skip to main content

La Vie sa Bhruiséil ag tosnú anocht ag a 8 ar RTÉ One

Ríoghnach Hyland, Gael sa Bhruiséil.
Ríoghnach Hyland, Gael sa Bhruiséil.

Ó hallaí na cumhachta i bParlaimint na hEorpa go páirceanna gníomhacha CLG i gcroílár na cathrach bríomhaire seo, leanann La Vie sa Bhruiséil roinnt de na Gaeilgeoirí atá ag tógáil saolta is slite beatha i bpríomhchathair ilteangach na hEorpa.

From the corridors of power in the European Parliament to the busy GAA pitches in the heart of this bustling city, La Vie sa Bhruiséil follows some of the Gaeilgeoirí building careers and homes in the multilingual capital of Europe.

Tá Ríoghnach Hyland ag cur fúithí in ardchathair na Beilge le cúpla bliain, ag obair i measc dúchasaigh tíortha eile ach lena cosa fós á choimeád aici lena préamhacha baile, mar a mhíníonn sí do RTÉ.ie/Gaeilge.

"Tháinig mé go dtí an Bhruiséil beagnach trí bliana ó shin, anois, in Feabhra 2002. Tháinig mé chun intéarnacht a dhéanamh le eagras neamh-rialtais darb ainm The European Social Network. Rinne mé staidéar ar an bhfisic theoraiciúíl ar an gcoláiste ach bhí mé ag iarraidh athrú a dhéanamh ar mo threo gairme. Tháinig mé anseo chun intéarnacht a dhéanamh leis an ESN agus táim ag obair leo ó shin."

Cad é a dheineann an European Social Network?

"Is gréasán muid d'eagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an earnáil sóisialta. Tá baill againn in 33 tíortha ar fud na hEorpa, Éireann san áireamh. Mar shampla tá HIQA agus TUSLA mar bhaill againn."

Ó thaobh bheith id Ghael agus id Ghaeilgeoir sa Bhruiséil, tá an chuma air go bhfuil an rogha is fearr as an dá dhomhain agaibh - pobal Éireannach, pobal Gaeilge, pobal an chlub Cumann Lúthchleas Gael freisin id chás féin, agus spéis agaibh san ilchultúrachas agus ilteangachas ach nach gá daoibh cur suas le fadhbanna reatha - tithíochta, mar shampla - in Éirinn?

"Tá sé sin fíor. Bhog mise as Bleá Cliath, áit a bhfuil an géirchéim tithíochta soiléir. Tá sé i bhfad níos éasca lóistín a fháil anseo, tá an córas iompar phoiblí níos fearr chun dul thart timpeall na cathrach agus ag an am céanna is féidir liom blaiseadh den chultúr Gaelach a choimeád agus an cheangal sin a choimeád go láidir leis an pobal atá againn anseo."

Bhfuil aon géirchéim tithíochta ann sa Bhruiséil nó aon chuid dá leithéid?

"Cosúil le gach príomh-cathair ar fud an domhain tá na praghasanna ag ardú ach fós níl sé cosúil le Bleá Cliath. Anseo is dócha mar gur cathair 'transient' atá sa Bhruiséil, tagann daoine go minic agus fágann siad tar éis sé mhí nó bliain tar éis intéarnacht de shaghas éigin a dhéanamh, tá sé níos éasca áit sealadach a fháil. B'fhéidir go bhfuil sé beagáinín deacair áit buan a fháil ach tá caighdeán na tithe anseo i bhfad níos fearr ná na tithe i mBleá Cliath."


Agus an chíos réasúnta?

"Sea, ar an iomlán tá an chíos i bhfad níos réasúnta ná sa bhaile, tá."

Cad é an rud is fearr leat fé bheith ag cur fút sa Bhruiséil?

"Is dócha an pobal atá againn anseo agus gur féidir liom saol idirnáisiúnta a bheith agam ach ag an am céanna a bheith im Éireannach - an saol Éireannach a choimeád go láidir."

La Vie sa Bhruiséil, Eagrán 1 anocht, 9ú Nollaig ag 8 pm