skip to main content

Oíche Chinn Bliana Trí-Chosach TG4

Is i dTigh Chualáin i gCois Fharraige a bheidh Síle Seoighe ina Bean an Tí
Is i dTigh Chualáin i gCois Fharraige a bheidh Síle Seoighe ina Bean an Tí

Doireann Ní Ghlacáin & Dáithí Ó Sé ar Bhóthar na bhFál agus iad ag déanamh a mbealaigh go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich do chóisir mhór Oíche Chinn Bliana, Fáilte 2025, a bheidh á chraoladh ar TG4.

Is ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste a bheidh Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin ag triall chun teacht na bliana úire 2025 a cheiliúradh. Tá cóisir mhór cheoil beartaithe acu sa Cheathrú Gaeltachta ar Bhóthar na bhFál agus ina gcomhluadar beidh plúr na gceoltóirí agus amhránaithe.

Fiachna agus cairde sa Cobblestone i Margadh na Feirme Bhleá Cliath.

Chomh maith leis sin, beidh scoth an cheoil ag teacht chugainn ón Cobblestone i mBaile Átha Cliath áit a mbeidh Fiachna Ó Braonáin ina fhear an tí agus ó Tigh Chualáin i gCois Fharraige i gCo. na Gaillimhe áit a mbeidh Síle Seoige ina bean an tí.

I lár stáitse sa Chultúrlann beidh Moya Brennan agus a Banna, Piaras Ó Lorcáin agus Bláithín Mhic Cana, Ríoghnach Connolly le Alison Crossey agus scoth an cheoil ó Bhéal Feirste le John McSherry, Francie McIlduff agus Brendan Quinn.

I mbun an cheoil sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath beidh Meave Mulligan le Andrew Hendy ó na Marywallopers, Liam O'Connor, Libby McCrohan agus Paddy McEvoy, agus Aoife Scott.

I measc na gceoltóirí a bheidh in éineacht le Síle Seoige Tigh Chualáin in Indreabhán, Co. na Gaillimhe beidh Na Fíréin, atá ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód, Róisín Seoige & IMLÉ mar aon leis na ceoltóirí Conor Connolly, Sorcha Costello agus Pádraig Ó Dubhghaill.

Tiocfaidh cuid den fháilte do 2025 as Béal Feirste ó Dhoireann agus Daithí.

Ná caill an chóisir cheoil is fearr sa tír ón 11.30pm Oíche Chinn Bliana ar TG4.