skip to main content

An Nollaig mar a bhí in Oileán Mara Inis Meáin

Juda Uí Loinsigh as Inis Meáin.
Juda Uí Loinsigh as Inis Meáin.

Sna caogaidí a rugadh agus a tógadh Juda Uí Loinsigh in Inis Meáin, agus is sa teach inar chaith sí a hóige ar bhuail mé léi le déanaí le sciuird a thabhairt ar bhóithrín na smaointe agus plé a dhéanamh ar an Nollaig mar a bhí san oileán iargúlta seo.

Mura raibh leictreachas ná uisce reatha sna hoileáin ag an am, níor chuir an easpa seirbhísí isteach ná amach ar an gcuairteoir ba thábhachtaí chuig an áit an tráth seo den bhliain; Daidí na Nollag.

"Bhí muid siúráilte go gcaitheadh sé theacht ar oíche Nollag, agus go dtagadh sé i gcónaí ar an mbád - mar thagadh an bád Oíche Nollag leis na rudaí deireanacha a thabhairt againn roimh an Nollaig. Ach is dóigh, bhíodh faitíos orainn i gcónaí nach mbeadh Saintí Claus in ann a theacht mar gheall ar chúrsaí aimsire".

Juda Uí Loinsigh.

Chaith Juda agus a deirfiúr an tráthnóna go léir in amhras faoi seo Oíche Nollag amháin a raibh drochaimsir ann, agus iad ag fanacht le fonn go dtiocfadh a n-athair abhaile le freagra na ceiste móire; ar tháinig Saintí Claus ar an mbád?!

"Tháinig!" arsa seisean "Chonaic mé é - bhí sé i mbosca mór!"

"Bhí muid chomh sásta ansin", a dúirt Juda, "ní raibh caint ar bith ar céard a bhí sé ag dul ag tabhairt againn, mar ba chuma céard a bhí sé ag tabhairt, ach gur tháinig sé ag an teach. Sin an mhíorúilt is mó a bhí againn".

Inis Meáin um Nollaig [grianghraf le Caroline Gilroy]

Sna stocaí lámhdhéanta olla a chrochtaí sa teach an oíche úd a d'fhágadh Saintí a chuid bronntanas do ghasúir Inis Meáin. Ach céard a thug an fear mór leis ón Mol Thuaidh anuas?

"Ní mórán a fuair muid ach go bhfuair muid rud éicint i gcónaí…b’fhéidir nach raibh ann ach cóipleabhar agus pencil nó b’fhéidir go mbeadh oráiste nó úll - nó b’fhéidir airgead agus é fillte isteach i bpíosa páipéar nuachta. Sin é an t-airgead póca a bheadh agat le haghaidh laethanta saoire na Nollag ansin".

Ach má bhí Saintí cheana féin ag teacht ar cuairt chuig an oileán faoin tráth seo, bheadh tamall eile ann sula dtiocfadh nósanna nua-aimseartha na Nollag mar atá fairsing inniu chomh fada le hInis Meáin.

Oíche na gCoinnle Beaga Inis Meáin.

"Crann Nollag ní raibh sé againn", arsa Juda agus í ag trácht ar na maisiúcháin traidisiúnta a bhíodh sa teach don fhéile mhór. "Na rudaí ba thábhachtaí ná cuileann, an choinneal, ribíní agus b’fhéidir balloons. Dá mbeadh balloons agat, bhí tú saibhir!"

Ba mhór an spórt a bhain an t-aos óg as na maisiúcháin chéanna; iad ag spraoi leis na balúin a chrochtaí go hard ar ribíní páipéir, agus ag dul ag eachtraíocht ar na creaga ar thóir craobhacha deasa cuilinn.

Cuileann na Nollag.

Ar na fuinneoga, ar bharr an drisiúir agus os comhair lampa beag an Chroí Ró-Naofa a théadh na craobhóga a bhailídís. Ba bhé an chuid ba thábhachtaí ar fad de na maisiúcháin áfach, ná coinneal mhór na Nollag;

"Bhí an choinneal an-tábhachtach. Bhí ceann dearg agus ceann bán ann, ceann mór millteach ard. Gheobhadh muid turnap sa ngarraí, [chuirfí] poll i lár an turnap agus chuaigh an choinneal mhór isteach ansin Oíche Nollag. Bhíodh an choinneal mhór á lasadh ar feadh na Nollag ansin gach oíche go raibh an Nollaig caite".

Ba nós coitianta é tornapa a úsáid mar sheastán do choinneal na Nollag [Cnuasach Bhéaloideasa Éirinn]

Bhí nós san oileán an choinneal a leagan ar an urlár nuair a bhíodh muintir an tí ag dul a luí agus an choinneal á fhágáil ar lasadh i gcaitheamh na hoíche;

"Bhí sé sin an-tábhachtach mar bhí tú ag cur fáilte roimh Íosa Críost isteach i do theach - go bhfeicfeadh sé [an solas] tríd an bhfuinneog".

Lastaí an choinneal den chéad uair le titim na hoíche ar Oíche Nollag, tús na féile agus an oíche ab ansa le Juda;

"Domsa, Oíche Nollag, b’shin í an oíche is fearr ar fad. B’shin í an t-aon oíche amháin a mbíodh chuile dhuine sa gclann bailithe thart ar an mbord, mar bhí iasc an-speisialta againn. Bhíodh [m’athair] ag iascach agus gheobhaidís iasc an-speisialta nach raibh fairsing le fáil, an ling. Bhí sé sin sailte, é oscailte suas agus é coinnithe crochta thuas ar an simléar le haghaidh Oíche Nollag".

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Paddy Ó Foghlú i mbun cur síos ar Éigse Dara Beag in ómóis an t-amhránaí as Inis Meáin.

Ní ag gach teaghlach a bheadh an langa an oíche úd, ach ba nós é san oileán iasc a ithe an tráthnóna sin toisc go mbíodh troscadh ar fheoil in ómós na féile. Pé ar bith iasc a bhíodh ag na daoine, ba ghnách leo anlann speisialta bán a chur leis, an príáil;

"Dhéanfadh mo mháthair príáil álainn, cineál white sauce is dóigh…agus fataí álainne Inis Meáin. B’in an béile is mó is cuimhneach liomsa a bhíodh againn faoi Nollaig".

Ach céard faoin mbéile a d’ití ar Lá Nollag féin?

"Ní raibh aon turkeys ná aon cheo mar sin againn. B’fhéidir go maróidís uan i gcomhair na Nollag. Bhíodh sé sin go hálainn sa bpota mór agus é a róstadh ar feadh an lae le haghaidh lá Nollag. Bhíodh na carrots agus na parsnips agus oinniúin agus fataí curtha istigh in éineacht leis. Bhí sé chomh deas le haon pot roast a gheobhfá agus blasta!".

An real deal: cáca rísíní a dhein oileánach Inis Meáin féin.

Agus an mbíodh aon ábhar speisialta milis acu?

"Ní raibh cácaí Nollag againn, rinne mo mháthair cácaí rísíní i gcomhair na Nollag. B’in an treat mór! Bhíodh muid á ithe Oíche Nollag le him a bheadh déanta ag baile. Agus rudaí eile freisin…b’fhéidir go ndéanfadh mo mháthair jelly, bhí sé sin an-speisialta, jelly a bheith agat agus b’fhéidir custard agus sin é é."

Mar a bhíonn ar fud na cruinne, dhá lá dhéag a bhíonn i dtréimhse na Nollag sna hOileáin Árann agus bíonn nós speisialta ag na hoileánaigh le deireadh na tréimhse sin a cheiliúradh ar an 5 Eanáir; Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag.

Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag [Grianghraf le hOrlaith Breathnach]

"Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, ba í oíche dheireanach an tséasúir í i ndáiríre, agus le críoch a chur leis an rud ar fad, lasfaidís dhá cheann déag de choinnle agus chuirfeá suas ar na fuinneoga iad. Ba oíche mhór í sin. "

"Bhí sé go hálainn gleoite mar ní raibh ag an am sin go leor solais ar an oileán agus sin í oíche amháin a gcaithfeadh muid dul ó cheann ceann den oileán ag breathnú ar na coinnle beaga - na coinnle beaga a ghlaodh muid orthu."

Las na coinnle an rómánsáil chomh maith.

Ach ní na soilse beaga amháin a mhealladh an dream óg amach ar na bóithre Oíche na gCoinnle Beaga, arsa Juda liom agus loinnir ina súil;

"Ba oíche í a bhíodh rómánsáil ag dul ar aghaidh, níl fhios agam ar chuala tú é sin ariamh? Bhí go leor déagóirí ar an oileán ag an am sin agus bhíodh siad amuigh ar an mbóthar an oíche sin. Is dóigh gur bhuail siad lena chéile ar an mbóthar ag dul anonn is anall."

"Ba nós é, go mbuailfeadh cailín agus buachaill lena chéile an oíche sin, agus má thosaigh rómánsáil ag an am sin, gur sheas sé ar feadh píosa. Ba scéal mór ansin é lá arna mhárach, cé a bhí in éineacht le cé!"

Is iomaí athrú atá tagtha ar an Nollaig san oileán ó shin, agus de réir mar a bhí ár gcomhrá ag teacht chun críche, d'fhiafraigh mé de Juda cad é is mó a théann i bhfeidhm uirthi anois agus í ag smaoineamh siar ar an Nollaig mar a bhí;

"Bhí an-draíocht ag baint leis an Nollaig fadó, an-draíocht go deo. Ní raibh mórán againn ach bhí muid saibhir ar an gcaoi chéanna. Mar a déarfá anois faoin oileán, déarfadh daoine 'níl tada anseo', ach tá go leor ann, tá saibhreas ann - ach caithfidh tú é a fheiceáil. Caithfidh tú é a chuartú agus scaití tiocfaidh sé agat. Sin é an rud céanna faoin Nollaig".

Oileáin Mara Inis Meáin.

Le Nollaig na bliana seo ag teannadh linn mar sin agus cuimhní Juda ar chúl mo chinn, beidh léargas as an nua agam ar an tseanfhéile agus súil ghéar á coinneáil amach agam lena linn - cá bhfios, má chuartaím an draíocht, b’fhéidir go dtiocfaidh sí agam…