Tá an iomarca scríofa agus ráite cheana féin faoi bhia na Nollag. Agus déarfar a dhá oiread faoi cheann coicíse agus daoine ag iarraidh brabús a dhéanamh asainn agus muid ag mothú ró-lán agus leisciúil.
Ní dhéanann an meon seo maitheas do aon duine seachas iad siúd atá ag díol linn. Rud amháin atá foghlamtha agam le blianta beaga ná go bhfuil sé níos éasca nós nua a thosaí nuair nach bhfuil muid inár dtroscadh agus nuair nach bhfuil tada faoi chosc.

Is cuma más duine tú a bhíonn ag déanamh imní faoi chuile greim a itheann tú, nó nár chomhair calraí riamh, seo comhairle a dhéanfaidh maith duit.
Ith níos mó bia le snáithín agus ith níos mó próitéin. Ansin ith agus ól pé rud is mian leat.
Tá sé deacair an iomarca a ithe má tá tú lán, agus coinníonn snáithín agus próitéin lán muid. Ní bheidh an oiread foinn ort tabhairt faoi na rudaí eile sa chuisneoir.
Seans maith gur blaiseadh a bheidh agat, seachas lán babhla. Meastar gur cheart go mbeadh muid ag ithe thart ar 30g snáithín chuile lá, agus ní mórán againn a bhaineann an sprioc sin amach.
-
An méid gur gá? 30g snáithín chuile lá
Más duine tú a fhaigheann deacair an méid sin a ithe faigh forbhia (supplement) agus croith anuas ar do leite, do iógart, nó fiú ar do uachtar reóite é!

Coinníonn próitéin lán muid freisin. Agus coinníonn sé na matáin agus na cnámha láidir agus folláin, rud atá thar a bheith tábhachtach. Is féidir an méid a itheann muid a ardú go héasca. Bíodh dhá fhata agat seachas trí cinn, agus ith cúpla plaic eile turcaí ina áit.
Cuir bradán deataithe ar arán donn agus beidh snáithín agus próitéin agat in aon sneaic amháin. Tá buntáistí eile ag baint leis an dá nós seo freisin. Níl an oiread baol tinnis cosúil le galar croí, diaibéiteas, ailse putóga ná oistéapóróis ag an té a itheann a ndóthain dóibh.

Sin é é. Beidh daoine eile ag iarraidh é a dhéanamh níos casta mar níl aon bhrabús sa snáithín! Déan iarracht an dá rud beag sin a dhéanamh idir seo agus Oíche Nollag na mBan. Beidh dhá nós dearfach pioctha suas agat agus ní bheidh tada deas cosúil le pióga mionra nó milseáin fágtha i do dhiaidh agat. Ná lig don mhargaíocht tú a chuir in ísle brí. Níl sa saol seo ach seal, agus níl sa Nollaig ach seal beag bídeach.

Ansin, sa bhliain nua, má mhothaíonn tú go bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh athraithe a dhéanamh faigh comhairle ó dhaoine atá cáilithe chun sin a dhéanamh. Labhair le do dhochtúir, téigh ar cuairt ag traenálaí a chuirfidh ar bhóthar do leasa tú más sin atá uait nó dean coinne le diaitéiteach.
Nó má tá tú sásta, coinnigh leis an snáithín agus próitéin, laghdaigh an méid alcóil a ólann tú agus buail amach ag siúl corr lá. Déanfaidh sé sin maitheas don cholainn agus don spiorad.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Nóra Ní Fhlannagáin ag caint ar Iris Aniar fén mbia sláintiúil.