Grianstad an Gheimhridh á cheiliúradh ar fud an Domhain trí Nasc Beoshrutha Taibhsiúil.
Rinne na mílte daoine iarratas le bheith i láthair agus súil acu éirí gréine Ghrianstad an Gheimhridh a fheiceáil laistigh den Seomra Adhlactha i Sí an Bhrú agus chuir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) fáilte roimh bhuaiteoirí crannchuir na bliana.
I mbliana, bhí an t-ádh ar dhaoine ó chian is ó chóngar, ina measc, daoine as Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Contae na Mí chomh maith le daoine as an Ostair agus SAM.
Chomh maith leis na buaiteoirí crannchuir, bhí lucht féachana ó gach cearn den domhan ag féachaint ar an imeacht tríd an nasc beoshrutha a eagraíodh i gcomhar lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Ar maidin, bhí an spéir geal agus glan, chonaic an lucht féachana solas na gréine ag scaladh isteach sa séadchomhartha ársa trí bhosca an dín agus ar feadh an phasáiste agusag leathadh isteach sa seomra adhlactha. Bhailigh na céadta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh lasmuigh den séadchomhartha agus bhí lúcháir an Ghrianstad le mothú ina measc.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Muiris Ó Súilleabháin ag caint le Fionnuala ar Iris Aniar ar an lá seo sa bhliain 2021.
Dúirt Rosemary Collier, Ceannasaí na Seirbhísí Oidhreachta agus Seachadadh Oibreacha Caipitiúla Oifig na nOibreacha Poiblí:
"Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun fáilte a chur chuig Sí an Bhrú roimh bhuaiteoirí um chrannchur Ghrianstad an Gheimhridh agus cuirim fáilte roimh gach duine a bheidh ag breathnú isteach trínár nasc beoshrutha."
"Chonaic cuairteoirí agus lucht féachana an feiniméan seandálaíochta seo dóibh féin. Is am i gcomhair machnaimh agus athnuachana é Grianstad an Gheimhridh agus is ócáid an-suntasach agus speisialta é. Seo am ina bhfágaimid slán ag na hoícheanta fada dorcha agus fáiltímid roimh an mbliain nua le dóchas".
Tá taifeadtaí de na himeachtaí beoshruthaithe i 2020, 2021, 2023 agus an lae inniu ar fáil ar chainéal YouTube Oifig na nOibreacha Poiblí.
Lean muid ar Twitter @opwireland, ar Facebook @opwireland, Instagram @opwireland