Craoladh an scannán fáisnéise 'Hothouse Flowers - Stick Around and Laugh A While' níos túisce i mbliana ach tá deis ann breathnú arís air agus taisteal leis an ngrúpa clúitiúil seo - cur síos anseo ar an aistear sin ag ball den ghrúpa, Fiachna Ó Braonáin.
Súil siar go 1988, bliain shuntasach i saol na Hothouse Flowers, inar sheol an grúpa ceoil iomráiteach a gcéad albam, "People", chomh maith leis na singil, Feet On The Ground, It'll Be Easier in the Morning agus dár ndóigh Don’t Go, a shroich lucht féachana ollmhór nuair a craoladh an físeán le linn an eatramh i gcomórtas na hEoraifíse i 1988 agus a chuir an grúpa i mbéal an phobail ar fud an domhain!
Clár faisnéise lán le croí, is ea Stick Around And Laugh A While, a thagann suas leis na Bláthanna le linn an chamchuairt a thug siad mórthimpeall na Ríochta Aontaithe i 2023 agus a fhéachann siar chomh fada leis an gcoirmcheoil ba mhó a rinne siad riamh i dtús a réime in áiréne seó-léimneach an Chumainn Ríoga Átha Cliath i Meán Fomhair 1988.
Feictear radharcanna nach bhfacthas riamh i mBaile Átha Cliath go dtí 1988 nuair a sheol na Hothouse Flowers "People" i siopaí ceirníní i Sráid Anraí agus ar Shráid Grafton i gceartlár na cathrach inar thosaigh siad ag buscáil ó thús.

Feictear iad ag taisteal ar chúl leoraí idir Sráid Anraí agus Shráid Grafton ag seinm a gcuid ceoil lán le fuinneamh agus teaspach áit ar lean a lucht leanúna iad ó áit go háit! Cloiseann muid mar a d'fhan cuid acu go foighneach lasmuigh de na siopaí ceirnín ó bhreacadh an lae!
Cloiseann muid ó Clare Sands, amhránaí agus cumadóir den ghlúin nua, a tháinig ar an gcamchuairt leis na Hothouse Flowers i 2023 mar aoí speisialta, agus conas mar a d’imigh a gcuid ceoil i bhfeidhm uirthi le blianta beaga anuas.

Cloiseann muid freisin ó iníon Fhiachna, Liadáin, a tháinig ar an mbóthar leo ó bhí si ina leanbh, agus ó iníon Liam, Pema, a tháinig ar an gcamchuairt le aire a thabhairt do chúrsai marsantú ar an mbóthar.
Cuirtear agallamh freisin ar Jerry Fehily a sheinn na drumaí leis na Flowers ó 1988 go 1994 agus a roinneann a cuimhní cinn faoin tréímhse sin.
Tugann Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin muid ar ais go Coláiste Eoin, an meánscoil inar tugadh chuile spreagadh dóibh leis an aistear sa cheol a thosaigh siad ag stad an bhus le linn doíbh feastal ar an mbunscoil, Scoil Lorcáin, roimhe sin.
Turas cumhach siar ar bhóithrín na smaointe, lán le ábhar cartlanna teolaí agus a thagann suas le grúpa cáirde atá anois beagnach dhá scór bliain ar an bhfód, agus iad fós ag leanúint lena n-aisling – na Hothouse Flowers!
Camchuairt 2024/2025:
27ú Nollaig 2024: An Social, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.
28ú Nollaig 2024: The Guildhall, Doire, Co Dhoire.
29ú Nollaig 2024: TF Royal Hotel & Theatre, Caisleán an Bharra, Co Mhaigh Eo.
1ú Eanáir 2025: Caisleán Bhaile Átha Cliath – Féile Chinn Bhliana.
15ú Feabhra 2025: The Hub, Cill Chainnigh.
22ú Feabhra 2025: Leisureland, Gaillimh.
14ú Márta 2025: Cork Opera House, Corcaigh.
15ú Márta 2025: The National Opera House, Loch Garman.
Gach eolas le fail ar www.hothouseflowers.com
Féach ar 'Hothouse Flowers - Stick Around and Laugh A While' ar RTÉ Player anois.