Sé 'Scéalta Nollag' le Alan Titley atá mar Leabhar na Nollag ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock. Sa chéad tareitilt, tugann Áine Ní Ghlinn, mar is dual di, a tuairim ina thaobh ar Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil.
Leaganacha an cholúin nuachtáin, Crobhingne, an Irish Times, a foilsíodh cheana formhór na scéalta atá sa leabhar 'Scéalta Nollag' le Alan Titley. Dar le hÁine Ní Ghlinn gur fabhalscéalta atá anseo ina bhfuil ceachtanna le foghlaim ag daoine astu.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is súil eile iad ar scéalta a bhfuil cur amach nó eolas ag daoine ortha ina bhfuil castaí beaga curtha san insint ag Titley, nó a bhfuil reacaire nua á ríonadh, mar shampla.
Altanna iad formhór na scéalta nó gearrscéalta nach bhfuil ach leathanach nó dhó i ngach aon cheann acu, cé is móite den scéal deireannach, Lá Breithe.

Molann Áine gur leabhar atá anseo gur féidir scéal a léamh anseo agus ansiúd, óir nach gá an t-iomlán a léamh in aon suíomh, ach blaiseadh a thógaint anois is arís.
Beidh Michelle Nic Pháidín agus Katie Whelan i mbun tuilleadh léirmheasta ar an leabhar ar An Cúinne Dána ag a 2.05 inniu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh agallamh leis an údar Alan Titley le foilsiú Dé Satharn beag seo ar RTÉ.ie/Gaeilge.