Tá Crystal ag déanamh a dícheall áthas an domhain a thabhairt chuig clann Derrane do shéasúr na Nollag seo agus í ag fulaingt lena cuid airíonna éirí as. Ach an leor a dícheall? Agus cad fén gcuid eile? Ní gan a gcuid deacrachtaí féin atá siad.
Agus siopadóireacht na Nollag á dhéanamh aici le Sonny, castar Cora uirthi agus cuirtear ar an eolas í faoina socrú cónaithe, agus go tobann tá paranóia Crystal á scaipeadh i ngach áit. An bhfanfaidh sí ina tost don Nollaig?
An mbeidh Oíche Chiúin, An Drumadóirín nó Bualadh Bos i gceist do chór nua Ros na Rún ar oíche Nollag ag 4.20pm ar TG4? Tá clár oibre dá cuid féin ag Vera, mar aon le Noreen, agus iad beirt fíor-thugtha do Chór na Nollag, ach an mbeidh beannachtaí na Nollag á nguí acu ar a chéile i ndeireadh na dála? Tá teannas mór le braithint idir na mná áitiúla cumhachtacha seo.

Tá go leor mothúcháin ag baint leis an Nollaig, spraoi na gcóisirí agus cuimhní na bliana atá caite, agus is mar a chéile atá sé sa t-aon sraith drámaíochta tuaithe ar theilifís na hÉireann, Ros na Rún, áit a mbíonn scríbhneoirí scéil ag déanamh gach iarracht chun fírinne an tsaoil a léiriú ach le greann Éireannach fós ann.
Bliain achrannach a bhí ann i sráidbhaile na rún le dúnmharú Niall agus an neamhord strus iarthrámach a d'fhulaing cuid de mhuintir an bhaile, le cuid acu ag déanamh a ndícheall na mothúcháin a chruthaigh sé laistigh díobh féin a sheachaint. Cén chaoi a chuimhneoidh Bobbi Lee agus Vanessa ar Niall le Liam Óg?
An Nollaig seo ar Ros na Rún de chuid TG4, feicfimíd spraoi chóir an tsráidbhaile agus aidhm thábhachtach acu, chun beocht a thabhairt ar ais isteach sa sráidbhaile. An ndéanfaidh Noreen agus Vera síocháin lena chéile chun an sráidbhaile a thabhairt le chéile le carúil Nollag? Ach feicfimíd an taobh dorcha den Nollaig chomh maith, strus mothúchánach, andúil, uaigneas agus brú airgid.

Fear mór láidir Ros na Rún é Tadhg de ghnáth nár chóir dul ina choinne, ach leanann cuimhne agus mearbhall Thaidhg ag dul in olcas, rud atá ag cruthú tuilleadh mearbhaill agus dírathú dó féin agus dóibh siúd thart timpeall air.
Seans nach mbeidh mórán d’áthas na Nollag i dTigh Thaidhg, agus taobh thiar de gach rud tá mothúcháin agus buairt ag fáil greim air. An bhfuil Tadhg caillte ina intinn féin nó an bhfuil neamhord strus iarthrámach á fhulaingt aige ó dhúnmharú Niall ina thigh tábhairne? Ar an taobh eile den scéal, tá Terry thíos le cantal Thaidhg.
Tá tionchar na Nollag ar chlár oibre Penny agus an tionchaire uaillmhianach ag déanamh níos mó postáil chuig a cuid leantóirí ná ag roinnt lúcháir na Nollag lena haintín Laoise agus Micheál ina baile nua. Tá oscailt súl ag Penny agus lorgaíonn sí cúnamh a haintín lena hathair, rud a chuireann ionadh ar Laoise.

Cad a bheidh i ndán do Ros na Rún san athbhliain? Tá cinntí deacra le déanamh ag Colm, Sonia agus Mo. Tá cairde clúmhacha nua gan chuireadh faighte ag Manus agus ní mó ná sásta atá Michelle faoi. An mbeidh easpa dídine i ndán do Mhanus agus Natasha? An leanfaidh Cam soiniciúil agus fuar air ag baint taitneamh as mí-ádh Crystal?
Bígí ag faire ar Ros na Rún thar thréimhse na Nollag ar Oíche Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, Oíche Chinn Bliana agus ar an 2 Eanáir ag 7.30pm.
Tá Ros na Rún ar fáil ar sheinnteoirí TG4 agus RTÉ agus is féidir an nuacht is déanaí a fháil @rosnarun ar na cainéil mheáin shóisialta.