Ó chroílár Luimnigh, tá Bitesize Irish ag cabhrú le daoine ar fud na cruinne athcheangal a dhéanamh le cultúr na hÉireann tríd an amhránaíocht. Tá cúrsa nua 'Sing in Irish' deartha do gach duine a mhothaíonn an mealladh le hamhráin na hÉireann a chanadh.
San áireamh sa chúrsa tá:
- Ceithre amhrán aitheanta (agus níos mó le teacht)
- Físeáin maidir le comhthéacs cultúrtha agus stairiúil gach amhráin
- Treoir foghraíochta do dhaoine nach raibh an Ghaeilge acu ar scoil
"Ní hamháin go mbaineann an tionscadal seo le foghlaim na n-amhrán, ach le turas pearsanta chun nascadh le d'fhéiniúlacht agus oidhreacht féin", a dúirt Eoin Ó Conchúir, bunaitheoir Bitesize Irish. "Táimid ag feiceáil daoine in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, i gCeanada, agus i dtíortha eile atá ag foghlaim na n-amhrán seo anois. Tá seans acu teacht ar scéal agus brí na n-amhrán."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Eoin agus Niall ó Bitesize Irish ag caint le Máire Treasa ar Pé Scéal É...
D’fhorbair foireann Bitesize Irish an cúrsa nua, agus an forbróir ábhar foghlama Niall Ó Siadhail á phleanáil. Is scríbhneoir é Niall, a bhuaigh comórtas na ngearrscéalta ag an Oireachtas in 2024.
Tá ceanncheathrú Bitesize Irish i Luimneach, agus tá an comhlacht ag cabhrú le daoine lena n-aistear foghlama ó 2010. Leis an gcúrsa nua 'Sing in Irish' tá siad ag cur lena dtáirgí agus ag aimsiú bealaí nua chun daoine a cheangal le cultúr na hÉireann tríd an amhránaíocht.
Tuilleadh eolais ó Bitesize Irish.