Sa tárna eagrán den tsraith Scannal: Savita, scrúdaítear an tionchar a bhí ag scéal thragóideach Savita Halappanavar orainne mar náisiún agus dearcadh an tsochaí ar na cúiseanna gur bhásaigh sí.
Cloistear sa tsraith seo ó shaineolaithe leighis an Dr Síle Ní Chríodáin as Scoil na hAltrachta agus Cnáimhseachais in UCC mar aon leis an Ollamh Sabaratnam Arulkumaranh, iar uachtarán ar Conaidhm Idirnáisiúnta Gínéiceolaíochta agus Obstatraice, a bhí i gceannas ar an bhfiosrúcháin HSE ar bhás Savita.
Séard a d'aimsigh an fhiosrúcháin sin ná nár deineadh a dóthain measúnaithe na monatóireachta, nár ofráileadh gach rogha bainistíochta a bheadh ar fáil agus nár cloígheadh le treoirlínte cliniciúil.
Cé gur bhreathnaigh an chéad eagrán Scannal: Savita ar an ocht lá a chaith Savita in Ospidéal na hOllsoile Gaillimh, is ar cúiseanna a báis a dhíríonn an tárna heagrán agus mar a spreag sé athrach.
Mar a mhíníonn an Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh sa sraith, ar cheann de na deacrachtaí ba mhó a bhain le cás Savita nuair a raibh sí san ospidéal ná go bhfuil sé deacair aon rian den seipsis a mharaigh í a aithint.
"Níl aon thástáil faoi leith againn le fáil amach an bhfuil seipsis ag dul do othar. Níl againn ach faire ar chomharthaí sóirt, breathnú ar thástáil fola agus súil ghéarr a choinneáil ar othar. Chomh maith leis sin, corr uair, ní bhíonn aon chomharthaí seipsis le tabhairt faoi deara go dtí go mbíonn othar go dona tinn. Go háirithe más duine, óg, folláin iad - bíonn a gcorp in ann go leor a sheasamh go dtí go bhfaigheann sé iomarcach."

Cad iad na deiseanna a bhí ag lucht leighis an baol do bheatha Savita a aithint sul má d'fhorbair an seipsis?
"Cailleadh an oiread sin deiseanna a aithint go raibh Savita go dona tinn. An chúis ba mhó leis seo, dár liom féin, ná easpa cumarsáide idir na hoibrithe éagsúla agus níor facthas dóibh in am ach oiread go raibh Savita ag dul in olcas.
"Ní féidir an mhilleán ar fad a chuir ar na baill foirne mar gheall ar an easpa cumarsáide, áfach. Is léir go raibh siad faoi bhrú mar gheall ar ualach oibre a bhí orthu, agus tá córais ospidéil na hÉireann chomh amscaí go bhfuil sé deacair teachtaireachtaí a thabhairt dá chéile, go háirithe nuair atá nótaí á scríobh le lámh agus easpa córas ríomhaireachta acu."
"É sin ar fad ráite, ba léir ón fhianaise go raibh sé soiléar go raibh sí ag fáil níos measa, agus ba cheart go mbeadh glaoch curtha ar dhochtúirí sinsearacha níos túisce ná mar a tharla. Ar an gcéad lá, nuair a bhí sé soiléar nach raibh an páiste chun maireachtáil, b'eol do dhaoine go raibh sí i mbaol seipsis mar gheall mbeadh a broinn osclaí agus go mbeadh ar a corp déileáil leis seo."
Ó thaobh an dlí de, ní raibh an rogha sin ag dochtúirí an chéad lá óir ná raibh beatha Savita i mbaol. Ina ainneoin sin, chinn tuairisc an HSE go raibh sé de cheart acu gníomhú sular ghníomhaigh - i.e. bhí a mbeatha i mbaol gan cheist oíche Dé Máirt nó luath maidin Chéadaoin, ach go raibh drogall ortha gníomhú fós toisc an t-ochtú Leasú.
"Ba cheart, ag an tráth sin, go mbeadh an féatas tógtha amach go cliniciúil, go sábháilte agus go cineálta leis an mbean óg, agus oidis leighis a bheith tugtha di don phian, don baol seipsis agus aire a thabhairt di. Níor tharla sin."
Scannal: Savita Eagrán 2 ar RTÉ One Dé Máirt 10ú Nollaig