skip to main content

Eagrán Nollaig na hirise Comhar agus dhá leabhar seolta

Richie Conroy agus Tristan Rosenstock ag an seoladh. 
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Richie Conroy agus Tristan Rosenstock ag an seoladh. [Pic: Seán Ó Mainnín]

Sheol Comhfhreagraí Ealaíona agus Meáin RTÉ, Evelyn O'Rourke, eagrán Nollaig na hirise Comhar mar aon le dhá leabhar nua le Richie Conroy agus Tristan Rosenstock ag ócáid i lár na hardchathrach.

Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach COMHAR, Richie Conroy, Tristan Rosenstock agus Evelyn O'Rourke ag seoladh eagrán Iris COMHAR na Nollag [Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhí slua maith i láthair ag an imeacht liteartha, mar a mhíníonn Tristan Rosenstock, údar agus eagarthóir liteartha na hirise do RTÉ.ie/Gaeilge.

"Ócáid mhór bhliantúil í seoladh mhóreagrán na Nollag den iris Comhar agus déantar cúpla leabhar a sheoladh gach bliain chomh maith."

"Tharla i mbliana gur leabhar nua de mo chuid féin Inis Mara 2 (an dara ceann sa sraith), mar aon le leabhar nua le Richie Conroy dar teideal Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe (an tríú leabhar sa sraith) a sheol Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán RTÉ, Evelyn O'Rourke, aréir."

"Tá ardmheas agam ar Richie mar scríbhneoir agus bhí sé iontach an dá leabhar a cheiliúradh lenár muintir, lenár gcairde agus le pobal na Gaeilge."

"Tá bliain mhór curtha isteach ag LeabhairCOMHAR nuair a chuimhnímid gur roghnaíodh Inis Mara le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar i dtús na bliana, agus thug an leabhar Geansaithe Móra Gradam Love Leabhar Gaeilge ag Gradaim Leabhar An Post an mhí seo caite."

Evelyn O'Rourke ag an seoladh [Pic: Seán Ó Mainnín]

"Tá neart cainte le tamall anuas faoin ngá atá ann cur leis an soláthar leabhar do dhéagléitheoirí, agus sin é go díreach atá déanta ag LeabhairCOMHAR le Inis Mara 2 agus Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe."

Evelyn agus Don Conroy, athair Richie. [Pic: Seán Ó Mainnín]

Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe le Richie Conroy (maisithe ag Don Conroy) agus Inis Mara 2 le Tristan Rosenstock (maisithe ag Mark Wickham) ar díol anois.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Mír na Meáin ar Tús Áite ina bhfuil léirmheas ar eagrán na Samhna na hirise Comhar.