Cuireann Love Leabhar Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann i measc léitheoirí, i siopaí leabhar, ar líne agus trí acmhainní agus ócáidí do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i leabhair Ghaeilge.
Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an aistear nua seo linn agus muid ag cothú agus ag cumasú léitheoirí Gaeilge, idir óg agus aosta, fud fad oileán na hÉireann agus níos faide i gcéin.
5 Leabhar don Léitheoir Fásta
Nollaig Oileánach le Mícheál Ó Conghaile.
Beathaisnéis ar aimsir na Nollag sna seascaidí agus sna seachtóidí a caitheadh ar Inis Treabhair, oileán beag amach ó chósta Chonamara, áit ar fhás an t-údar Micheál Ó Conghaile aníos. Is léiriú é ‘Nollaig Oileánach’ ar shaol an údair, agus ar an Nollaig thar na blianta ag fás aníos i bpobal beag oileánach.

Scéalta Nollaig le Alan Titley
Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne’ san Irish Times ag aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. D’fhéadfaí cur síos a dhéanamh ar chuid acu mar fhinscéalta, nó mar athinsintí cruthaitheacha ar scéalta Bíobla. Tá scéalta eile spreagtha ag tomhaltachas Nollag an lae inniu. Is scéal níos faide faoi óige Íosa é ‘Lá Breithe’ - níor insíodh an leagan seo den scéal sa Tiomna Nua ar chor ar bith.

Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna le Louis de Paor
Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtach poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach.

Tír Bheag le Antain MacLochlainn, aistrithe ón mbun-leagan 'Petit Pays' le Gaël Faye
Lonnaithe sa Bhurúin in 1992, do Gabriel, atá deich mbliana d’aois, is maith an saol é, agus tá sé sásta. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig.

Nain le Sláine Ní Chathalláin
Rugadh agus tógadh Nain, Máirín Uí Chathalláin, 86 bliain d’aois ar Arda Mór, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Ón lá a phós sí, tá sí ina cónaí ar an gCoimín, áitín ana-bheag ina bhfuil timpeall 45 duine ina gcónaí ann. Níor fhág sí Éire riamh. Caitheann sí an lá anois ina teach, ag féachaint amach ar Thúr Bhaile Dháith, ag ithe pé diabhal rud is maith léi, rudaí milse den chuid is mó.
Is breá léi cupán cocoa san oíche agus barra seacláide Yorkie agus is breá léi nuair a thugann daoine cuairt uirthi. Tobar eolais agus seanchais is ea mo Nain-se, cloch cúinne de dhuine, bean croí móire, lán go barra de lúbaireacht is de chraic, de chiall is de chomhairle faoin saol mór.

5 Leabhar d'Aosaigh Óga
An Nollaig Thuas le Aoife Ní Dhufaigh
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Dialann Emily Porter 3: Caillte agus Aimsithe le Richie Conroy
1997 atá ann - bliain chinniúnach i saol Emily Porter. Ní hamháin go bhfuil an Ardteist ar na bacáin ach tá cinneadh mór le déanamh faoin gcúrsa tríú leibhéal agus tá Emily bhocht faoi strus! Mar bharr ar an donas, níor labhair sí lena dlúthchara Olivia le bliain anuas – is naimhde críochnaithe anois iad. Sa scéal seo, faigheann Emily taithí ar rollchóstóir an tsaoil. Filleann sí ar an gcoláiste samhraidh ach mar fhostaí an uair seo agus tugtar léargas úr di ar shaol na Gaeltachta. Ní bliain éasca i saol déagóra ach, tríd an gcruatan, na dúshláin agus an briseadh croí, fásann Emily ina aosach óg. Seo an tríú leabhar sa tsraith mhóréilimh ‘Dialann Emily Porter’.

Lúba le Alan Titley
Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis?

Saraifín is a Mhórshaothar Iontach le Philippe Fix
Is pollaire ticéad é Saraifín sa líonra faoi thalamh. Tá sé dubh dóite lena chuid oibre. Santaíonn sé an dúlra agus saoirse. Tá iarracht den ádh air nuair a fhaigheann sé teach le huacht faoin tuath. Cé gur teach a bhfuil drochbhail air, cruthaíonn sé é féin mar cheardaí a bhfuil samhlaíocht iontach aige agus cuireann cruth úrnua ar an raingléis de theach aige. Ach tá aisling Sharaifín i ngleic leis an tsraoilleáil uirbeach agus tosaíonn cogadh na mbó maol idir é agus na maorlathaigh agus an lucht forbartha.

Deaideo Craiceáilte agus na Síofraí le Oisín McGann aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn
Ní cuimhin le Deaideo cár fhág sé an carr agus tá Learaí ag cabhrú leis í a aimsiú. Ach tá rud éigin aisteach faoi Dhaideo – ní hé nach mbíonn sé aisteach i gcónaí ach tá sé seo ag dul thar fóir! Cad sa diabháil atá ar siúl aige?

5 Leabhar don Léitheoir Óg
An Nollaig le Teidí
Oíche Nollag atá ann agus tá Teidí ar bís! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, isteach sa teachín arán sinséir, áit a mbeidh brioscaí ar crochadh ar na ballaí agus leabhair gur féidir a ithe, fiú. Beidh neart eachtraí ag Teidí, Tomás agus Tríona le Mamaí agus le Daidí. Ach beidh orthu a bheith ar ais ina dteach féin sula dtiocfaidh Daidí na Nollag!

Ceol na Mara le Tadhg Mac Dhonnagáin
Cnuasach álainn amhrán bunaithe ar théama na farraige, curtha i láthair ag Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáin agus páistí scoile as Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá amhráin nuachumtha i gceist agus rinneadh meascadh fuaime nua ar na seanchlasaicí ar nós ‘Raghnall Rón’ agus ‘Cé a Chlúdaigh mé le Gaineamh?’ Is féidir éisteacht leis na hamhráin ar fad ach cód QR a scanadh.

Mamaí Gé le Gabriel Rosenstock agus Kim Sharkey
Órchiste de rannta do pháistí óga, i nGaeilge agus i mBéarla. Aistriúchán Gaeilge le Gabriel Rosenstock ar rannta Mhamaí Gé (Mother Goose Rhymes) le léaráidí gleoite le Kim Sharkey.

Santaí sa Bhaile
Timpeall an domhain in aon oíche amháin - Daidí na Nollag sa charr sleamhnáin. Céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin? Conas a chaitheann Saintí agus a chairde an Nollaig sa Mhol Thuaidh?

Cuairt San Nioclás
Is casadh Gaeilge é ‘Cuairt San Nioclás’ ar chlasaic na Nollag ‘Twas The Night Before Christmas’. Is deis iontach é an leabhar seo éalú isteach i ndraíocht ullmhúcháin Daidí na Nollag ar Oíche Nollag.

Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo ag LoveLeabharGaeilge.ie.