Bheadh aithne ag gnáth-éisteoir RTÉ Raidió na Gaeltachta cheana féin ar dhuine de na daoine atá i measc na dteachtaí Dála nua atá tofa don Dáil, Naoise Ó Cearúil, toisc a chuid stocaireachta ar son na Gaeilge le roinnt mhaith blianta.
Labhair Fachtna Ó Drisceoil leis an ionadaí poiblí nua-thofa ar an gclár Tús Áite Dé Máirt.
Ar na hábhar a pléadh bhí an bhaint a bhí ag a thuismitheoirí le bunú na Gaelscoile i Má Nuad agus an bhaint a bhí ag Naoise féin le Gaelcholáiste Má Nuad agus an t-éileamh atá ann do Ghaelcholáistí ar fud na tíre.

Mar is nós leis an Drisceoileach, ní raibh sé taobh thiar den doras leis na ceisteanna crua, ach oiread, agus lorg sé tuairimí an dTeachta Dála nua féna rogha comhrialtais chomh maith leis an gceist atá ag crá baill áirithe d'Fhianna Fáil agus Fine Gael - cén socrú a bheidh ann maidir le cluiche pócar jab an Taoiseach - stick or twist, cloígh nó rothlaigh?
Tús Áite, Luan go hAoine ag a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.