skip to main content

Batman! Yakuza, Shenmue agus eile um Nollaig

Feachtasóir an Chaidhp, Batman.
Feachtasóir an Chaidhp, Batman.

Thá Nollaig buailte linn agus gan dabt ní bhéimid ábalta aoibhneas an tséasúir a sheachaint! Cinnte beidh neart againn gnóthach agus muid ag ceiliúradh gan dabht, ach beidh neart eile ag cluichíocht le bhur gcairde leis (mé féin san áireamh).

Seo rogha desna cluichí le spriorad na Nollag iontu.

Shenmue

Tarlaíonn an cluiche seo i rith mí na Nollag agus thá fiú Santaí le feiscint i measc na ndaoine (tánn tú ábalta labhairt leis chomh maith). Bhí an cluiche seo ar cheann desna cluichí ba mhó tionchar an aimsir sin. Cé ná fuil an cluiche ar fad fén Nollag, is sáreispéireas é a imirt sa chluiche fánaíochta seo.

Batman: Arkham Origins

Is réamhscéal é Arkham Origins a tharlaíonn ar Oíche Nollag. Úsáideann sé an léarscáil chéana athá le feiscint in Arkham City, ach le cuma na Nollag air. Thá atmaisféar sách gleoite 'gus uaigneach ar Gotham City dá bharr sin ach oireann sé go mór don gcluiche. Sa chluiche seo, is zón cogaidh é an chathair toisc go bhfostaíonn Black Mask feallmharfóirí chun deireadh a chur le Batman.

Yakuza

Thá roinnt desna cluichí sa tsraith Yakuza suite i mí na Nollag cé ná fuil béim air ar an iomlán. Ach i Yakuza 5, mar shampla, thá mionscéal ann leis an gcarachtar Saejima. Sa mionscéal seo, caitheann sé culaith Daidí na Nollag agus é ag iarraidh maistíní a stopadh i Kamurocho. Oh, agus gan amhras, tánn tú in ann do naimhde a chlúdú i sneachta agus Fir Sneachta a chruthú uathu leis…

Spider-Man: Miles Morales

Suite i Nua Eabhrac, díríonn an scéal ar Miles agus é ag déanamh a bhealach abhaile ón scoil chun laethanta saoire na Nollag a chaitheamh lena chairde agus a mháthair. Ach faraor, mar is ghnáth, thá plean eile ag na drochdhaoine agus s'é cúram Miles an chathair (agus na gnáthdhaoine) a shábháil. Is le cumhacht a thagann freagracht mhór, mar a deirtear!

Parasite Eve

Cluiche eile i Nua Eabhrac ná Parasite Eve. Caithfead a adhmháil ná fuil spriorad na Nollag le feiscint sa chluiche seo (is cluiche uafáis é i ndeireadh na dála) ach s'é ceann desna RPGs is fearr ó na nóchaidí agus tarlaíonn an cluiche i dtrátha na Nollag.

Glacann an t-imreoir an ról mar an bhleachtaire Aya Brea agus í ag freastal ar ceoldráma. Faigheann na haon duine bás ach amháin ise ar fáth éicint agus dar ndóigh caithfidh Aya an domhan a shábháil. Níl bua gan dua gan dabt.

The Darkside Detective

Suite sa chathair fhicseanúil Twin Lakes, is cluiche eachtraíochta é seo ina bhfuil ar na bleachtairí cásanna áirithe a réiteach. Sa chás darbh ainm 'Buy Hard' (imeartas focal den chéad scoth) thá béim ar an Nollaig agus iad ag iarraidh bronntanas déanach a cheannach. Ach téann rudaí ina cíor thuathail go tapaidh! Tá an stiúideo a chruthaigh an cluiche, Spooky Doorway, lonnaithe in Éirinn leis.