh níos mó scéalta á chloisint againn nach bhfuil á gcloisteáil go fóill?
"Creidim go hiomlán go bhfuil ana-chuid féidireachtaí ann ó thaobh intleacht shaorga agus daonlathas. Ar an scála mór, tá scannán cosúil le 'Everything Everywhere All at Once', bhuaigh sé 10 Oscar an bhliain seo caite, agus d'úsáideadar intleacht shaorga chun an scannán san a dhéanamh."
"D'úsáideadar é i slí gur shábháladar ana-chuid ama agus gan amhras am, nuair atá tú ag caint fé scannán, sin airgead, mar sin shábháladar ana-chuid airgid agus am. Dheineadar éifeachtaí físiúla dochreidte sa scannán san."
"Agus sin an rud is mó i ndáiríre nuair atáimid ag caint ar léiriú scannáin agus léiriú teilifíse. Aon rud atá físiúil, is sábháil ama atá i gceist agus dá bharr san is sábháil airgid atá i gceist."
"Fíú leis an nglaoch Zoom seo anois, beidh fís saor in aisce agam, agus beidh caighdeán íseal ag an bhfís san, ach fós beidh mé in ann obair le AI chun éifeachtaí físúla a gcur leis, ar costas an-íseal."
"Ag bun an scála ansan do dhaoine nach bhfuil an saghas buiséad san acu, na constaicí a bhí ann roimhe seo...tá deis agamsa, b'fhéidir go bhfuil deis agatsa, ag ana-chuid daoine, tá slí isteach againn, chun teacht ar an dréimire in earnáil na teilifíse nó earnáil na scannánaíochta nó pé earnáil."
"B'fhéidir go bhfuil sé deacair ach tá deis againn cos a chur ar an dréimire, agus má bhíonn an t-ádh orainn, is féidir linn dreapadh in airde."
"Tá ana-chuid daoine mórthimpeall an domhain nach bhfuil an deis san acu in aon chur. B'fhéidir go bhfuil tíreolaíocht i gceist – cá bhfuil siad lonnaithe? Tá airgead i gceist, níl airgead acu. Oideachas, b'fhéidir, níl siad in ann teacht ar oideachas. Níl siad in ann teacht ar ríomhaire nó pé rud."
"De bharr go bhfuil an costas anois chomh híseal chun éifeachtaí físiúla a dhéanamh agus fiú chun duine a chruthú agus aisteoir a chruthú, tabharfaidh sé deis do na daoine san an slí isteach acu chun a scéalta a insint, agus beidh slí isteach acu chun a scéalta a chur ar an scáileáin mór nó ar RTÉ nó ar Netflix nó pé rud."
"Cuirfidh sé sin go mór le éagsúlacht na scéalta ar a bhfuilimid ag breathnú."
Tuilleadh eolais ar obair an chomhlachta Trup Trup anseo.
Some of the content in this article was created using artificial intelligence software and is used for illustrative purposes only.