Agus rogha leathan cláir teilifíse le féachaint ortha le linn na Nollaig idir drámaí teilifíse, cláir speisialta ceoil agus fadscannáin úra, breathnaíonn Lára Ní Mhaoláin siar ar thrí chinn de sárscannán Nollaig gur féidir éalú isteach iontu.
Is breá liom an tráth seo den bhliain. Cé go mbíonn an aimsir níos fuaire agus na laethanta níos giorra, ardaítear mo chroí i gcónaí nuair a fheicim soilse beaga Nollag ag glioscarnach ó fhuinneoga na dtithe agus mé ag tiomáint abhaile, ag cruthú solais a thugann faoiseamh ó dhorchadas an gheimhridh.
Agus níl rud ar bith a thaitníonn níos mó liom ná a bheith i mo shuí faoi bhlaincéad le bosca Roses ag breathnú ar scannán maith Nollag, an RTÉ Guide a cheannaigh mé ag tús mhí na Nollag in aice liom agus na scannáin is ansa liom marcáilte ann.
Cé gurb aoibhinn liom a bheith ag breathnú ar scannáin nua, bíonn sé de nós againn go léir filleadh ar scannáin faoi leith bliain i ndiaidh bliana. Ceann amháin a bhíonn ar mo liosta gach bliain ná Home Alone (1990).
Leanann an scannán grinn seo eachtraí an bhuachalla óig, Kevin McCallister (Macaulay Culkin), a fhágtar sa bhaile de thimpiste tar éis dá mhuintir go léir imeacht go dtí an Fhrainc don Nollaig. Cé nach bhfuil sé acht ocht mbliana d'aois, tá sé go breá in ann aire a thabhairt dó féin – siopadóireacht a dhéanamh, bia a réiteach, éadaí a ní –agus níos tábhachtaí fós, tá sé go maith in ann a theach a chosaint ó bheirt ghadaithe, na Wet Bandits (Joe Pesci agus Daniel Stern) atá ag briseadh isteach sna tithe folmha go léir ar an tsráid.
Nuair a thuigeann siad nach bhfuil sa teach ach buachaill beag, socraíonn siad go leanfaidh siad ar aghaidh lena bplean chun an teach a robáil, ach níl siad ag súil le scileanna agus samhlaíocht Kevin a chuireann deireadh ceart leis an bplean céanna!
Éiríonn leis é féin agus a theach a chosaint, agus feicimid an grá atá aige dá mhuintir – agus go háirithe dá mháthair (Catherine O’Hara), a dhéanann a seacht ndícheall filleadh abhaile chuig a mac –nuair a thugtar le chéile arís iad ag deireadh an scannáin.

Ceann de na scannáin is mó a thaitníonn liom ná Miracle on 34th Street (1994). Is ceann eile é a bhfuil páiste mar phríomhaisteoir ann (Mara Wilson), agus cruthaíonn sí go sár mhaith ina ról mar chailín óg atá ag streachailt le heaspa creidimh i San Nioclás tar éis dá máthair, Dorey (Elizabeth Perkins) an 'fhírinne’ a roinnt léi.
Is duine thar a bheith praiticiúil agus réalaíoch í Dorey, máthair shingil a bhfuil an-dul chun cinn déanta aici sa saol agus post maith aici in Coles, siopa ilrannach mór a chuireann i dteagmháil í le Kris Kringle (Richard Attenborough) nuair a roghnaíonn sí é mar Dhaidí na Nollag in Coles.
Tá Kris Kringle chomh réalaíoch sin mar Dhaidí na Nollag go dtagann amhras ar Dorey féin maidir lena séanadh go bhfuil Daidí na Nollag ann, agus nuair a thagann a hiníon chuici le ceisteanna, molann sí di bronntanas a iarraidh air ach gan é a roinnt léi – má fhaigheann sí an bronntanas atá uaithi ar Lá Nollag, beidh a fhios aici go bhfuil Daidí na Nollag ann.
Is é an rud is mó atá óna hiníon ná teaghlach agus baile traidisiúnta a bheith aici – máthair, athair agus deartháir óg i dteach álainn faoin tuath. Agus faigheann sí gach rud ar a liosta ag deireadh an scannáin nuair a phósann a máthair Bryan Bedford, aturnae atá go mór i ngrá léi agus an-tógtha lena hiníon, agus a chreideann go hiomlán gurb é Kris Kringle Daidí na Nollag.
Osclaíonn an scannán seo ár súile don nóisean gurb é an teaghlach an rud is tábhachtaí agus spreagann sé muid le creideamh in draíocht na Nollag.
Ní féidir scannáin Nollag a phlé gan It's a Wonderful Life (1946) a lua. Sula raibh gasúir agam (caithim Lá Nollag ag rith ina ndiaidh agus ag cur bréagán le chéile na laethanta seo!) bhíodh sé de nós agam suí síos le m'athair, gloiní fíona sna lámha againn, ag breathnú ar an scannán seo i ndiaidh an dinnéir. Tagann na cuimhní sin ar ais chugam gach uair a smaoiním ar an scannán seo.
Is é George Bailey (James Stewart) an príomh charachtar, fear pósta agus athair atá tar éis a shaol a chaitheamh ag cabhrú le daoine sa cheantar le cúrsaí airgeadais tríd an gcumann foirgníochta atá faoina stiúir aige, Bailey Brothers Building and Loan.
Nuair a théann slám maith airgid ón gcumann foirgníochta ar strae Oíche Nollag, tagann éadóchas ar George agus déanann sé dianmhachnamh ar lámh a chur ina bhás féin. Ag pointe den scannán atá lán le teannas, seasann George ar dhroichead sa ghaoth agus sa sneachta agus é réidh chun deireadh a chur lena shaol nuair a thagann aingeal coimhdeachta, Clarence Odbody (HenryTravers), chuige.

Trí shaol eile a léiriú do George, an saol a bheadh ag a mhuintir, a chairde agus ag an bpobal muna mbeadh George ann, cuireann Clarence ina luí air go bhfuil fiúntas mór ag baint lena shaol agus leis an obair atá ar siúl aige agus go bhfuil sé tar éis tionchar ollmhór a imirt ar phobal na háite.
Éiríonn le George dóchas a fheiceáil ina shaol arís in áit an dúlagair, agus faoin am a fhilleann sé ar a theach féin, feiceann sé go bhfuil slua mór de mhuintir an bhaile ann atá tar éis an t-airgead a chuaigh ar strae a bhailiú.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Garrett Daly ar Movie News Christmas Special le Aedín Gormley faoi scannáin ar leith.
Is críoch é seo atá lán le dóchas agus le spiorad na Nollag. Cé go bhfuil plotaí na scannán go léir seo an-éagsúil óna chéile, tá rud amháin acheanglaíonn le chéile iad – an bhéim ar chlann, ar chairdeas agus ar chaidrimh idir daoine. Isscannáin iad a tharraingíonn daoine le chéile gach Nollaig agus a spreagann gliondar ionainn.
Tugann siad deis dúinn dul siar ar bhóthar na gcuimhní agus cuimhní nua a chruthú ag an amcéanna. Agus mar gheall air sin, cuireann siad go mór le draíocht na Nollag i seomraí suí ar fudna tíre gach uile bliain.