Tá Morgan de Móinbhíol as an tSean Phobail ar misean: Gaeilge agus oidhreacht na nDéise a chaomhnú tré lucht éisteachta a mhealladh le ceoil rince de gach saghas do gach aon aois.
Labhair Morgan le RTÉ.ie/Gaeilge fé na spriocanna seo agus an t-idéal a thiomáinean é.
"In 2022 bhunaigh mé an tionscail Dearg, sórt Co-Op atá ann, sórt 'collective' ceoil le sprioc ár ndúchas féin agus ár gcultúr a chaomhnú agus a fhorbairt tré seánraí ceoil nua-aimseartha cosúil le ceol rince, drum n bass agus rudaí mar sin."
Mar sin raibh sibh dírithe ar ghlúin níos óige leis an saghas rogha ceoil sin?
"Níl sé tosnaithe ach le cúpla mí ó thaobh bheith ag obair le daoine eile, táimse ann lárnach mar léiritheoir Dearg, ach táimid ag díriú ar lucht féachana ó gach aon glúin, i ndáiríre."
"Tá an cheol rince beagnach ceathardha bliain d’aois anois ós na 80daí déanacha go tús na 90daí."
"Chonaic mise The Prodigy ag All Together Now i mbliana i bPort Láirge agus bhí gach aon sórt glúin ann – bhí an-chuid de na glúin óga chun tosaigh – ach bhí gach éinne ann.
"Tá na leads in The Prodigy sna caogaidí anois, tá Maxi Jazz de chuid Faithless marbh – tá ceoil rince anois chomh sean go bhfuilimid ag cailliúint daoine. Tá Goldie sna caogaidí sílim, tá sé tar éis bogadh ar aghaidh ach fós tá sé úrnua an t-am ar fad, roinnt den stuif atá ag teacht amach."

Maireann sé, ach ó thaobh na Gaeilge de ansin tá tú ag iarraidh daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, ab ea?
"Is ea. Braithim go láidir go bhfuil easnamh fé leith ann laistigh den Ghaeltacht de cheoltóirí nua-aimseartha. Cíonn tú leithéidí IMLÉ, atá ar fheabhas, an-am agam go IMLÉ, tá Kneecap sa Tuaisceart agus ar fud na tíre agus mór thart timpeall na cruinne anois ach ó thaobh na Gaeltachta féin níl mórán go fóill ach táim ag súil go mbeidh níos mó ann agus ag iarraidh é sin a spreagadh."
"Chomh maith leis sin, ó thaobh na Gaeltachta s’againn féin de, tá eagla orm go bhfuil na focail Déiseacha dá chailliúint againn mar gur Gaeltacht chomh beag muid agus is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na focail seo agus an chanúint a tharraingt linn sa chultúr."
"Níl aon bhaol ann do chanúint Chonamara; tá na céadta paróistí ann, is saghas leath de Chontae na Gaillimhe é Conamara ach bhíodh canúint Déiseach tráth á labhairt chomh fada le Cill Chainnigh agus ag scaipeadh thart Chúige Laighean agus Cúige Mumhan ach anois níl ach dhá paróiste dá labhairt."
"Chun é a choimeád beo caithfidh tú é a chur i píosa ealaíne is dócha."

Macasamhail Chlann Mhic Ruairí nó Cór Thaobh a Leithead ó thuaidh agus samplaí nach iad ó dheas agus san iarthar – má tá Dearg dírithe ar an gcéad dul síos ar an gcaomhnú sin a luann tú ó thaobh cultúr agus foclóir na nDéise, tharais sin bhfuil sé i gceist bheith i láthair ag feilte i rith na bliana ag seinm?
"Ba bhreá liom a leithéid. Is dóigh liom go bhfuil ár ndóthain amhráin againn anois le seó nó albam a chur le chéile ach táim fíorbhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta óir gur thugadar an deontas Síol dom, a thug an deis dom amhránaí áitiúil, Dualta Mac Murchú, a fháilt isteach sa stiúideo, Blackwater Studios, i Mainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Morgan ag caint le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Agus má tá spéis ag éinne amhrán a scríobh duit, chaithfeadh canúint na nDéise a bheith acu mar sin?
"Ní chaithfidh, tá fáilte is fichead le Gaolainn nó Gáidhlig na hAlbain nó an Bhreatnais – na mionteangacha atá I gceist. Tá mé ag iarraidh an rud a dhein Niteworks a dhéanamh in Éirinn."
"Banna ceoil as Oileán Sgiathanach in Albain iad Niteworks a dhein jab iontach an cheoil Gaelach thuas ansan a mheascadh le ceol rince. Caithfimid dul thar nais ag an traidisiún sin, bheith ag rince leis an gceol rince, ní raibh daoine díreach ag faire ar leads le huirlisí ceoil.
"Chuir Niteworks drumaí agus synthesisers agus uirlisí a bhíonn ag ceol rince nua-aimseartha le chéile agus thosaigh daoine ag rince leis - bhí soilseoireacht iontach acu, leis. Ní fhaca mé riamh beo iad agus tá siad ag éirí as anois, faraor, ach is banna ceoil iontach ar fheabhas iad agus is ar a sampla siúd atáimse dírithe."
Bhronnadar an tóirse anois ortsa?
"Dhein, sea agus táimid fíorbhuíoch dóibh, ach is ambasadóirí iontach iad dos na Gael, is dócha."
Instagram an bealach is fuirist le teagmháil a dhéanamh le Morgan agus Dearg agus tá go leor dá ealaín le haimsiú ar YouTube.