skip to main content

Lots of great tee-vee and movies an Nollaig seo le TG4

Die Hard. Clasaic ar leith i measc rogha scannáin TG4 don Nollaig.
Die Hard. Clasaic ar leith i measc rogha scannáin TG4 don Nollaig.

An Cailín Ciúin, George Michael Live in London, Peil na mBan ag 50 agus scéala An Bothy Band i measc cuid den saibhreas atá á sholáthar ag TG4 i rith na Nollag.

Craolfar An Cailín Ciúin, scannán a bhfuil ainmniúchán Oscar faighte aige, den chéad uair riamh ar an teilifís ag 8pm Lá Nollag ar TG4.

An Cailín Ciúin, Catherine Clinch. 8i.n. Lá Nollag.

I measc chláracha faisnéise an tséasúir seo beidh Na Lumière Gaelacha a chraolfar ag 9:10pm Lá Fhéile Stiofáin. Tabharfar léargas sa chlár faisnéise seo ar shaol draíochtúil triúr deartháireacha James (Jim), Thomas (Tom) agus Philip (Phil) Horgan. Thug triúr buachaillí óga as Eochaill i gCorcaigh faoi deara go raibh solas ag scaladh ar mhórthír na hEorpa agus de bharr gur shocraigh an triúr an solas sin a fhiosrú d’éirigh leo domhan na scannánaíochta agus na beochana a fhorbairt anseo in Éirinn.

Craolfar Thomas Moore - Bard na hÉireann ag 8.25pm ar an 28 Nollaig, clár ina dtabharfar léargas ar shaol agus ar shaothar ríspéisiúil Moore. Tabharfar deis freisin sa chlár cluas éisteachta a thabhairt do leaganacha nua de na hamhráin is cáiliúla dá chuid, amhráin amhail The Minstrel Boy agus The Last Rose of Summer, ó cheoltóirí na linne seo, Duke Special agus Méav Ní Mhaolchatha ina measc. Níl mórán eolas againn faoi shaol Moore a rugadh beagnach 250 bliain ó shin.

Opry le Daniel: Ómós do Joe Dolan

Dúnadh doirse an tí tábhairne Tigh Hughes i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath den uair dheiridh i ndiaidh bhás úinéir an tí. Sa scannán Farewell to Hughes, a chraolfar ag 8.30pm ar an 29 Nollaig, cuirfidh Brendan Gleeson agallaimh ar cheoltóirí, ar dhamhsóirí agus ar amhránaithe chun scéal an tí tábhairne neamhshuntasaigh seo agus an méid a chur sé lena shaol féin agus le saol an cheoil thraidisiúnta a insint.

50 bhliain Pheile na mBan.

Clár faisnéise speisialta in ómós do 50 bliain de Pheil na mBan is ea LGFA@50 (22/12 4pm). Tabharfar an lucht féachana ar aistear chuig croílár an spóirt, ón bpáirc áitiúil go dtí Páirc an Chrócaigh.

An Bothy Band ISL (6.25pm Lá Nollag) Tiocfaidh an banna ceoil thraidisiúnta is fearr in Éirinn le chéile arís don chlár faisnéise speisialta seo. Craolfar an clár faisnéise seo Lá Nollag agus beidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil lena linn. Féachfar sa chlár faisnéise ar leith seo, ina mbeidh agallaimh agus ina dtabharfar léargas ar an méid a tharlaíonn cúlstáitse le linn cleachtaidh, ar scéal an Bothy Band agus ar oidhreacht an ghrúpa.

The Bothy Band.

Clár faisnéise ar caitheadh cúpla bliain á thaifeadadh is ea An Chliath Oilimpeach (2/1 7.15pm) agus ina dtugtar léargas ar an iomaí constaic arbh éigean do Dhiarmuid Clancy a shárú le linn dó a bheith ag traenáil do na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo sa bhliain 2020.

Bí in éineacht le Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin ag 11.30pm i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste óna gcraolfar Fáilte 2025 chun fáilte a chur roimh an mBliain Nua ar TG4 leis na ceoltóirí agus na hamhránaithe is fearr, amhail Máire Ní Bhraonáin, Ríoghnach Connolly, John McSherry, Piaras Ó Lorcáin agus go leor eile. In éineacht le Fiachna Ó Braonáin sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath beidh Aoife Scott, Liam O'Connor, Meave Mulligan agus The Mary Wallopers, Andrew Hendy, agus in éineacht le Síle Seoige i dTigh Chualáin i nGaillimh beidh Róisín Seoige le hImlé, Conor Connolly, Sorcha Costello agus Na Fíréin.

Pauline Scanlon, Mary Coughlan augs Johnny Óg Connolly ar Geantraí na Nollag.

Beidh scoth an cheoil thraidisiúnta ar Geantraí na Nollag ag 9.35pm Lá Nollag. Taifeadadh an clár sa teach tábhairne cáiliúil Tigh Hughes ar an Spidéal agus is í an t-amhránaí mór le rá Pauline Scanlon a chuirfidh i láthair é.

I dteannta Pauline beidh Johnny Óg Connolly, Mary Coughlan & a banna ceoil, Mary Bergin, Eilish Lennon, Seán Lennon, Pádraig Ó Dubhghail, Seosamh Ó Neachtain, Fergal Scahill, Ryan Molloy, Pádraig Jack & Band, Galvian Way & Cór Chois Farraige. Carna an Cheoil agus na nAmhrán 1/1/25.

Tá sluaite de bhailitheoirí ceoil ag tabhairt cuairt ar Charna i nGaeltacht Conamara le breis is céad bliain de bharr thraidisiúin Ghaelacha an cheantair. Tabharfar léargas domhain sa chlár seo ar oidhreacht bhríomhar Charna, ag caitheamh súil ghrinn ar na seoda ceoil a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus ag bualadh le muintir na háite atá ag coinneáil a gcultúr dúchais beo sa lá atá inniu ann.

Tommy Fleming.

Bainfidh duine ar bith a dtaitníonn ceol leo sult as an meascán d’amhránaithe agus de cheoltóirí idirnáisiúnta agus de bhunú na tíre seo araon. Taifeadadh Tommy Fleming- Christmas Songs for a Winter’s Night (7.15pm Oíche Nollag) beo i gCaisleán chluthar Bhéal Leice i mBéal an Átha os comhair a mhuintir agus a chairde féin & taifeadadh Tommy Fleming- Live in Galway Cathedral (30/12 7.15pm) in Ard-Eaglais na Gaillimhe os comhair lucht féachana.

Oasis beo i nGlaschú.

I measc na gceolchoirmeacha eile a chraolfar beidh: Oasis - Live at Glasgow Barrowlands (22/12/24), Elvis Costello: Live at the Liverpool Philharmonic Hall (23/12/24), The Pogues In Paris (25/12/24), Bruce Springsteen: Live in Dublin (26/12/24), George Michael: Live in London (2/1/25), agus go leor eile.

The Pogues in Paris.

Bain sult as spraoi na Nollag ar Ros na Rún, áit a mbeidh cúpla rún le scaoileadh. Caithfear súil siar ar phríomhchomórtais aonair na gcatagóirí éagsúla ó Oireachtas na Samhna 2024 sa chlár Súil Siar – Oireachtas 2024. 7 Lá - Súil Siar na Bliana (23/12 4.30pm) Súil siar ar na príomhscéalta a pléadh ar phríomhchlár nuachta agus cúrsaí reatha TG4.

Pléifear cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí geilleagair mar aon le cúrsaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Siar 20 Bliain (27/12 6.15pm). Caithfidh Máire T. Ní Mhadaoin agus an tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh súil ghrinn ar na scéalta náisiúnta agus réigiúnacha a d'eascair as eisiúint na bliana seo ón gCartlann Náisiúnta. Leagfar béim ar leith ar scéalta a bhaineann leis an nGaeilge agus le pobail Ghaeltachta.

Máire T. Ní Mhaidín ina láithreoir ar Siar 20 Bliain.

Tá muid faoi gheasa ceart ag imeachtaí spóirt le bliain anuas agus beidh deis eile agat súil a chaitheamh ar chuid de na mórimeachtaí sin in Cúil na Bliana (25/12 3.15pm) 30 de na cúil is fearr a scóráladh ar pháirc na hiomána agus na peile sa bhliain 2024 mar atá vótáilte ag an bpobal. Caithfear súil siar in GAA2024 na Scéalta (28/12 4.55pm) ar na scéalta is mó ó shéasúir Chumann Lúthchleas Gael, Chumann Pheil na mBan agus Camógaíochta 2024.

Deis eile súil a chaitheamh ar chuid de na cluichí Peile agus Iománaíochta a imríodh le bliain anuas. Ag Triall ar Chill na Martra (30/12 8.55pm) Reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí le linn dheireadh seachtaine saoire bainc mhí an Mheithimh. Ba é Cumann Peile Chill na Martra a d’óstáil an t-imeacht. Tabharfaidh eagraithe na féile agus imreoirí, bainisteoirí agus tacadóirí na bhfoirne peile go léir léargas dúinn ar an gcomórtas. Beidh rugbaí beo againn freisin le Rugbaí Beo Munster v Leinster (27/12 7pm). Rugbaí Beo Sharks v Stormers (28/12 2.55pm).

Cluiche na Bliana.

Craolfar réimse scannán freisin le linn aimsir na Nollag a mbainfidh gach duine sult astu. I measc na scannán Éireannach beidh Froggie (2024 Scannán Grinn) (23/12 9.30pm) Is iad Seán T Ó Meallaigh, Carrie Crowley, Gearoid Kavanagh, Lucia Evans agus Paul Oakley Stovall príomhaisteoirí an scannáin. Arna stiúradh ag Luke Morgan. Bhí Fiachra agus Tadhg i mbarr a réime ceart nuair a chas siad amhrán ar an teilifís lena bpuipéad Froggie nuair nach raibh siad ach 7 mbliana d’aois. Tá 25 bliana caite ó shin agus caithfidh siad teacht le chéile arís nuair a fhuadaítear Froggie.

Deis eile scannán cáiliúil le Bob Quinn, Poitín (1979) (29/12 7.15pm), a fheiceáil, an chéad scannán Gaeilge a rinneadh riamh. Cuireann beirt mheatachán scéin ar sheanfhear le go dtabharfaidh sé a chuid poitín dóibh. Is iad Cyril Cusack agus Mick Lally, Donal McCann agus Niall Tóibín príomhaisteoirí an scannáin.

Despicable Me 3.

I measc na scannán eile a chraolfar beidh Rocketman, Die Hard, Bridesmaids, High Fidelity, Spider-Man: Far from Home, Mamma Mia- Here We Go Again!, Knives Out, agus Pulp Fiction. I measc na scannán a mbainfidh an teaghlach go léir sásamh astu beidh Dr. Seuss’ How the Grinch Stole Christmas, Despicable Me 3, The Secret Life of Pets, Shrek 2, Stuart Little, Into the West, Doctor Dolittle 2, Fantastic Mr. Fox, About a Boy agus Marley & Me.

I measc na scannán a bheidh ar siúl i rith an lae beidh The Producers, The Italian Job, The BFG, Matilda, Diary of a Wimpy Kid, Oliver!, Babe, Vertigo, Beethoven, Some Like it Hot, agus The Seven Year Itch.