skip to main content

Conas lucht féachana a mhealladh? Dein éasca dóibh é!

Bríd Ní Ghruagáin ag tairiscint duit an ealaín a bhlaiseadh
Bríd Ní Ghruagáin ag tairiscint duit an ealaín a bhlaiseadh

Sopráin í Bríd Ní Ghruagáin a bhfuil an-taithí aici ar chláir stáitsí éagsúla a shiúl agus cabhraíonn an taithí sin léi cúnamh a thabhairt do roinnt ionaid ealaíona agus amharclannaíocht lucht féachana éagsúla a mhealladh chun léirsithe agus imeachtaí.

Míníonn sí do RTÉ.ie/Gaeilge atá i gceist leis an obair seo.

Cad go díreach é seo an 'éascaíocht rochtain' lena bhfuil tú bainteach?

"Níl sé éasca cur síos ar seo, ach go bunúsach táimid ag iarraidh an pobal i gcoitinne dos na healaíona a leathanú chun gur féidir leis an méid is mó daoine sult a bhaint as, nó gur féidir leo bheith páirteach ins an gcomhrá. Cur i gcás go raibh gach éinne ag caint fén seó nua in san Taibhdhearc, go mbeadh an méid is mó daoine in ann freastal air sin."

"Cur i gcás go raibh tú dall, go bhféadfása teacht go dtí an amharclann agus éisteacht leis na haisteoirí ag caint, cloiseann tú na fuaimeanna – doras ag oscailt agus mar sin de – ach bíonn aicsean i gcónaí sa dráma ná fuil ráite, nó go bhfuil carachtar ag gluaiseacht go h-ana-chiúin nó a leithéid, agus go bhfuil tú ag cailliúint míreanna neamhráite den aicsean."

Leiriú de chuid Children of the Sun in Amharclann na Mainistreach.

"Ceann de na rudaí go ndéanaimse ná an tráchtaireacht fuaime a chur síos tríd, cineál ar nós tráchtaire ar chluiche peile agus tú ag éisteacht leis ar an raidió."

"Ach toisc go bhfuil tú ag an dráma, an jab atá agamsa ná bheith mar sraith eile ar a bharr. Mar sin dá mba rud é go raibh tú ag dráma a bhí lonnaithe céad bliain ó shin, bheinnse ag scríobh script tráchtaireachta a ghabhfadh leis an domhain ina raibh sé sin, ionas nach bhfuil tú ag cloisint an aonú-haois is fiche id chluasa agus an naoi-déagú-haois ar an staitse."

An reacaireacht comhuaineach atá i gceist mar sin?

"Go bunúsach is ea. Tá cluasáin amháin acu ionas gur féidir éisteacht leis an gcluas eile ar an méid atá ag titim amach ar an stáitse agus éisteacht le do chomhluadar sa lucht féachana. Má bhíonn daoine ag gáire sa lucht féachana agus ní toisc rud atá ráite, an cúram a thiteann ormsa ná deimhniú go dtuigeann an duine dall cad a chuir ag gáirí iad. Cén gag físiúil a tharla."

"Ní féidir an rochtain céanna a chur ar fáil, ach go mbeadh rochtain chomh domhain agus rochtain chomh spéisiúil, is dócha, ag beirt sa lucht féachana, cuma cén riachtanais breise atá ortha. Agus tá ana-chuid riachtanais breise ann."

An Taibhdhearc sa Ghaillimh.

Táimid de réir a chéile agus go mall ag foghlaim faoi sin inar saolta, sa sochaí go ginearálta, ach tá na hamharclann agus na hionaid ealaíona ag foghlaim mar go bhfuil gá acu bheith comhair agus ceart le gach éinne, ach gan do leithéidse is ar éigin go dtuigfeadh siad conas tabhairt faoi sin?

"Bfhéidir, oibrím mar thaibheoir ana-chuid den am ach san ról seo is éascaitheoir mé. Téim ag an ionad ealaíne nó an amharclann nó an compántas drámaiochta nó a leithéid, labhraím leo faoin gcur chuige atá agam, nó seo hiad na dreamanna éagsúla nach mbraithean go bhfuil ar a gcumas teacht go dtí an amharclann agus seo mar a d’fhéadfadh muid rochtain a thabhairt dóibh siúd. Cuirfidh sé seo le líon na dticéid agus le líon na ndaoine gur féidir leo sult a bhaint as an ealaín atá a chur ar fáil agaibh."

"Anois, toisc go bhfuil daoine á fheiceáil níos minicí, toisc go bhfuilimid ag breathnú ar Chluiche Ceannais na hÉireann agus go bhfuil Amhrán na bhFiann á dheinamh i dteanga Comharthaíochta, cíonn gach duine sa tír é sin, mar sin ní chuireann sé isteach orainn anois."

"Dúradh an rud céanna nuair a tharla Netflix, go raibh gach duine ar domhain níos sásta breathnú ar rudaí le fotheidil. Táimidne, Éireannaigh, imithe i dtaithí air ar aon nós, agus cinnte muintir na Gaeilge imithe i dtaithí ar rudaí le fotheidil. Ach do dhaoine áirithe bheadh sé sin ag díriú airde ortha ar bhealach nach raibh cabhrach."

Panto Beauty and the Beast san Everyman anuraidh.

Ní hamháin go gcuireann an inrochtana seo ar chumas lucht féachana éagsúla freastal ar na himeachtaí ealaíne den chineál seo ach go gcuireann sé le líon na dticéid a dhíolann na hionaid – is minic go mbeadh níos mó duine ag teacht leis an té go bhfuil an rochtain á chur ar fáil dóbha – muintir, cairde, cúramóirí fiú."

"Tá ionaid difriúla ceannródaíoch ó thaobh na rochtain a chur ar fáil dos na lucht féachana nua seo, ina measc Amharclann na Mainistreach, The Ark i mBarra Temple atá ag feidhmiú ar son páistí agus fé láthair táim ag obair go minic le The Everyman i gCorcaigh."

"Beimid ag dul síos le panto a dhéanamh ansin le linn na Nollag. An rud is spéisiúla fés na hionaid san ná gur thángadar chuig na héascaitheoirí á lorg, go raibh siadsan chun tosaigh ag iarraidh an rud a leathanú, ag iarraidh bheith ar fáil don méid is mó daoine ina bpobail agus a d'fhéadfaidís. Chabhraigh sé sin go mór. Ní gá duit tosnú ar bhonn go bhfuil tú ag míniú modhanna, tá siadsan istigh agus ag iarraidh na seirbhísí seo ar fad a chur ar fáil."

Agus beidh Bríd ag obair in Amharclann an Ark amárach 19ú Nollaig le The Giggler Treatment. Breis eolais anseo.