Bhfuil tú i bponc fé na bronntanais cuí le ceannach dod mhuintir an Nollaig seo? Ná bí! Léigh leat le feiscint cad tá á mholadh ag Áine Ní Bhreisleáin agus a rogha féiríní breátha atá ar fáil ó ghnónna Éireannacha agus Gaeltachta.
Tá'n Nollaig buailte linn agus am agaibh bheith ag ullmhú bhur liostaí do na bronntanais atá uaibh do chairde agus clann sula mbíonn barraíocht brú ama oraibh! Is deas an rud bronntanais a cheannacht atá déanta in Éirinn, le béim anseo ar thairgí Gaeilge nó cinn déanta sa Ghaeltacht.
Cupa Coinneála - Mara Duit
Bronntanas atá praicticiúil,snasta agus díreach ceart do shiúlóidí nó cruinnuithe caifénna Nollag, ná an Cupa Coinneála ón chomhlacht Conallach Mara Duit. Coinníonn an cupa seo do dheoch deas te nó fuar, más duine thú a ólann caifé oighrithe ag an am seo bliana!

Tá rogha de dhathanna ann agus seanfhocal 'Tús maith, leath na hoibre’ greannta ar an chupa fosta. Tá ábhar galánta eile ag Mara Duit ar a suíomh, ina measc cártaí Gaeilge agus málaí breátha, le mannaí Gaelacha orthu. Bliain úr agus pleananna úra - cé nach dtaitneodh dialann deas uathu mar bhronntanas ó Dhaidí na Nollag Rúnda?
Dialann Bhliantúil - Connect the Dots Design
Tá an dialann seo ón dearthóir Úna Méabh ag Connect the Dots Design foirfe don té i do shaol a dtaitníonn ord agus eagar leo, coinní a bheith breactha síos agus clár ama na seachtaine agus na míosa acu in áit amháin.

Tá spás ann do phleananna lae agus seachtaine agus fairsinge go leor ann do chúpla rún ach néata don mhála scoile nó mála láimhe!
Geansaí Nollaig - Gaeilgheansaí
‘Bí bródúil’ an mana atá ag an chomhlacht Gaeilgheansaí, agus beidh tú bródúil agus teolaí an Nollaig seo sa gheansaí is úire atá acu, ceann deas dearg don fhéile atá romhainn. Seo bronntanas a bheadh go maith do chóisir na ngeansaithe a bhíonn ag go leor an am seo bliana, agus ceann le tarraingt as an phrios achan Nollaig le cur ort arís.

Más fearr leat geansaí níos ginearálta a fháil mar bhronntanas, tá rogha mór dathanna acu lena mana ‘Tá Gaeilge agam’ oiriúnach do chách ar an suíomh.
T-léinte - Mireog
Ag fanacht le éadach agus comhlacht as an tSeanphobal i nGaeltacht na nDéise, Mireog, a bhfuil t-léinte acu déanta as cadás orgánach. Roghnaigh mé ceann anseo ‘Tír gan Teanga , Tír gan Anam’ a bhfuil dearadh air sna 6 cinn de theangacha Ceilteacha.

Tá na t-léinte seo bog, compórdach agus faiseanta, agus rogha de chinn do mhná, nó daoibhse gur maith libh an méid teannta feistis! Pioc dearadh smugairle róin, bandéithe na tíre nó ciaróg bheag i measc go leor eile uaidh Mireog.
Bran sa Bhosca - An Siopa Leabhar
Ní Nollaig go bronntanas deas léitheoireachta agus is deacair Bran, an coileán álainn a bhualadh. Is iomaí duine againn a fuair cóip d'eachtraí Bhrain, ach tá pacáiste gleoite ag An Siopa Leabhar, bréagán bog de Bhran agus an leabhar clúiteach Cá Bhfuil Bran?

Má tá babaí úr sa teach ag cara leat an Nollaig seo, ceannaigh seo daofa, le cara dílis Gaelach a bheith acu ag fás aníos. Tá leabharthaí eile faoi Bhran agus na céadta eile le fáil ag an Siopa Leabhar a chairde!
'Polcaphonc' Éabhlóid
Do na páistí beaga agus móra thart ort, tabhair bronntanas an cheoil daofa le pacáiste ildaite spleodrach Éabhlóid, comhlacht foilsitheoireachta as Dún na nGall, agus an cnuasach amhráin ‘Polcaphonc’ curtha le chéile ag Doimnic Mac Giolla Bhríde agus taifeadtha ag páistí bun agus meánscoile.

Tá amhrán faoi Dhaidí na Nollag, faoi chúrsaí comhshaoil agus faoi thaibhsí meidhreacha anseo a choinneoidh an chraic ag gabháil imeasc óg agus níos sine.
2025 Seanfhocail Calendar - Prints of Ireland
Ceannaím féin féilirí ar mhaithe le na léaráidí agus pictiúirí deasa chomh maith le spás a bheith agam cúpla rud a scríobh orthu ó mhí go mí, agus má thaitníonn dath agus seanfhocail leat, gabh chuig suíomh Prints of Ireland go gasta! Tá féilire 2025 Seanfhocail acu, le ealaín snasta, cliste a choinneoidh do bhliain úr ceart agus eagraithe.

Boxed set of three bird decorations - Sinéad Lough Ceramics
Taitníonn sé liom i gcónaí cúpla maisiúchán úr a cheannacht mar bhronntanas deas, agus tá na cinn seo déanta i gcroílár na Gaeltachta, ag Sinéad Lough ina ceardlann i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Tá éanacha beaga lámh dhéanta as poircealláin aici, le díol ina n-aonar nó mar chnuasach de thriúr nó seisear, agus rogha dathanna ar fáil.

Nach gcuirfeadh seo go mór le do chrann, na héanacha beaga crochta ó na craobhacha don Nollaig? Más ábhar tí atá uait, tá rogha cupaí agus mugaí ar líne ag Sinéad Lough, agus neart eile ina siopa i gCiarraí.
Triangle Scarf - Fiadh
Bíonn rún againn uilig a dhul amach san aer úr ag siúl idir an Nollaig agus an Bhliain Úr, le éalú ón teach tamall, ach is minic go stopann an drochaimsir muid. Ní bheidh leithscéal agat gan a bheith amuigh agus tú cuachta go faiseanta i scairf breá ón dearthóir agus fíodóir Fiadh Durham, a bhfuil siopa aici sa Daingean.

Faigheann sí ionspioráid ó nádúr agus an tírdhreach thart uirthi, agus taitníonn na dathanna nádúrtha a úsáideann sí go mór liom. Mairfidh an scairf seo na blianta duit agus b’fhéidir nár mhaith leat á bhronnadh ar dhuine eile, ach a choinneáil fá do choinne féin!
Warmth and Wonder Christmas Box - McNutt of Donegal
Ar deireadh, beidh tú te teolaí sa bhaile, ar an tolg leis an bhronntanas breá seo ó chomhlacht fíodóireachta McNutt, as na Dúnaibh i nDún na nGall.

Tá pacáiste acu de phlaincéad olann McNutt agus idirleatóir lán de chumhráin Nollaigiúil. Thig leat do rogha dath a roghnú don phlaincéad Merino, agus bheadh seo ina bhronntanas álainn do dhuine ar bith le cuma dheas a chuir ar a seomraí suí nó seomra leapa.
Ceannaigh in Éirinn an Nollaig seo!