Mar go bhfuil formhór againn ag caitheamh níos mó ama sa chistin ná mar a bhí le tamaill anuas, tá cuid againn ag díriú ar oidis bhia. Labhair Diarmuid Ó Mathúna cócaire agus blagálaí ar Mo Food Blog le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire faoi oidis áisiúla go bhféadfaimis tabhairt faoi.
Tosaíonn Diarmuid ag caint faoi uibheacha a scalladh mar is ceart, agus tá cúpla leid aige leis na huibheacha a fháil díreach i gceart, ag brath ar an stíl a thaitníonn leat féin.
Cad eile a bheadh sa chófra na hÉireann ach prátaí agus thug Diarmuid oideas álainn do hash a d'oirfeadh don bhricfeasta, lón don dinnéar. Labhrann Diarmuid faoi phesto peirsile atá sa tséasúr chomh maith le putóg a chur leis agus an ubh ar a bharr.
Is féidir tuilleadh oideas agus eolas faoi bhia a fháil ó Dhiarmuid anseo, ar a bhlag.
Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine 3-5.