Labhair Tús Áite leis an Teachta Dála nua thofa do Chuan Bhaile Átha Cliath, Barra Ó hÉineacháin nó Barry Heneghan mar ionadaí neamhspleách san olltoghcháin.
Is ar chúrsaí oideachais Gaeilge a dhírigh láithreoir Tús Áite, Fachtna Ó Drisceoil, leis an dTeachta nua, atá an-bháúil leis an dteanga, ach a bhfuil roinnt mhaith dúshlán os a chomhair agus é anois ina ionadaí poiblí.
Is léir go bhfuil mian an pholaiteoir aiclí in Heneghan, óir go ndearna sé gach iarracht gan ceisteanna Fhachtna a fhreagairt. Dhiúltiagh sé aon 'goss' a roinnt leis an iriseoir, lasmuigh de labhairt fé fhadhbanna Gaelcholáiste Reachrainn.

Tá cur chun cinn na Gaeilge ar cheann de spriocanna Heneghan agus dhaingnigh sé go mbeadh sé ag stocaireacht 'céad faoin gcéad' ar son fhoirgnimh buan a lorg don Ghaelcholáiste.
Ar cheistiú breise ó Fhachtna, do mhol Heneghan an tacaíocht a fuair sé ó Finian McGrath, iar TD neamhspleách é féin, agus an tuiscint aige óna thréimhse san Dáil, tráth go raibh sé ina bhall rialtais.
D'iarr Fachtna air chomh maith fén gcruinniú a bhí aige le ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, atá i mbun cainteanna le neamhspleáigh i measc eile féachaint le comhrialtas a chur ar bun leo siúd a bheadh cuí.
Agus luaigh Heneghan clocha polasaí ar a mbeidh sé dírithe - seirbhísí do Bhleá Cliath, tithíocht, bochtannas leanaí agus cosaint do phobail cois farraige ón athrú aeráide.
Tús Áite, Luan-Aoine, 5i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.