skip to main content

Leabhar na Míosa An Cúinne Dána ar RTÉ RnaG - 'Scéalta Nollaig' le Alan Titley

Dúshláin iad na scéalta seo a leag an t-údar roimhe nuair a d'iarradh air 'píosa cainte' a thabhairt Nollaig áirithe - iarrachtaí atá ionta 'casadh a bhaint as rud éigin nár triaileadh roimhe sin'.

Dar le Titley gur áis iontach é scéal Nollaig, sé sin an scéal áirithe a bhaineann le breith Chríost 'le nithe eile a chrochadh air agus a fhadú as'. Labhair sé le RTÉ.ie/Gaeilge fén cur chuige aige agus ar théamaí na gcolúin.

"Sin é, tá scéal na Nollag ar eolas againn go léir agus is cuma fiú más págánach tú agus mura dtéann tú go dtí eaglais nó séipéal de shaghas ar bith, abair, níl aon éalú ó scéal na Nollag. Tá na cártaí Nollaig ann, tá pictiúir Mhuire agus an leanbh Íosa, na haoraigh chaorach."

"Tá na hiomainn ann agus na sailm, tá na scannáin ann agus mar sin de agus dá bhrí sin duine ar bith atá ina gcónaí in áit ar bith a raibh tionchar Chríostaí air, tá an scéal seo ar eolas ag daoine. Dá bhrí sin an tráth seo, um Nollaig, bíonn sé seo á brú orainn, ó thaobh na dtaobhanna mar sin is áis iontach na beatha, dar liom, le rudaí áirithe a rá mar gheall ar an saol ina mairim."

"Is ar son go bhféadfaí fabhalscéalta a bhunú air seo toisc go bhfuil sé seo ar eolas againn agus toisc gan amhras gur Críostaithe nó gur iar-Chríostaithe nó gur neamh-Chríostaithe nó ainchríostaithe formhór na ndaoine sa tír agus dá bhrí sin go mbeadh eolas acu air seo agus go bhféadfaí dá bhrí sin rudaí éigin a bhunú air."

"Sin é an fáth gur scríobhas é agus is scéalta iad seo a bhí á scríobh agam le 20 bliain anuas ar an Irish Times, ceann in aghaidh na bliana, uaireanta dhá cheann, ag brath ar dá rithfeadh rudaí liom. Inné féin, scríobhas ceann eile ná fuil sa leabhar."

Macasamhail an scríbhneora Seapánaigh, Ryunosuke Akutagawa, a scríobh Rashomon, is insint atá agat in roinnt de na scéalta ó láthair éagsúla, tré shúile nua, ar nós 'Malairt Scéil', ina bhfuil an saol an-difriúil toisc nár mhair Críost thar an dá bhliain d’aois?

"Sea, tá suim agam sa rud ar a dtugann siad malairt staire ann, tá’s agam nach stair atá sa mhalairt staire. Cur i gcás gur maraíodh Hitler sa timpiste bhóthar a bhí aige i 1933, conas mar a bheadh an domhain? Dá mba rud é gur bhuaigh taobh na hÉireann ag cath Chionn tSáile, nó Cath na Bóinne, nó ceann éigin díobh san, conas go mbeadh an saol? Ceist a chuireas orm féin fadó riamh, cad é an réabhlóid in Éirinn a bheadh éiritheach a shlánódh an Ghaeilge?"

"Go hiomlán, gan polasaithe a bheith ann, gan tacaíocht Stáit, go dtarlódh sé go nádúrtha An freagra a bhí agam ná 1798. Dá mba rud é gur bhuamar in 1798, bheadh Stát ann, ní bheadh an tír chomh Caitliceach is a bhí, mar bhí sé bunaithe cuid mhaith ar Réabhlóid na Fraince bheadh formhór mór na tíre ina gcainteoirí Gaeilge in ainneoin gur Béarla a bhí ag lucht a gceannais ach ní bheadh aon bhrú ann go leathnódh an Bhéarla ar fud na tíre san naoú céad déag."

Agus ní tharlódh an Gorta Mór?

"Gan amhras ní tharlódh an Gorta Mór in aon chur, ní tharlódh Dónal Ó Conaill mar a bhí sé, ní tharlódh an ceangal leis an mBreatain amach go dtí 1922 agus mar sin de. Dá bhrí sin níl ann ach ceist gurbh fhiú a chur ort féin atá ionta ar fad."

"Cuir i gcás gur maraíodh Íosa, más fíor an scéal a bhaineann le Héaróid, más fíor gur maraíodh é, cad é an creideamh a bheadh againn, nach é creideamh na Róimhe a bheadh á scaipeadh ar fud an domhain? Nó an Moslamaigh a bheadh ionainn?"

"Ach b’fhéidir nach mbeadh na Moslamaigh ann gan na Críostaíochta a bheith ann sa chéad áit! Mar bhí tionchar na Críostaíochta ar Mhoslamaigh. Is ceisteanna móra iad seo arbh fhiú ar a laghad ar bith o ndúiseofaí iad, mar táimid go léir ag brath ar rudaí a tharla cheana féin."

Sluaite i mbun siopadóireachta Nollaig.

Agus Lá le Lugh seachas Lá le Pádraig! Deir tú chomh maith go bhfuil go leor Nollaig éagsúla ann chomh maith?

"Tá an Nollaig Chríostúil, arb é sin an bunús atá leis, cé go ndéarfadh daoine go bhfuil sé bunaithe ar searmanais éagsúla a bhí ann ag casadh na bliana – abair ag Brú na Bóinne a tharlaíonn cúpla lá roimis sin le tiontó na gréine agus mar sin de, agus na tíortha go raibh an talmhaíocht istigh ionta go mór agus go mbeidis ag faire ar an aimsir."

"Ach an Nollaig eile, Nollaig na tomhaltóireachta, Nollaig an airgid, an Nollaig is mó atá ann faoi láthair ná go gcaithfidh tú bheith ag ceannach is ag ceannach is ag ceannach, go bhfeiceann tú na fógraí seo go léir mar gheall ar 'bhéile na Nollaig'."

"Níl ann ach aon bhéile amháin! Ba dhóigh leat ar dhaoine áirithe go mbeadh na siopaí dúnta ar feadh seachtaine, go raibh gorta ag teacht sa tír; go gcaithfí gach aon saghas pióg, maróg agus gach aon saghas ruda a thabhairt isteach ar eagla go mbeifeá gann ar bhia!"

Fleá Bhricreann nua-aimseartha!

"Díreach é! Tá an rud ar fad amaideach agus maireann sé ar feadh míosa ar a laghad agus sin í an Nollaig eile. Cuid de na téamaí atá sa leabhar baineann siad ar chaoi leis an gcoinbhleacht ar an dá cheann san – sílim go bhfuil scéal nó dhó ina bhfuil Santí agus Íosa in aighneas le chéile agus ar shlí tá siad in aighneas le chéile mar is dhá thuairim den Chríostaíocht ann."

"Maraímid leis an dá cheann san; téann daoine chun Aifrinn, éisteann siad leis an Sailm agus leis na hiomainn, is breá leo é san, tá na hamhrán go léir ar eolas againn agus ag an am gcéanna tá a mhalairt ann, sé sin gur cuma leotha, gurb iad na féiríní agus na giuirléidí is na bábailíní – sin iad na nithe is tábhachtaí ar fad!"

Agus saibhreas lucht ginte aibhléise, ar a bhfuil trácht agat sa scéal 'An Nollaig ar Feadh na Bliana', dírithe ar an méid sin go léir?

"Bhuel is cuimhin liom b’fhéidir dhá bhliain ó shin anois bhíos istigh i siopa i lár Bhleá Cliath agus thógas an t-ardaitheoir mícheart. Tháinig mé amach as an ardaitheoir ar léibhinn éigin in airde ar bharra an tí, d’osclaíos doras agus isteach liom agus bhí ‘...it sounds a lot like Christmas, anywhere you go...’ – agus na hamhráin go léir. Bhíodar ag ullmhú don Nollaig, Deireadh Fómhar nó Meán Fómhar, ní cuimhin liom ach bhí sé ana-luath ar fad agus arsa mise liom féin ‘Táimid as ár meabhair!’"

Tá Scéalta Nollag le Alan Titley, foilsithe ag LeabharCOMHAR, ar díol anois.