skip to main content

Pobal na Gaeilge sa Bhruiséil, príomhchathair ilteangach na hEorpa

Seaghan Mac An tSionnaigh agus scoth foltach sionnaigh air, leis.
Seaghan Mac An tSionnaigh agus scoth foltach sionnaigh air, leis.

Ó hallaí na cumhachta i bParlaimint na hEorpa go páirceanna gníomhacha CLG i gcroílár na cathrach bríomhaire seo, leanann La Vie sa Bhruiséil roinnt de na Gaeilgeoirí atá ag tógáil saolta is slite beatha i bpríomhchathair ilteangach na hEorpa.

From the corridors of power in the European Parliament to the busy GAA pitches in the heart of this bustling city, La Vie sa Bhruiséil follows some of the Gaeilgeoirí building careers and homes in the multilingual capital of Europe.


Léiríonn La Vie sa Bhruiséil baill de phobal na Gaeilge atá ag méadú sa Bhruiséil agus iad ag dul i ngleic le saol ilteangach agus ilchultúrtha an AE.

La Vie sa Bhruiséil features members of the growing Irish language community in Brussels as they navigate a multi-lingual and multi-cultural world at the heart of the EU.

Ar dhuine de na daoine atá páirteach sa chlár is ea Seaghan Mac An tSionnaigh; Cat as Cill Chainnigh gur Sionnach anois é i measc Leoin na Beilge (leithscéal le Mícheál Ó Muircheartaigh). Tar éis dó sealanna a chaitheamh i dtíortha éagsúla thar, thuirling sé ar deireadh sa Bhruiséil. Mhínigh sé do RTÉ.ie/Gaeilge mar a tharla.

"Bhí cónaí orm i mBéal Feirste, bhíos ag gabháil don léachtóireacht agus bhí athrú gairme uaim. Chuireas isteach ar an gcomórtas EPSO - oifig phearsanra an Choimisiúin Eorpaigh le daoine a earcú – chun bheith im aistritheoir Gaeilge agus bhogas go dtí an Bhruiséil le bheith im aistritheoir Ghaeilge agus táim anois anseo beagnach cúig bliana anois."

Ba saghas fánaí tú roimhe seo agus spéis ar leith agat ach go háirithe i dteangacha na dtíortha inar chaith tú tréimhsí; sheachain tú na Gaeil sna háiteanna céana dá bharr ach tá pobal Gael, Éireannach aimsithe anois agat sa bhaile, as baile?

"Is dócha chun an mór-phictiúir a thabhairt duit, an rud a bhí dá rá agam sa chlár, ná go mbínn thar lear ag iarraidh teangacha a fhoghlaim agus mar gheall ar sin go mbínn ag seachaint na bpobal Éireannach – pobail agus 'bubble'!"

An Rinn abú i mbearbóir Tuirceach sa Bruiséil - Seaghan ag feitheamh ar bhearra gruaige.

Ach gur aimsigh tú ceann ar deireadh a bhí sásúil?

"Bhuel is cuma liom anois, ar shlí, ó thaobh teangacha de, tá dóthain jab agam na cinn atá agam a choimeád im cheann agus mé ag dul san aois – beidh mé 37 an bhliain seo chugainn."

"Táim ábalta roinnt mhaith teangacha a úsáid anseo; Fraincís gach lá sa Bhruiséil, agus Gaeilge dar ndóigh gach lá, Iodáilis go minic, Tuircis agus Gearmáinis chomh maith."

Cleachtadh laethúil an bealach is fearr le teangacha a choimeád, gan amhras?

"Sin é, mar shampla táim im chónaí i bhFlóndras, sa Phléamoinn, ach faraoir níl Ollónais agam, a chloisim go minic. Ach tá cúpla áit i bhFlóndras, ní mór iad, ina bhfuil an Fhraincís san uachtar agus roghnaigh mise ceann des na háiteanna san chun tigh a cheannach ann."

"Ar shlí tá an dá thrá á fhreastal agam, sé sin táim ábalta an Fhraincís a úsáid mar ghnáth theanga ach tá seirbhísí na Pléamoinne ar fáil dom agus tá seirbhísí poiblí níos fearr i bhFlóndras ná sa Bhruiséil is sa bhVallúin."

Mar fhocail scor deir Seaghan go bhfuil sé sona cuir faoi sa Bhruiséil gan súil aige ar aistriú fé láthair toisc dualgaisí jab agus tigh air, ach ag an am gcéanna go bhfuil sé in aois anois go bhfuil sé ag cur aithne níos críonna air féin agus ar a shaol. Agus nach méanar dó agus dá chomrádaithe imircigh thall, go bhfuil pobal cairde acu atá tuisceannach, is dócha, ar an méid sin?

La Vie sa Bhruiséil, Ep 1, Monday, 9th December '24, 8 pm

Ep 2, Monday, 16th December '24, 8 pm

Ep 3, Monday, 23rd December '24, 8 pm